Instagram
English
A A A A A
Breithiúna 5:1-31
1. Chan Deabórá agus Bárác mac Aibíonoam laoi an lá úd:
2. Scaoil laochra in Iosrael a bhfolt le gaoth Agus tháinig an pobal i láthair le flosc. Molaigí an Tiarna dá bharrsan.
3. Éistigí, a ríthe! Tugaigí cluas a thaoiseacha! Canfaidh mé don Tiarna, Mórfaidh mé an Tiarna, Dia Iosrael.
4. A Thiarna, nuair a chuir tú chun bóthair ó Shaeír, Nuair a ghabh tú trí chríocha Eadóm, Tháinig crith ar thalamh agus suaitheadh ar neamh, Agus d' imigh scamaill ina mbáisteach.
5. Leáigh na sléibhte os comhair an Tiarna, Os comhair an Tiarna, Dia Iosrael.
6. I laethanta Sheamgar mac Anát, I laethanta Iáéil, Tugadh cúl leis an mbóthar mór; Ghabh lucht taistil na cúlchosáin.
7. Bhí [sráidbhailte] Iosrael marbh, marbh gan anam, Nó gur tháinig tú ar an bhfód, a Dheabórá, Gur tháinig tú ar an bhfód mar mháthair in Iosrael.
8. An mhuintir ar dhual dóibh seasamh do Dhia Ní raibh focal astu. As cúig cathracha, níor tháinig oiread agus sciath, Gan oiread agus sciath as daichead míle in Iosrael!
9. Preabann an croí ionam do cheannairí Iosrael, Agus don mhuintir a sheas an fód go calma. Molaigí an Tiarna dá bharrsan!
10. A lucht falaireachta ar asail chróna, Le diallaití saibhre fúibh, Agus sibhse atá ag gabháil na mbóithre, Canaigí laoi
11. le gártha lúcháire an phobail, Agus iad cruinnithe ag na láithreacha uisce. Maíonn siad as beannachtaí an Tiarna ansiúd, As beannachtaí a réimis in Iosrael. (Mhairseáil pobal an Tiarna síos chun na ngeataí.)
12. Múscail, múscail, a Dheabórá, Múscail, múscail, agus abair amhrán. Éirigh, a Bhárác, agus bíodh misneach agat; Déan géibheannaigh de lucht do ghéibhnithe, A mhic Aibíonoam!
13. Mháirseáil Iosrael síos chun na ngeataí, Mháirseáil pobal an Tiarna síos mar laochra chun troda ar a shon.
14. Tá taoisigh Eafráim sa ghleann; Tá bhur mbráithre Biniáimin ag gabháil le bhur ndíormaí. Chuir na ceannairí chun siúil ó Mhácaír Agus ó Zabúlun lucht iompartha slat an cheannais.
15. Tá flatha Íosácár i dteannta Dheabórá; Tá Naftáilí sa ghleann le Bárác agus á leanúint le teann deabhaidh. I measc srutháin Reúbaen, Tá cúraimí faoi chaibidil go fadálach.
16. Cad ab áil libh ag moilliú i measc na gcróite Ag éisteacht le píobaireacht i measc na dtréad? (I measc srutháin Reúbaen, Tá cúraimí faoi chaibidil go fadálach.)
17. D' fhan Gileád thar Iordáin. Cad ab áil le Dán a bheith i measc loingeas na gcoimhthíoch? Shuigh Áiséar go sochma ar fheorainn na farraige, Ag cur faoi go síochánta ag a chalaí.
18. Chuir treibh Zabúlun a n-anam i bhfiontar, Agus Naftáilí chomh maith ar na hardáin.
19. Tháinig na ríthe agus chuadar sa treas; Ansin throideadar, ríthe úd Chanán, Ag Tánác, agus uiscí Mhigideo; Ach níor thugadar aon chreach airgid leo.
20. Throid na réaltaí ó uachtar neimhe; Chuireadar cath ar Shíseará óna gcúrsaí.
21. Scuab tuile Chiseon chun siúil iad, An tuile naofa, tuile Chiseon; Treascair, a anam liom, treascair le fuinneamh;
22. Tá tine chreasa ón talamh faoi chrúba na n-each, Agus iad ag gabháil sna feilimintí siúil.
23. «Mallacht ar Mhaeróz,» arsa aingeal an Tiarna. Mallacht agus mallacht eile ar an muintir a chónaíonn ann, Mar nár tháinig siad i gcabhair ar an Tiarna, I gcabhair ar an Tiarna in aghaidh na dtreon.
24. Gura beannaithe Iáéil i measc na mban; Bean Heibir, an Céineach; I measc na mban go léir a chónaíonn i mbothanna Gurab í is mó beannacht.
25. D' iarr sé uisce agus thug sí dó bainne; Thug sí gruth dó i gcorn flaithiúil.
26. Shín sí a lámh agus rug ar an bpionna Agus ina deasláimh rug greim ar thuairgnín an oibrí. Bhuail sí buille ar Shíseará agus bhrúigh a phlaosc; Bhasc sí a uisinn agus chuir an pionna tríthi.
27. Thit sé agus síneadh ar lár faon ag a cosa é. Thit sé chun láir agus lántalún agus bhí sé ansiúd ina chnap.
28. Tá sí ag gliúcaíl ag an bhfuinneog, Máthair Shíseará, agus ag féachaint tríd an gcrannaíl. «Cén mhoill atá ar a charbad ag teacht? Cén fáth a bhfuil a eachra faoina gcarbaid chomh mall?»
29. Tugann an té is mó gaois ar a mná uaisle freagra, Freagra a dhéanann sí a aithris di féin.
30. «Nach bhfuil siad cheana féin ag bailiú, ar ndóigh, agus ag roinnt na creiche? Ógbhean nó beirt do gach laoch; Fallaing, nó dhá fhallaing dhaite do Shíseará; Carbhat, dhá charbhat le bróidnéireacht domsa!»
31. Go dté do naimhde go léir ar ceal, ar an gcuma sin, a Thiarna! Go raibh do chairde mar an ghrian, Agus í ag éirí i lán a nirt! Agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain.

Breithiúna 6:1-40
1. Rinne clann Iosrael an t-olc i bhfianaise an Tiarna; thug an Tiarna ar láimh iad do Mhidián ar feadh seacht mbliana.
2. Luigh Midián go trom ar Iosrael. Bhain clann Iosrael feidhm as pluaiseanna sléibhe agus uaimheanna agus daingin chun teacht slán ó Mhidián.
3. Nuair a chuireadh Iosrael síol, thagadh Midián fara Amáiléic agus treibheanna an Oirthir, agus d' ionsaídís iad;
4. shuídís a longfort ina gcríocha, agus scriosaídís toradh na talún ar fud na tíre go himill Ghazá, gan beatha ar bith a fhágáil ag Iosrael, caora, ná damh, ná asal.
5. Mar thagaidís chomh tiubh le lócaistí lena n-eallach agus lena mbothanna; níorbh fhéidir a líon féin ná líon a gcamall a áireamh, i dtreo go gcreachaidís an dúiche ina ngabhaidís.
6. Bhí Iosrael i gcruachás agus i ngátar, de bharr Mhidián; agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna ag lorg cabhrach.
7. Nuair a ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna de bharr Mhidián,
8. chuir an Tiarna fáidh go clann Iosrael, agus dúirt sé leo: «Seo mar a deir an Tiarna: 'Sheol mé aníos ón Éigipt sibh, agus thug mé amach as teach na daoirse sibh;
9. d' fhuascail mé sibh ó láimh na nÉigipteach, agus ó láimh lucht bhur ngéarleanúna go léir: dhíbir mé romhaibh iad, agus thug mé daoibh a gcuid tailte.
10. Agus dúirt mé libh: «Mise an Tiarna bhur nDia; ná tugaigí ómós do dhéithe na nAmórach, a bhfuil sibh ag cur fúibh ina gcríocha.» Ach níor thug sibh aird ar mo ghlór.» '
11. Tháinig aingeal an Tiarna agus shuigh sé faoin gcrann darach in Ofrá a bhain le Ióáis, an tAibíezreach. Bhí a mhacsan Gideón ag bualadh cruithneachta sa chantaoir fhíona d' fhonn í a cheilt ar Mhidián,
12. agus thaibhsigh aingeal an Tiarna dó go ndúirt leis: «Tá an Tiarna leat, a ghaiscígh chalma!»
13. Dúirt Gideón leis: «Má tá an Tiarna linn, a uasail, cén fáth, más ea, ar tharla na nithe seo uile dúinn? Agus cá bhfuil na héachtaí go léir a d' inis ár n-aithreacha dúinn, á rá: 'Nár thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn?' Ach anois tá droim laimhe tugtha ag an Tiarna linn agus táimid tugtha isteach i láimh Mhidián aige.»
14. Leis sin, d' iompaigh an Tiarna chuige á rá: «Éirigh amach i do neart agus saor Iosrael ó chumhacht Mhidián! Nach mise féin a chuireann uaim thú?»
15. D' fhreagair seisean: «A Thiarna, conas a thiocfaidh liomsa Iosrael a shaoradh? Is é mo fhinese an fine is laige i Manaise, agus is mise is lú cumas i dteaghlach m' athar.»
16. Dúirt an Tiarna leis: «Beidh mise leat, agus buailfidh tú Midián amhail is nach mbeadh iontu ach aon duine amháin.»
17. «Má fuair mé gean uait,» arsa Gideón leis, «tabhair dom comhartha gur tusa féin atá ag labhairt liom.
18. Guím thú gan imeacht as seo nó go dtiocfaidh mé chugat arís agus go dtabharfaidh mé m' íobairt chugat, agus go gcuirfidh mé i do láthair í.» Agus d' fhreagair seisean: «Fanfaidh mé go dtiocfaidh tú ar ais.»
19. D' imigh Gideón abhaile ansin agus d' ullmhaigh meannán agus builíní aráin gan ghabháile as éafá plúir. Chuir sé an fheoil i gciseán agus an t-anraith i gcorcán agus thug sé chuige iad mar a raibh sé faoin dair. Nuair a dhruid sé leis,
20. dúirt Dia leis: «Beir leat an fheoil, agus na builíní gan ghabháile, agus cuir ar an gcarraig seo iad, agus doirt an t-anraith orthu.» Rinne sé amhlaidh.
21. Leis sin shín aingeal an Tiarna barr na slaite a bhí ina láimh, gur bhain leis an bhfeoil agus leis na builíní gan ghabháile. Phreab tine as an gcarraig ansin agus loisc an fheoil agus na builíní gan ghabháile, agus leis sin sceinn aingeal an Tiarna as amharc.
22. Thuig Gideón ansin gurbh é aingeal an Tiarna a bhí ann agus dúirt sé: «Faraor, a Thiarna Dia! Chonaic mé aingeal an Tiarna gnúis le gnúis!»
23. Ach dúirt an Tiarna leis: «Síocháin leat! Ná bíodh eagla ort, ní bhfaighidh tú bás.»
24. Thóg Gideón altóir don Tiarna san áit sin, agus thug sé Síocháin É An Tiarna mar ainm uirthi. Tá sí ina seasamh ansiúd fós in Ofrá na nAibíezreach.
25. Dúirt an Tiarna leis an oíche sin: «Faigh gamhain ramhar d' athar, an dara ceann. Leag anuas an altóir do Bhál atá ag d' athair, agus gearr anuas an cuaille naofa taobh léi.
26. Tóg altóir chloch dea-chumtha don Tiarna do Dhia ar bharr an fharragáin seo. Ansin faigh an gamhain ramhar, an dara ceann, agus íobair é mar íobairt dhóite le hadhmad an chuaille a bheidh gearrtha anuas agat.»
27. Thogh Gideón deichniúr dá ghiollaí agus rinne mar a dúirt an Tiarna leis. Ach le barr eagla roimh a theaghlach féin agus muintir an bhaile é sin a dhéanamh leis an lá, rinne sé é leis an oíche.
28. Nuair a d' éirigh muintir an bhaile ar maidin lá arna mharach, féach! bhí altóir Bhál leagtha anuas, an cuaille naofa a bhí taobh léi scriosta, agus an gamhain ramhar eile ofráilte ina íobairt dhóite ar an altóir eile a tógadh.
29. «Cé rinne é seo?» ar siad lena chéile. Cheistíodar agus rinneadar iniúchadh, agus dúradar: «Sé Gideón mac Ióáis a rinne é seo!»
30. Ansin dúirt muintir an bhaile le Ióáis: «Tabhair amach do mhac, mar ní foláir é a chur chun báis, mar gur leag sé anuas altóir Bhál, agus gur ghearr sé anuas an cuaille naofa a bhí taobh leis.»
31. Ach dúirt Ióáis leis an muintir go léir a bhí cruinnithe ina aghaidh: «An bhfuil fonn oraibh aighneas a dhéanamh ar mhaithe le Bál, agus seasamh leis? (Aon duine a dhéanfaidh aighneas ar mhaithe le Bál, cuirtear chun báis é roimh mhaidin.) Más dia é, déanadh sé a chuid aighnis dó féin, ós rud é gur scriosadh a altóir.»
32. Tugadh Iarubál ar Ghideón an lá sin, mar dúradar: «Ní foláir do Bhál aighneas a dhéanamh ina choinne, ós rud é gur scrios sé a altóir.»
33. Ansin chruinnigh Midián agus Amáiléic, agus muintir an Oirthir go léir le chéile; ghabhadar thar an Iordáin agus shuíodar a longfort i nGleann Izréil.
34. Tháinig spiorad an Tiarna ar Ghideón: shéid sé ar an adharc agus d' fhreagair Aibíezir go léir a ghlaoch.
35. Chuir sé teachtairí ar fud Mhanaise go léir chomh maith agus d' fhreagair siadsan é. Chuir sé teachtairí go hÁiséar, go Zabúlun, agus go Naftáilí agus amach leo sin chuige chomh maith.
36. Dúirt Gideón le Dia: «Má tá sé beartaithe agat dáiríre Iosrael a fhuascailt le neart mo láimhe, mar a dúirt tú,
37. féach, seo lomra olla á leathadh agam ar an urlár buailte. Má bhíonn drúcht ar an lomra amháin, agus an t-urlár go léir tirim, ansin beidh a fhios agam go ndéanfaidh tú Iosrael a fhuascailt le neart mo láimhe, mar a dúirt tú.»
38. Agus is amhlaidh a bhí. D' éirigh sé go moch lá arna mhárach, agus d' fháisc an lomra agus bhain lán coirn de dhrúcht as an lomra.
39. Ansin labhair Gideón arís le Dia: «Ná bí i bhfearg liom má labhraím arís eile! Lig dom aon triail amháin eile fós a dhéanamh leis an lomra. Bíodh an lomra amháin tirim, agus bíodh drúcht ar an urlár go léir ina thimpeall.»
40. Rinne Dia amhlaidh an oíche sin; d' fhan an lomra amháin tirim agus bhí drúcht ar an talamh go léir ina thimpeall.

Salm 49:1-9
1. Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach. Salm 48
2. 2 Éistigí, a chiníocha go léir, tugaigí cluas, a áitritheoirí na cruinne, 3 íseal agus uasal in éineacht, saibhir agus daibhir le chéile.
3. 4 Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara; is lán mo chroí de thuiscint.
4. 5 Claonfaidh mé mo chluas le fáthscéal, sceithfidh mé mo rún leis an gcláirseach.
5. 6 Cén fáth a mbeadh eagla orm lá an oilc agus mioscais lucht ceilge i mo thimpeall
6. 7 dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreas agus a mhaíonn as méid a maoine?
7. 8 Ní thig le haon duine é féin a fhuascailt ná éiric a anama a dhíol le Dia;
8. 9 is ródhaor aige éiric a anama.
9. 10 Ní thig leis síorbheatha a cheannach le súil nach bhfeice sé an uaigh.

Seanfhocal 14:20-21
20. Is fuath fiú lena chomharsa féin an bochtán; ach bíonn fuílleach cairde ag an saibhir.
21. Peacach an té ar beag leis a chomharsa; ach is méanar don té ar trua leis an bochtán.

Lúcás 15:1-10
1. Na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun bheith ag éisteacht leis.
2. Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: «Glacann an duine seo peacaigh chuige,» deiridís, «agus itheann sé ina gcuibhreann.»
3. Agus labhair sé an parabal seo leo:
4. «Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile san fhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í?
5. Agus nuair a fhaigheann, buaileann ar a ghuaillí í go háthasach,
6. agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: 'Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.'
7. Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.
8. «Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin, nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é?
9. Agus nuair a fhaigheann, glaonn sí a cairde agus mná a comharsan le chéile, ag rá: 'Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an drachma a bhí caillte agam, fuair mé é.'
10. Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.»