A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 17

Iósua 23:1-16
1. I bhfad ina dhiaidh sin, nuair a bhí suaimhneas tugtha ag an Tiarna d' Iosrael ó chiapadh a naimhde go léir ina dtimpeall, agus Iósua féin ina sheanduine anonn go maith sna blianta,
2. chuir Iósua tionól ar Iosrael go léir, ar a seanóirí, a dtaoisigh, a mbreithiúna agus a bhfeidhmeannaigh, agus dúirt sé leo: «Seanduine mise anois, anonn go maith sna blianta.
3. Chonaic sibhse féin le bhur súile cinn na nithe sin go léir a rinne an Tiarna ár nDia leis na ciníocha seo go léir. An Tiarna bhur nDia a throid ar bhur son.
4. Dháil mé oraibh, mar oidhreacht do bhur dtreibheanna, na ciníocha atá fós gan cloí chomh maith leo sin go léir a scrios mé idir an Iordáin agus an Fharraige Mhór thiar.
5. Déanfaidh an Tiarna bhur nDia iad a thiomáint amach romhaibh, agus iad a dhíbirt ó bhur láthair, agus gheobhaidh sibh seilbh ar an talamh mar a gheall an Tiarna bhur nDia daoibh.
6. Seasaigí an fód dá bhrí sin agus déanaigí agus comhlíonaigí a bhfuil scríofa i leabhar dlí Mhaois, gan claonadh ar dheis uaidh, ná ar chlé,
7. ná caidreamh a dhéanamh leis na ciníocha atá fágtha fós in bhur measc, ná ainmneacha a ndéithe a lua, ná mionnú dar iad, ná fónamh dóibh, ná sléachtadh rompu.
8. Ach bígí dílis don Tiarna bhur nDia mar a bhí sibh go dtí an lá seo féin.
9. Óir dhíbir an Tiarna ciníocha móra tréana romhaibh agus níorbh fhéidir d' aon duine an fód a sheasamh in bhur n-aghaidhse go dtí inniu féin.
10. Cuireann duine agaibh an teitheadh ar mhíle, mar is é an Tiarna bhur nDia a throideann ar bhur son, faoi mar gheall sé daoibh.
11. Déanaigí deimhin de, más ansa libh bhur n-anam, grá a thabhairt don Tiarna bhur nDia.
12. Má bhíonn sibh mídhílis agus caidreamh a dhéanamh le fuíoll na gciníocha a fágadh anseo in bhur measc, agus cleamhnais a dhéanamh leo i dtreo go bpósfaidh sibh a gcuid ban agus go bpósfaidh siadsan bhur gcuidse,
13. bíodh a fhios agaibh go dearfa nach leanfaidh an Tiarna bhur nDia air ag díbirt na gciníocha seo romhaibh; beidh siad mar ghaiste agus mar shlogaide agaibh, mar sciúirse ar bhur maotháin agus mar dhealg in bhur súile go dté sibh ar ceal ón tír fhónta seo a thug an Tiarna daoibh.
14. «Ní foláir domsa anois bealach na cré go léir a ghabháil. Déanadh gach mac máthar díbh a admháil ó chroí agus ó anam, nár theip ar oiread agus gealltanas de na gealltanais go léir a thug an Tiarna bhur nDia in bhur dtaobh; comhlíonadh iad go léir, gan ceann a theip.
15. Ach má comhlíonadh daoibh gach gealltanas fónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh, comhlíonfaidh an Tiarna chomh maith gach urchóid atá á bagairt aige oraibh, go fiú sibh a scrios as an tír fhónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh.
16. Má bhriseann sibh an conradh a d' éiligh an Tiarna bhur nDia oraibh, agus dul agus fónamh do dhéithe eile agus sléachtadh dóibh, ansin déanfar fearg an Tiarna a adhaint in bhur gcoinne, agus scriosfar sibh go tapa de dhroim na tíre fónta a thug sé daoibh.»

Iósua 24:1-33
1. Chuir Iósua tionól ar threibheanna uile Iosrael go Seicim, agus ghair sé chuige seanóirí agus taoisigh agus breithiúna agus feidhmeannaigh Iosrael, agus tháinig siad i láthair Dé.
2. Ansin dúirt Iósua leis an bpobal uile: «Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Bhí cónaí ar bhur n-aithreacha taobh thall den Abhainn anallód Tearach, is é sin, athair Abrahám agus Náchór agus rinneadar fónamh do dhéithe eile.
3. Ansin thóg mé bhur n-athair Abrahám ón taobh eile den Abhainn anall, á threorú trí thír uile Chanán. Mhéadaigh mé a shliocht agus thug mé Íosác do.
4. Thug mé Iacób agus Éasaú d' Íosác. Thug mé sléibhte Shaeír le sealbhú d' Éasaú, ach chuaigh Iacób agus a chlann síos chun na hÉigipte.
5. Ansin chuir mé uaim Maois agus Árón, gur chráigh mé an Éigipt leis na héachtaí a rinne mé ina measc; agus ina dhiaidh sin thug mé sibhse amach.
6. Thug mé bhur n-aithreacha amach as an Éigipt agus tháinig sibhse chun na Farraige; chuaigh na hÉigiptigh sa tóir ar bhur n-aithreacha le carbaid agus le marcshlua nó gur shroicheadar Muir na nGiolcach.
7. Nuair a ghlaoigh siad ar an Tiarna ansiúd, chuir sé scamall dorcha idir sibh agus na hÉigiptigh agus thug ar an muir teacht anuas sa mhullach orthu agus iad a bhá. Chonaic sibh a ndearna mé ar an Éigipt le bhur súile cinn féin, agus mhair sibh san fhásach ar feadh i bhfad.
8. Thug mé ina dhiaidh sin sibh go críoch na nAmórach, cine a bhí lonnaithe ar an taobh thall den Iordáin. Throid siadsan libh agus thug mé ar láimh daoibh iad ionas gur ghlac sibh seilbh ar a dtír mar gur scrios mé romhaibh iad.
9. Ansin is ea a d' eirigh Bálác mac Zipeor, rí Mhóáb, gur chuir sé cogadh ar Iosrael. Chuir sé fios ar Bhalám mac Bheór á iarraidh air mallacht a chur oraibh.
10. Ach ní éistfinn le Balám agus is amhlaidh a bheannaigh sé sibh, agus mar sin shaor mé óna láimh sibh.
11. Ghabh sibh thar an Iordáin ansin gur bhain sibh Ireachó amach. Chuir muintir Ireachó cath oraibh, rud freisin a rinne na hAmóraigh, na Pirizigh, na Canánaigh, na Hitigh, na Giorgáisigh, na Hivigh, na Iabusaigh; ach thug mé iad go léir ar láimh daoibh.
12. Chuir mé an cearnabhán chun tosaigh oraibh a ruaig an dá rí Amóracha romhaibh amach; níorbh é do chlaíomh ná do bhogha a rinne é sin.
13. Thug mé daoibh dúiche nár shaothraigh sibh féin inti, agus cathracha nach sibh a thóg iad, bíodh go gcónaíonn sibh iontu anois; itheann sibh toradh fíonghort agus garrán ológ nár phlandaigh sibh féin.'
14. «Bíodh eagla oraibh roimh an Tiarna anois dá bhrí sin agus fónaigí dó go dílis dáiríre. Cuirigí uaibh na déithe dá ndearna bhur n-aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn agus san Éigipt, agus déanaigí fónamh don Tiarna.
15. Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n-aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.»
16. Dúirt an pobal ansin á fhreagairt: «Nár lige Dia go dtréigfimís an Tiarna chun fónamh do dhéithe eile!
17. Nach é an Tiarna ár nDia a thug sinne agus ár sinsir aníos as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse agus a rinne na héachtaí sin inár bhfianaise, agus a chumhdaigh sinn san uile shlí a ndeachamar, agus i measc na gciníocha go léir trínar ghabhamar?
18. Agus rud eile dhe, is é an Tiarna a thiomáin romhainn na ciníocha sin go léir, mar aon leis na hAmóraigh a raibh cónaí orthu sa tír. Uime sin a dhéanfaimidne mar an gcéanna fónamh don Tiarna óir is é ár nDia é.»
19. Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: «Ní féidir daoibh fónamh don Tiarna, óir is Dia naofa é; is Dia éadmhar é nach maithfidh daoibh bhur gcionta ná bhur bpeacaí.
20. Má thréigeann sibh an Tiarna chun fónamh do dhéithe coimhthíocha, iompóidh seisean oraibh agus déanfaidh sé dochar daoibh agus díothóidh sé sibh tar éis a ndearna sé de mhaith daoibh.»
21. Dúirt an pobal le Iósua: «Ní hea! Is don Tiarna a dhéanfaimid fónamh.»
22. Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: «Is finnéithe sibh in bhur n-aghaidh féin go bhfuil an Tiarna tofa agaibh chun fónamh dó.» Agus dúirt siadsan: «Is finnéithe sinn.»
23. «Cuirigí uaibh más ea,» ar seisean, «na déithe coimhthíocha atá agaibh agus tugaigí bhur gcroí don Tiarna, Dia Iosrael.»
24. D' fhreagair an pobal Iósua: «Is don Tiarna ár nDia a dhéanfaimid fónamh, agus is dá ghuth siúd a bheimid umhal.»
25. Uime sin rinne Iósua conradh leis an bpobal an lá sin, agus leag sé síos reachtanna agus foraitheanta dóibh ag Seicim.
26. Agus scríobh Iósua na briathra sin i leabhar dhlí Dé. Agus thóg sé gallán mór agus chuir sé ina sheasamh ansin é faoin dair a bhí i sanctóir an Tiarna.
27. Agus dúirt Iósua leis an bpobal go léir: «Féach! Beidh an gallán seo mar fhianaise inár n-aghaidh, óir chuala sé na briathra go léir a labhair an Tiarna linn; uime sin beidh sé ina fhinné in bhur n-aghaidh má shéanann sibh bhur nDia.»
28. Scaoil Iósua na daoine ar shiúl uaidh ansin agus d' fhill gach duine ar a oidhreacht féin.
29. Tar éis na nithe sin d' éag Iósua mac Nún seirbhíseach an Tiarna nuair a bhí deich mbliana agus céad slán aige.
30. Rinneadar é a adhlacadh san oidhreacht a fuair sé i dTimneát Searach atá in ardáin Eafráim lastuaidh de Shliabh Gháis.
31. Rinne Iosrael fónamh don Tiarna i gcaitheamh shaol Iósua, agus shaol na seanóirí a mhair níos déanaí ná é, agus a raibh eolas acu ar na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael.
32. Cnámha Iósaef a thug clann Iosrael aneas ón Éigipt leo, adhlacadh iad i Seicim, sa phaiste talún a cheannaigh Iacób ó chlann Hamór, athair Sheicim, ar chéad píosa airgid; rinne oidhreacht de chuid chlann Iósaef de.
33. Ansin d' éag Eileázár mac Árón agus adhlacadh é i nGibeá, cathair a mhic, Píneachás, cathair a tugadh dó in ardáin Eafráim.

Salm 47:1-9
1. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach. 2 Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile; glaoigí ar Dhia le gártha gairdis! Salm 46
2. 3 Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach, ina ardrí os cionn na cruinne.
3. 4 Cuireann sé ciníocha faoinár smacht agus cuireann sé náisiúin faoinár gcosa.
4. 5 Is uaidh a fuaireamar ár n-oidhreacht; oidhreacht Iacóib dá dtugann sé grá.
5. 6 Gabhann Dia in airde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
6. 7 Seinntear ceol dár nDia, seinntear ceol dó; seinntear ceol dár Rí, seinntear ceol dó!
7. 8 Is é Dia rí na cruinne go léir; seinnigí agus canaigí go hoilte dó!
8. 9 Tá Dia ina rí ar na náisiúin; tá sé ina shuí ar a ríchathaoir naofa.
9. 10 Cruinníonn taoisigh na gciníocha i gceann a chéile; i bhfochair phobal Dhia Abrahám. Óir is le Dia lucht rialaithe na cruinne; is aige atá an chumhacht go hiomlán.

Seanfhocal 14:14-14
14. Bíonn an croí gan stuaim sásta lena imeachtaí féin, agus an fear cóir le fómhar a bheart.

Lúcás 13:23-35
23. Dúirt duine éigin leis: «A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?» Dúirt sé leo:
24. «Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é.
25. Tar éis d' fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: 'A Thiarna, oscail dúinn!' déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: 'Níl a fhios agam cad as daoibh!'
26. Beidh sibh á rá ansin: 'Bhímis ag ithe agus ag ól i do láthair, agus is inár sráideanna a rinne tú teagasc.'
27. Ach déarfaidh sé: 'Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibhse uile a dhéanann an éagóir!'
28. Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach.
29. Agus tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé.
30. Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!»
31. Ar an uair sin féin tháinig cuid de na Fairisínigh chuige á rá leis: «Amach leat agus cuir díot as seo, óir is áil le Héaród tú a chur chun báis.»
32. Agus dúirt sé leo: «Imígí agus abraigí leis an sionnach úd: 'Féach, bím ag caitheamh deamhan amach agus ag oibriú leigheas inniu agus amárach, agus ar an treas lá bíonn an deireadh agam.
33. Agus ní foláir dom bheith ag imeacht romham inniu agus amárach agus amanathar, óir ní cuí go gcuirfí fáidh chun báis amuigh as Iarúsailéim.'
34. «A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
35. Féach, fágfar fúibh féin bhur dteach! Agus deirim libh, ní fheicfidh sibh mé níos mó go dtí go ndéarfaidh sibh: 'Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!'»