Instagram
English
A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Eanáir 11

Geineasas 21:1-34
1. Thug an Tiarna cuairt ar Shárá mar a dúirt sé, agus rinne sé di mar a gheall sé.
2. Agus ghabh Sárá gin agus rug sí mac d' Abrahám ina sheanaois ag an am a gheall Dia dó.
3. Íosác an t-ainm a thug Abrahám ar an mac a rugadh dó, an mac a rug Sárá dó.
4. Rinne Abrahám timpeallghearradh ar a mhac Íosác nuair a bhí sé ocht lá d' aois faoi mar a d' ordaigh Dia dó.
5. Bhí Abrahám céad bliain d' aois nuair a rugadh a mhac Íosác dó.
6. Ansin dúirt Sárá: «Thug Dia cúis gháire dom; gach a gcloisfidh, déanfaidh siad gáire liom.»
7. Lean sí uirthi: «Cé déarfadh le hAbrahám go dtabharfadh Sárá cíoch do chlann! Ach tá mac tugtha agam dó ina sheanaois.»
8. D' fhás an leanbh agus baineadh den chíoch é, agus rinne Abrahám fleá mhór an lá a baineadh Íosác ó dheol.
9. Bhí Sárá ag faire ar mhac Hágár, an tÉigipteach mná, an mac a rug sí d' Abrahám, ag súgradh [lena mac Íosác].
10. Dúirt sí le hAbrahám: «Tiomáin chun siúil an daoirseach seo agus a mac, óir ní bheidh mac na daoirsí i bpáirt chun na hoidhreachta le mo mhacsa Íosác.
11. Ghoill an chaint sin go mór ar Abrahám de bharr a mhic,
12. ach dúirt Dia leis: «Ná bíodh ceist an ógánaigh agus na daoirsí ag goilliúint ort; cibé rud a deir Sárá leat a dhéanamh, déan rud uirthi, mar is trí Íosác a mhairfidh d' ainm i do shíol.
13. Ach déanfaidh mé cine de mhac na daoirsí mar an gcéanna mar gurb é do shíolsa é.»
14. D' éirigh Abrahám go moch ar maidin dá bhrí sin agus fuair sé arán agus seithe uisce agus thug do Hágár iad; d' ardaigh sé an leanbh ar a gualainn agus chuir chun siúil í. D' imigh sí léi agus bhí ar seachrán ar fud fásaigh Bhéar Seaba.
15. Nuair nach raibh braon uisce fagtha sa tseithe chuir sí an leanbh uaithi faoi thor.
16. Ansin d' imigh sí agus shuigh os a choinne sall tamall maith ó bhaile, timpeall raon saighde agus dúirt sí léi féin: «Ní fhéadfainn a bheith ag faire ar an leanbh ag fáil bháis.» Agus shuigh sí os a choinne sall agus bhí an leanbh ag gol go hard agus shil sé na deora.
17. Chuala Dia olagón an linbh agus ghlaoigh aingeal Dé ar Hágár ó neamh: «Cad tá ort, a Hágár?» a d' fhiafraigh sé; «ná bíodh eagla ort óir tá éiste ag Dia le glór an linbh ón áit ina bhfuil sé.
18. Éirigh, tóg an leanbh agus coinnigh greim docht láimhe air, mar déanfaidh mé cine mor de.»
19. Ansin d' oscail Dia súile Hágár agus chonaic sí tobar uisce, agus d' imigh agus líon an tseithe d' uisce agus thug deoch don leanbh.
20. Agus bhí Dia leis an leanbh agus d' fhás sé agus chuir faoi san fhásach agus bhí sé oilte ar an tsaighead.
21. I bhfásach Párán a chuir sé faoi agus fuair a mháthair bean dó ó thír na hÉigipte.
22. Um an dtaca sin tháinig Aibímeilic agus Fíocol, a thaoiseach airm, agus dúirt le hAbrahám: «Bíonn Dia leat i ngach ní a dhéanann tú.
23. Mionnaigh dar Dia dá bhrí sin anseo domsa nach ndéanfaidh tú calaois ormsa ná ar mo chlann ná ar mo shliocht, ach ó bhios-sa cineálta leatsa go mbeidh tusa chomh cineálta céanna liomsa agus leis an bhfearann ina bhfuil tú le seal.» «Déanfad,» arsa Abrahám, «mionnaim sin duit.»
24. Agus rinne Abrahám gearán le hAibímeilic i dtaobh tobair a ghabh searbhóntaí Aibímeilic le láimh láidir.
25. «Ní eol dom,» arsa Aibímeilic, «cé rinne é seo.
26. Níor luaigh tú féin aon ní liom faoi, ná níor chuala mise focal faoi go dtí inniu.»
27. Thug Abrahám caoirigh agus eallach leis ansin agus bhronn ar Aibímeilic iad agus rinneadar conradh le chéile.
28. Chuir Abrahám seacht bhfóisc den tréad i leataobh.
29. «Cad is ciall leis na seacht bhfóisc seo á gcur i leataobh agat?» a d' fhiafraigh Aibímeilic d' Abrahám.
30. D' fhreagair seisean: «Ní foláir duit na seacht bhfóisc seo a ghlacadh ó mo láimh mar fhianaise gur mise a thochail an tobar seo.»
31. Uime sin a tugadh Béar Seaba (Tobar an Mhionna) ar an áit mar gur mhionnaíodar araon ann.
32. Nuair a bhí an conradh déanta acu i mBéar Seaba dá réir sin, chuir Aibímeilic agus Fíocol, an taoiseach airm, chun siúil agus d' fhilleadar ar thír na bhFilistíneach.
33. Phlandaigh Abrahám crann tamaraisce i mBéar Seaba agus ghlaoigh ansiúd ar ainm an Tiarna, Dia síoraí.
34. Agus d' fhan Abrahám tamall fada i dtír na bhFilistíneach.

Geineasas 22:1-24
1. Tamall ina dhiaidh sin chuir Dia promhadh ar Abrahám: «A Abrahám, a Abrahám,» ar sé. «Anseo dom,» ar seisean.
2. «Tóg leat do mhac,» arsa Dia leis, «d' aonmhac Íosác ar a bhfuil do ghreann, agus imigh go tír Mhoiriá, agus déan é a íobairt ansiúd ina íobairt dhóite ar chnoc a thaispeánfaidh mé duit.»
3. D' éirigh Abrahám go moch ar maidin, chuir an diallait ar an asal, rug leis beirt dá shearbhóntaí agus a mhac Íosác. Ghearr sé an t-adhmad don íobairt dhóite agus chuir chun bealaigh i dtreo na háite a dúirt Dia leis.
4. Ar an tríú lá thóg Abrahám a shúile agus chonaic sé an áit i bhfad uaidh.
5. Ansin dúirt Abrahám lena shearbhóntaí: «Fanaigíse anseo leis an asal; rachaidh mise agus an gasúr ansiúd sall; déanfaimid adhradh agus ansin filleadh oraibh.»
6. Thóg Abrahám adhmad na híobartha dóite, agus chuir ar muin a mhic Íosác é; agus rug leis ina láimh an tine agus an scian agus chuir siad araon chun siúil le chéile.
7. Dúirt Íosác lena athair Abrahám: «A dhaid,» ar sé. «Anseo dom!» arsa Abrahám. «Seo é an tine,» ar sé, «agus an t-adhmad, ach cá bhfuil an t-uan d' íobairt dhóite?»
8. D' fhreagair Abrahám: «Cuirfidh Dia féin an t-uan ar fáil don íobairt dhóite,» agus ar aghaidh leo araon le chéile.
9. Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t-adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad.
10. Shín Abrahám a lámh amach, agus rug greim ar an scian chun a mhac a mharú.
11. Ach ghlaoigh aingeal an Tiarna air ó neamh agus dúirt: «A Abrahám, a Abrahám.» Dúirt sé: «Anseo dom.»
12. Dúirt sé: «Ná leag lámh ar do mhac, agus ná déan aon dochar dó; óir tá a fhios agam anois go bhfuil eagla Dé ort, mar níor dhiúltaigh tú do mhac, d' aonmhac, dom.»
13. Ansin d' ardaigh Abrahám a shúile agus féach, laistiar de bhí reithe agus a adharca in achrann i dtor; thóg Abrahám an reithe agus d' ofráil é mar íobairt dhóite in áit a mhic.
14. Thug Abrahám «Soláthar ón Tiarna» ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: «Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.»
15. Agus ghlaoigh aingeal an Tiarna ar Abrahám athuair ó neamh:
16. «Mhionnaigh mé dar mise féin focail an Tiarna iad seo ós rud é go ndearna tú an rud seo agus nár dhiúltaigh tú do mhac, d' aonmhac féin, dom,
17. dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde.
18. Beannóidh ciníocha uile an domhain iad féin dar do shliocht mar gur ghéill tú do mo ghlór.»
19. D' fhill Abrahám ansin ar a shearbhóntaí agus d' imíodar le chéile go Béar Seaba, agus chuir Abrahám faoi i mBéar Seaba.
20. Tamall ina dhiaidh sin fuair Abrahám scéala gur rug Milceá chomh maith clann dá dheartháir Náchór.
21. Úz a chéadghin, Búz a dheartháir, agus Camúél athair Arám, agus
22. Ceisid agus Chazó agus Pioldáis agus Idleáf agus Batúél
23. ba é Batúél athair Ribeacá. Sin iad an t-ochtar clainne a rug Milceá do Náchór, deartháir Abrahám.
24. Bhí leannán leapa aige leis darbh ainm Reúmá, agus rug sí clann: Teabach agus Gacham agus Tachais agus Mácá.

Salm 6:6-10
6. 7 Tá tuirse orm de dheasca m' osnaíola, ním mo leaba le mo dheora gach oíche; fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.
7. 8 Tá mo shúil á snoí le dobrón: chuaigh sí in aois de dheasca mo naimhde go léir.
8. 9 Imígí uaim a lucht déanta na hurchóide, óir tá éiste ag an Tiarna le glór mo ghoil.
9. 10 Thug an Tiarna aird ar m' achainí; tá glactha ag an Tiarna le mo ghuí.
10. 11 Beidh náire is mórbhuaireamh ar mo naimhde uile. Cuirfear ar gcúl go tobann faoi náire iad.

Seanfhocal 3:5-6
5. Bíodh muinín agat as an Tiarna, agus ná bíodh iontaoibh agat as do thuiscint féin;
6. Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.

Matha 8:18-34
18. Nuair a chonaic sé slua ina thimpeall, d' ordaigh Íosa dul go dtí an taobh thall.
19. Tháinig scríobhaí chuige agus dúirt: «A Mháistir, leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.»
20. Dúirt Íosa leis: «Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.»
21. Dúirt fear eile leis, duine de na deisceabail: «A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m' athair a adhlacadh.»
22. Dúirt Íosa leis: «Lean mise, agus lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh.»
23. Ansin chuaigh Íosa ar bord an bháid agus lean a dheisceabail é.
24. Agus tháinig, go tobann, suaitheadh chomh mór sin san uisce go raibh an bád á mhúchadh ag na farraigí. Ach bhí sé féin ina chodladh.
25. Agus tháinig siad chuige á mhúscailt ag rá: «A Thiarna, saor sinn, tá an bás againn!»
26. Dúirt sé leo: «Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?» D' éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór.
27. Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: «Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?»
28. Nuair a bhí an taobh eile bainte amach aige, i dtír na nGadairéanach, tháinig faoina dhéin beirt a raibh deamhain iontu ag teacht amach as na tuamaí, agus iad chomh fiata sin nárbh fhéidir do dhuine ar bith an bóthar sin a ghabháil.
29. Scread siad amach: «Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?»
30. Bhí, achar éigin uathu, tréad mór muc ar féarach,
31. agus rinne.na deamhain achainí air: «Má thiomáineann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn.»
32. Dúirt sé leo: «Amach libh.» Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach san fharraige gur cailleadh san uisce iad.
33. Theith na mucaithe, chuaigh siad isteach sa chathair agus d' inis siad an scéal ar fad agus mar gheall ar na deamhnaígh.
34. Agus seo amach muintir na cathrach go léir in airicis Íosa; ach nuair a chonaic siad é, d' iarr siad air a gceantar féin a fhágáil.