A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Eanáir 18

Geineasas 35:1-29
1. Dúirt Dia le Iacób: «Éirigh agus imigh leat suas go Béitéil, agus cuir fút ann, agus déan altóir ann don Dia a thaispeáin é féin duit agus tú ag teitheadh ó do dheartháir Éasau.»
2. Dúirt Iacób lena theaghlach agus le cách a bhí ina theannta: «Cuirigí uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus déanaigí sibh féin a íonghlanadh agus cuirigí malairt éadaigh oraibh féin.
3. Éirimis ansin agus téimis suas go Béitéil chun go dtógfainn altóir ann do Dhia, an té a d' éist liom nuair a bhíos i gcruachás agus a bhí faram i ngach treo dár ghabh mé.»
4. Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim.
5. Chuireadar chun bóthair agus bhuail scéin ó Dhia na cathracha go léir máguaird i dtreo nach ndeachadar sa tóir ar chlann Iacóib.
6. Tháinig Iacób go Lúz Béitéil is é sin i dtír Chanán, é féin agus an mhuintir go léir a bhí fairis.
7. Thug sé altóir ansiúd agus thug sé Éil Béitéil ar an áit mar gur ansiúd a thaispeáin Dia é féin dó agus é ar teitheadh óna dheartháir.
8. Agus fuair Deaborá buime Ribeacá bás, agus adhlacadh í laistíos de Bhéitéil faoi chrann darach; thugadar Dair na nDeor dá bhrí sin ar an áit sin.
9. Thaispeáin Dia é féin arís eile do Iacób tar éis dó filleadh ó Phadan Arám agus bheannaigh sé é.
10. Dúirt Dia leis: «Iacób is ainm duit; ní thabharfar Iacób mar ainm ort feasta, ach beidh Iosrael mar ainm ort.» Thugadar Iosrael mar ainm air dá réir sin.
11. Agus dúirt Dia leis: «Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht.
12. An talamh seo a thug mé d' Abrahám agus d' Íosác, tugaim duit é; agus tabharfaidh mé an talamh seo do do shliocht i do dhiaidh.»
13. Ansin d' imigh Dia uaidh suas.
14. Chuir Iacób gallán cuimhneacháin ina sheasamh san áit inar labhair sé leis, gallán cloiche. Thoirbhir sé deoch ofrála air agus dhoirt sé ola air.
15. Thug Iacób dá réir sin Béitéil ar an áit inar labhair Dia leis.
16. D' fhágadar Béitéil agus nuair a bhíodar tamall fós ó Eafrát, tháinig ionú Ráchael, agus bhí pianta diana linbh uirthi.
17. Agus sna híona crua di dúirt an bhean ghlún léi: «Ná bíodh eagla ort, mar tá mac eile anseo agat.»
18. Nuair a bhí sí ar an dé deiridh agus í ag fáil bháis, thug sí Mac Mo Dhóláis air, ach thug a athair Biniáimin air.
19. Fuair Ráchael bás mar sin agus adhlacadh í ar an mbealach go hEafrát, is é sin Beithil.
20. Agus thóg Iacób lia os a leacht, agus sin é lia leacht Ráchael atá ann fós inniu.
21. Ar aghaidh le hIosrael, agus chuir suas a bhoth lastall de Mhigdeal Éidir.
22. Agus le linn dó a bheith ina chónaí sa dúiche sin luigh Reúbaen le Bileá, leannán a athar, agus ní gan fhios do Iosrael é.
23. Dáréag mac a bhí ag Iacób. Seo iad clann Léá: Reúbaen, céadghin Iacóib, ansin Simeon agus Léiví, agus Iúdá, agus Íosácár, agus Zabúlun.
24. Clann Ráchael: Iósaef agus Biniáimin.
25. Clann Bhileá, ionailt Ráchael: Dán agus Naftáilí.
26. Clann Zilpeá, ionailt Léá: Gád agus Áiséar. Sin iad an chlann mhac a rugadh do Iacób i bPadan Arám.
27. Shroich Iacób teach a athar Íosác i Mamrae, Ciriat Arba is é sin nó Heabrón, mar ar lonnaigh Abrahám agus Íosác.
28. Bhí céad agus ceithre fichid bliain slán ag Íosác
29. nuair a shíothlaigh sé. Fuair sé bás agus cruinníodh chun a mhuintire é, agus é anonn sna blianta agus a ré caite. Rinne a bheirt mhac, Iacób agus Éasau, é a adhlacadh.

Geineasas 36:1-43
1. Seo inár ndiaidh sliocht Éasau, Eadóm is é sin:
2. Phós Éasau mná de chuid Chanán: Ádá iníon Éalón an Hiteach, agus Oholabámá iníon Aná, mac Zibeon an Hórach,
3. agus Básamat iníon Ísmeáél, deirfiúr Nabáiót.
4. Rug Ádá Eilífeaz d' Éasau, agus rug Básamat Reúél.
5. Rug Oholabámá Ieúis, agus Ialám agus Corach. Sin iad clann mhac Éasau a rugadh dó i dtír Chanán.
6. Thug Éasau leis a mhná agus a chlann mhac agus iníonacha agus líon a thí go léir, agus a thréada, agus a tháinte go léir agus an mhaoin go léir a bhí cruinnithe aige i dtír Chanán; d' imigh sé i gcéin óna dheartháir Iacób.
7. Óir bhí an iomad maoine bailithe acu chun fanacht le chéile. Níorbh fhéidir don dúiche ina rabhadar ag lonnú ann iad araon a chothú le líonmhaire a dtréad.
8. Lonnaigh Éasau dá réir sin i Sliabh Shaeír. Is é Éasau Eadóm.
9. Is iad seo sliocht Éasau, sinsear na nEadómach i Sliabh Shaeír.
10. Seo iad ainmneacha clann mhac Éasau: Eilífeaz mac Ádá, bean Éasau, agus Reúél mac Bhásamat, bean Éasau.
11. Ba iad clann Eilífeaz: Téamán Ómár, Zafó, Gatám agus Canaz.
12. Ba í Timneá leannán Eilífeaz mac Éasau, agus rug sí Amailéic dó. Agus is iadsan mic Ádá bean Éasau.
13. Seo iad clann mhac Reúél: Nachat agus Zarach, Seamá agus Mizeá. Is iadsan clann mhac Bhásamat, bean Éasau.
14. Seo iad clann mhac Oholabámá, iníon Aná, mac Zibeon: rug sí dó Ieúis, Ialám agus Corach.
15. Seo iad taoisigh chlann mhac Éasau: Clann mhac Eilífeaz, céadghin Éasau: an taoiseach Téamán, an taoiseach Ómár, an taoiseach Zafó, an taoiseach Canaz,
16. an taoiseach Corach, an taoiseach Gatám, an taoiseach Amailéic. Iadsan taoisigh Eilífeaz i dtír Eadóm; iadsan mic Ádá.
17. Seo iad clann mhac Reúél, mac Éasau: an taoiseach Nachat, an taoiseach Zarach, an taoiseach Seamá, an taoiseach Mizeá; iadsan taoisigh Reúél i dtír Eadóm; iadsan mic Bhásamat, bean Éasau.
18. Seo iad clann mhac Oholabámá bean Éasau: an taoiseach Ieúis, an taoiseach Ialám, an taoiseach Corach. Iadsan na taoisigh a rug Oholabámá, iníon Aná bean Éasau.
19. Sin iad clann mhac Éasau, agus sin iad a dtaoisigh. Sin é Eadóm.
20. Seo síos sliocht Shaeír an Hórach, dúchasaigh na tíre: Lótán, Seobál, Zibeon, Aná,
21. Diseon, Éisir, agus Diseán; iadsan taoisigh na Hórach clann Shaeír i dtír Eadóm.
22. Ba iad Hoirí agus Héamám clann Lótán, agus ba í Timneá deirfiúr Lótán.
23. Seo iad clann Seobál: Alván, Mánachat, Éabál, Seafó agus Ónám.
24. Seo iad clann Zibeon: Aiá agus Aná an tAná úd a d' aimsigh na toibreacha teo san fhásach agus é ag aoireacht asail a athar Zibeon.
25. Seo iad clann Aná: Diseón agus Oholabámá iníon Aná.
26. Seo iad clann Dhiseón: Hemdeán, Eisbeán, Itreán agus Carán.
27. Seo iad clann Éisir: Bileán, agus Záván agus Acán.
28. Seo iad clann Dhiseán: Úz agus Arán.
29. Seo iad taoisigh na Hórach: an taoiseach Lótán, an taoiseach Seobál, an taoiseach Zibeon, an taoiseach Aná,
30. an taoiseach Diseón, an taoiseach Éisir, an taoiseach Diseán. Sin iad taoisigh na Hórach de réir a dtreibheanna i dtír Shaeír.
31. Seo iad na ríthe a bhí i réim i dtír Eadóm sula dtáinig aon rí Iosraelach i réim.
32. Bhí Beala mac Bheor ina rí ar Eadóm agus Dineábá a ba ainm dá chathair.
33. D' éag Beala agus tháinig Ióbáb mac Zearach ó Bhozrá i réim ina dhiaidh.
34. D' éag Ióbáb agus tháinig Húiseám ó thír na dTéamánach i réim ina dhiaidh.
35. D' éag Huiseám, agus Hadad mac Badad, an té a chloígh Midián i gcríoch Mhóáb, tháinig sé i réim ina dhiaidh, agus Aivit a ba ainm dá chathair.
36. D' éag Hadad agus tháinig Samlá, ó Mhasraecá, i réim ina dhiaidh.
37. D' éag Samlá, agus tháinig Seáúl ó Rachobót ar an Eofrataes ina dhiaidh.
38. D' éag Seáúl agus tháinig Bálchánán mac Acbór i réim ina dhiaidh.
39. D' éag Bálchánán mac Acbór agus tháinig Hadad i réim ina dhiaidh, agus Páú a ba ainm dá chathair. Mihéataibil iníon Mhatraed, iníon Mhé Záháb, a ba ainm dá bhean.
40. Seo iad ainmneacha taoisigh Éasau de réir a dtreibheanna agus a gcríoch ó ainm: an taoiseach Timneá, an taoiseach Alvá, an taoiseach Iataet,
41. an taoiseach Oholabámá, an taoiseach Éalá, an taoiseach Píonon,
42. an taoiseach Canaz, an taoiseach Téamán, an taoiseach Mibzeár,
43. an taoiseach Maigdiél, an taoiseach Íorám. Sin iad taoisigh Eadóm, de réir a n-áitreabh sa tír ba leo; sé Éasau sinsear Eadóm.

Salm 9:6-10
6. 7 Tá na naimhde arna gcloí, arna milleadh go deo; leag tú a gcathracha ar lár; chuaigh a gcuimhne ar ceal.
7. 8 Tá an Tiarna faoi réim go brách; shocraigh sé a chathaoir a thabhairt breithiúnas.
8. 9 Tugann sé breith ar an gcruinne go cóir, agus ceart do na ciníocha go cothrom.
9. 10 Tá an Tiarna ina dhaingean dá mbíonn faoi chois, ina dhaingean in am na hiaróige;
10. 11 Cuireann do lucht aitheantais a ndóchas ionat óir ní thréigeann tú do lucht iarrtha, a Thiarna.

Seanfhocal 3:27-30
27. A mhic, ná coinnigh an mhaith ón té dar dual í nuair is féidir leat í a chur i ngníomh.
28. Ná habair le do chomharsa: «Imigh leat agus fill arís; tabharfaidh mé duit amarach é» nuair atá sé faoi do láimh.
29. Ná beartaigh olc in aghaidh do chomharsan, agus é ag maireachtáil go sochma i mbéal do dhorais.
30. Na déan achrann gan ábhar le duine nach ndearna aon dochar duit.

Matha 12:22-50
22. Diamhasla na bhFairisíneach
23. Agus tháinig alltacht ar na sluaite uile agus bhí siad ag rá: «An féidir gurb é an duine seo Mac Dháiví?»
24. Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: «Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.»
25. Bhí a fhios aige cad a bhí ina gcroí agus dúirt sé leo: «Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus níl cathair ná teaghlach a bhíonn ar deighilt ina aghaidh féin a fhéadfaidh seasamh.
26. Agus más é Sátan a chaitheann Sátan amach, tá sé ar deighilt ina aghaidh féin, agus dá réir sin conas a sheasfaidh a ríocht?
27. Agus más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd a gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh.
28. Ach más trí Spiorad Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh cheana.
29. Nó fós, conas a d' fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a shlad gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús? Ansin creachfaidh sé a theach.
30. An té nach bhfuil liom tá sé i m' aghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann.
31. «Mar sin, táim á rá libh go maithfear do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla; ach diamhasla in aghaidh an Spioraid, ní bhfaighfear maithiúnas ann.
32. Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht.
33. Déanaigí maith an crann agus maith a thoradh, nó déanaigí olc an crann agus olc a thoradh; óir is ar a thoradh a aithnítear an crann.
34. A sceith na bpéisteanna, conas a d' fhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal?
35. Tógann an dea-dhuine dea-nithe amach as a dhea-stór, agus tógann an drochdhuine drochnithe amach as a dhrochstór.
36. Ach deirim libh, gach focal gan bhun dá labhróidh daoine, tabharfaidh siad cuntas ann lá an bhreithiúnais,
37. óir is as do bhriathra a shaorfar thú agus is as do bhriathra a dhaorfar thú.»
38. Ansin labhair cuid de na scríobhaithe agus de na Fairisínigh leis: «B' áil linn, a Mhaistir,» ar siad, «comhartha a fheiceáil uait.»
39. Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: «Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna fáidh.
40. Óir, amhail mar a thug Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg na hollphéiste, sin mar a bheidh Mac an Duine i gcoim na talún trí lá agus trí oíche.
41. Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d' fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.
42. Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo agus daorfaidh sí í, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.»
43. «Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus ní fhaigheann.
44. Deir sé ansin: 'Rachaidh mé ar ais chun mo thí as ar tháinig mé amach.' Agus ar theacht dó, faigheann sé folamh é, scuabtha, maisithe.
45. Imíonn sé ansin agus beireann sé in éineacht leis seacht spioraid eile is measa ná é féin: téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús. Sin mar a bheidh an scéal ag an drochghlúin seo freisin.»
46. Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis.
47. Dúirt duine éigin leis: «Feach, tá do mháthair agus do bhráithre lasmuigh ag iarraidh labhairt leat.»
48. Agus dúirt leis an té a d' inis dó é: «Cé hí mo mháthair agus cé hiad mo bhráithre?»
49. Agus ag síneadh a láimhe faoina chuid deisceabal, dúirt: «Féach mo mháthair agus mo bhráithre!
50. óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil m' Athar atá ar neamh, is bráthair dom é agus is siúr agus is máthair.»