A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Eanáir 1

Geineasas 1:1-31
1. I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.
2. Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n-uiscí.
3. Dúirt Dia: «Bíodh solas ann,» agus bhí an solas ann.
4. Chonaic Dia gur mhaith é an solas, agus scar Dia an solas ón dorchadas.
5. Thug Dia «lá» ar an solas agus «oíche» ar an dorchadas. Ba shin an chéad lá, an nóin agus an mhaidin.
6. Dúirt Dia: «Bíodh firmimint i lár na n-uiscí agus scaradh sí na huiscí óna chéile.»
7. Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. Agus bhí sin amhlaidh.
8. Thug Dia «neamh» ar an bhfirmimint. Ba shin an dara lá, an nóin agus an mhaidin.
9. Dúirt Dia: «Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.» Agus bhí sin amhlaidh.
10. Agus thug Dia «tír» ar an talamh tirim, agus «farraigí» ar na huiscí le chéile. Chonaic Dia gur mhaith sin.
11. Dúirt Dia: «Tugadh an talamh an fásra uaidh: An lusra lena shíol, an crann toraidh lena shíol ina thoradh, gach ceann de réir a chineáil ar an talamh.» Agus bhí sin amhlaidh.
12. Thug an talamh an fásra uaidh: lusraí lena síol de réir a gcineáil, crainn toraidh lena síol ina dtoradh, de réir a gcineáil. Chonaic Dia gur mhaith sin.
13. Ba shin an tríú lá, an nóin agus an mhaidin.
14. Dúirt Dia: «Bíodh soilse i bhfirmimint neimhe chun an lá a scaradh ón oíche, agus bídís mar chomharthaí, do shéasúir, do laethe agus do bhlianta.
15. Bídís ina soilse i bhfirmimint neimhe ag taitneamh ar an talamh.» Agus bhí sin amhlaidh.
16. Rinne Dia dhá sholas mhóra, an solas is mó chun an lá a rialú agus an solas is lú chun an oíche a rialú, agus na réaltaí mar an gcéanna.
17. Chuir Dia i bhfirmimint neimhe iad le taitneamh ar an talamh,
18. chun an lá agus an oíche a rialú agus an solas a scaradh ón dorchadas. Chonaic Dia gur mhaith sin.
19. Ba shin an ceathrú lá, an nóin agus an mhaidin.
20. Dúirt Dia: «Bíodh rath ar na huiscí le hiomad dúl beo, agus bíodh éanlaith ar eitilt os cionn na talún faoi fhirmimint neimhe.»
21. Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n-uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin.
22. Bheannaigh Dia iad á rá: «Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire, agus líonaigí uiscí na bhfarraigí; agus téadh an éanlaith i líonmhaire ar talamh.»
23. Ba shin an cúigiú lá, an nóin agus an mhaidin.
24. Dúirt Dia: «Tugadh an talamh uaidh gach uile dhúil bheo de réir a chineáil, eallach, péisteanna agus ainmhithe allta.» Agus bhí sin amhlaidh.
25. Rinne Dia an uile chineál ainmhí allta, an uile chineál eallaigh, an uile chineál péiste. Chonaic Dia gur mhaith sin.
26. Dúirt Dia: «Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh.»
27. Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é. Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.
28. Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: «Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.»
29. Dúirt Dia: «Féach! Thugas daoibh gach uile lus le síol dá bhfuil ar chlár na talún, agus gach uile chrann le síol ina dtoradh; iadsan a bheidh ina mbia agaibh.
30. Mar bhia ag na hainmhithe allta go léir, ag éanlaith an aeir go léir, agus ag na péisteanna go léir a bhogann ar talamh tugaim glas gach fáis.» Agus bhí sin amhlaidh.
31. Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin.

Geineasas 2:1-25
1. Críochnaíodh neamh agus talamh agus a gcóiriú go léir ar an gcuma sin.
2. Ar an seachtú lá chríochnaigh Dia an obair a rinne sé. Scoir sé ar an seachtú lá den obair go léir a rinne sé.
3. Bheannaigh agus naomhaigh Dia an seachtú lá mar scoir sé an lá sin den obair go léir a rinne sé sa chruthú.
4. Nuair a rinne an Tiarna Dia neamh agus talamh, Sin iad céatúsa neimhe agus talún nuair a cruthaíodh iad.
5. ní raibh aon fhás fiáin fós ar talamh, ná aon lus fiáin fós ag péacadh, mar níor chuir an Tiarna Dia aon fhearthainn fós ar an talamh agus ní raibh duine ann a shaothródh an talamh.
6. Bhí, más ea, fíoruisce ag brúchtaíl aníos ón talamh agus ag uisciú dromchla na talún go léir.
7. Ansin chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine.
8. Phlandaigh an Tiarna Dia parthas in Éidin san oirthear agus chuir sé ann an duine a chum sé.
9. Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.
10. Bhí abhainn ag sní as Éidin amach ag uisciú an ghairdín, agus roinneadh ansiúd í agus rinne ceithre abhainn di.
11. Píseon a thugtar ar an gcéad abhainn díobhsan, agus is í sin a ghabhann timpeall tír Havalá go léir mar a bhfuil an t-ór.
12. Is maith é ór na tíre sin, agus tá bdellium ann agus óinix.
13. Gíohón a thugtar ar an dara habhainn agus is í a ghabhann timpeall tír Chúis go léir.
14. An Tigris a thugtar ar an tríú habhainn agus sníonn sí lastoir den Aisír. An Eofrataes an ceathrú habhainn.
15. Thóg an Tiarna Dia an duine agus chuir i ngairdín Éidin é chun é a shaothrú agus aire a thabhairt dó.
16. Thug an Tiarna Dia aithne don duine á rá: «Tá saorchead agat toradh a ithe de gach crann sa ghairdín,
17. ach toradh de chrann fhios na maitheasa agus an oilc, ní íosfaidh tú mar an lá a íosfaidh tú de thoradh an chrainn sin, gheobhair bás, gheobhair sin.»
18. Agus dúirt an Tiarna Dia: «Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.»
19. Chum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cen t-ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air.
20. Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. Ach ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine.
21. Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall.
22. An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í.
23. Dúirt an duine ansin: «Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh, Agus is feoil de m' fheoilse í. Tabharfar bean (ís-seá) uirthi Mar gur baineadh as an bhfear (ís) í.»
24. Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.
25. Bhíodar araon lomnocht, an fear agus a bhean, ach gan aon náire orthu.

Salm 1:1-6
1. Fíorshonas
2. ach a bhfuil a dhúil i ndlí an Tiarna, agus a dhéanann machnamh air de lá agus d' oíche.
3. Is cosúil an duine sin le crann a plandaíodh ar bhruach na habhann, a thugann a thoradh go tráthúil agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche. Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.
4. Ní amhlaidh do na héagráifigh, ní amhlaidh! ach mar cháith a scaiptear le gaoth.
5. Ionas nach seasfaidh na héagráifigh sa bhreithiúnas ná na peacaigh i gcomhthionól na bhfíréan.
6. Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan, ach rachaidh slí na n-éagráifeach ar ceal.

Seanfhocal 1:1-7
1. Seanfhocail Sholaimh mac Dháiví rí Iosrael:
2. Le go mba eol céard iad an eagna agus an teagasc; le go dtuigfí briathra ciallmhara;
3. Le go bhfaighfí oiliúint in iompar críonna, san fhíréantacht, sa chóir, agus sa cheart.
4. Le críonnacht a thabhairt don saonta, agus eolas agus tuiscint don óg;
5. Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh, briathra na saoithe agus a nathanna
6. Éisteadh an t-eagnaí freisin agus beidh breis eolais aige, agus beidh cumas dea-chomhairle ag an bhfear tuisceanach.
7. Tús na heagna eagla Dé; is beag ar na hamadáin an eagna agus an teagasc.

Matha 1:1-25
1. Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám.
2. Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha;
3. ghin Iúdá Fearas agus Zára ó Thámár; ghin Fearas Easróm; ghin Easróm Áram;
4. ghin Áram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmón;
5. ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái;
6. ghin Iseái Dáiví rí. Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úirías;
7. ghin Solamh Róbóam; ghin Róbóam Aibiá; ghin Aibiá Ásaf;
8. ghin Ásaf Iósáfat; ghin Iósáfat Iórám; ghin Iórám Ózáias;
9. ghin Ózáias Iótám; ghin Iótám Áchaz; ghin Áchaz Eizichias;
10. ghin Eizichias Manasaes; ghin Manasaes Amós; ghin Amós Iósáias;
11. ghin Iósáias Iachónáias agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine.
12. Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iachónáias Salaitiéil; ghin Salaitiéil Zoróbaibeil;
13. ghin Zoróbaibeil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór;
14. ghin Azór Sadóc; ghin Sadóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd;
15. ghin Eiliúd Eiliazar; ghin Eiliazar Matan; ghin Matan Iacób;
16. ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.
17. A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre glúine déag.
18. a Rugadh ó Mhuire Ógh
19. Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal.
20. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: «A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.
21. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.»
22. Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
23. «Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,» ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.
24. 24a Dhúisigh Iósaef agus d' éirigh, agus rinne mar d' ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis.
25. 24b Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.