Instagram
English
A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 13

Iósua 15:1-63
1. An chuid a fuair treibh chlann Iúdá de réir a bhfiní, shín sé ó dheas go teorainn Eadóm, ó fhásach Zin go Cáidéis siar ó dheas.
2. Thosaigh a dteorainn theas ó íochtar Mhuir an tSalainn, ag an mbá a bhfuil a aghaidh ó dheas, agus
3. shín laisteas de Bhealach Acraibím, ar aghaidh trí Zin agus suas laisteas de Cháidéis Bairnéa, thar Heizreón, ar aghaidh go hAdár, agus chas as sin go Carcá;
4. ghabh ar aghaidh thar Azmón, tháinig amach ag sileán na hÉigipte, agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige. Sin é a bheidh agaibh mar theorainn theas.
5. Lastoir Muir an tSalainn an teorainn go béal na Iordáine.
6. Ghabh an teorainn seo suas go Béit Hoglá, chuaigh ar aghaidh lastuaidh de Bhéit Arabá, agus shroich Lia Bhohan mac Reúbaen.
7. Chuaigh an teorainn suas go Deibír ó Ghleann Ácór agus ó thuaidh i dtreo an fháinne cloch os comhair Bhealach Adumaím atá ar an taobh theas den ghleann; ghabh an teorainn ar aghaidh go huiscí Éan Seimis, agus stad ag Éan Rogael.
8. Ansin ghabh an teorainn Gleann Bhein Hiniom suas ag teacht aneas ar shlios an Iabúsaigh (.i. Iarúsailéim); chuaigh an teorainn suas go mullach an tsléibhe a threasnaíonn Gleann Hiniom, laistiar, ag imeall thuaidh Ghleann Rafáím.
9. Chas an teorainn ó mhullach an tsléibhe i dtreo foinse Uiscí Neaftóach, agus as sin ar aghaidh go cathracha Shliabh Eafrón. Ansin chas sí i dtreo Bhálá (.i. Ciriat Iáraím).
10. Chuaigh an teorainn timpeall Bhálá siar go Sliabh Shaeír; ghabh sí thar shlios thuaidh Sliabh Iáraím (.i. Casálón); síos léi go Béit Seimis agus thar Timneá;
11. shín sí go gualainn an tsléibhe lastuaidh de Eacrón; chas an teorainn ansin i dtreo Shicearón, ghabh thar Sliabh Bhálá; ar aghaidh léi amach go Iabnael agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige.
12. An Fharraige Mhór agus a feorainn an teorainn thiar. Sin é anois an teorainn timpeall an fhearainn a bronnadh ar chlann Iúdá de réir a bhfiní.
13. Tugadh cuid i measc chlann Iúdá, de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Iósua, do Chálaeb mac Iafuna.i. Ciriat Arba, príomhchathair na nAnacaím (.i. Heabrón anois).
14. Thiomáin Cálaeb triúr mac Anac amach aisti: Séisea, Aichímeán, agus Talmai, sliocht Anac.
15. Ghabh sé suas as sin in aghaidh lucht áitribh Dheibír, ar a dtugtaí Ciriat Saefar tráth.
16. Dúirt Cálaeb ansin: «Tabharfaidh mé m' iníon Acsá mar bhean don té a chloífidh agus a ghabhfaidh Ciriat Saefar.»
17. Ba é fear a ghabh í ná Oitníéil mac Canaz, deartháir Chálaeb; thug Cálaeb a iníon Acsá dó le pósadh.
18. Nuair a tháinig sí go dtí a fear, ghriog seisean í chun gort a iarraidh ar a hathair. Phreab sí dá hasal agus d' fhiafraigh Cálaeb di: «Cad tá uait?»
19. D' fhreagair sise: «Tabhair bronntanas dom; ós rud é gur dhíbir tú mé go dtí an fásach, an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce.» Agus thug Cálaeb na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha di.
20. Ba é sin oidhreacht threibh chlann Iúdá de réir a bhfiní.
21. Seo iad na cathracha le treibh chlann Iúdá is sia ó dheas i dtreo teorainn Eadóm sa Neigib: Cabzael, Éidir, Iágúr,
22. Cíneá, Dimeoná Adádá,
23. Ceidis, Házór, Itneán,
24. Zif, Teilim, Beálót,
25. Házór Hadatá, Ciríót Heizreon (.i. Házór),
26. Amám, Seamá, Móládá,
27. Hazar Gadá, Heismeon, Béit Peilit,
28. Hazar Siúál, Béar Seaba, Bizióitiá,
29. Bálá, Iím, Eizim,
30. Eilteolad, Ceisíl, Hormá,
31. Zicleag, Madmaná, Sansaná,
32. Labáót, Silchím, Aín, agus Rimeon.
33. Naoi gcathair fichead ar fad lena mbailte.
34. Sna hísleáin: Eisteáól, Zorá, Aisneá,
35. Zánóa, Éan Gainím, Tapua, Éanám,
36. Iarmút, Adullám, Sócó, Azaecá, Seáraí, Aidíteaím, Gadaerá, Gadaerotáím; ceithre chathair déag lena mbailte.
37. Zeanán, Hadáiseá, Migdeal Gád,
38. Dileán, Mizpe, Ioctael,
39. Láicís, Bozcat, Eaglón,
40. Cabón, Lachmán, Citlís,
41. Gadaerót, Béit Dágón, Námá, Macaedá. Sé chathair déag lena mbailte.
42. Libneá, Eitir, Áiseán,
43. Ifteách, Aisneá, Nizib,
44. Ceíleá, Aiczíb, Máraeiseá. Naoi gcathair lena mbailte.
45. Eacrón lena bhailte agus a shráidbhailte.
46. Ó Eacrón go muir, a bhfuil ar thaobh Aisdeod, lena bhailte.
47. Aisdeod lena bhailte agus a shráidbhailte máguaird. Gazá lena bhailte agus a shráidbhailte máguaird chomh fada le sileán na hÉigipte; an Fharraige Mhór an teorainn.
48. Sna hardáin: Seáimír, Iaitír, Sócó,
49. Daná, Ciriat Saná (.i. Deibír),
50. Anáb, Eistimeo, Áiním,
51. Goisin, Holon, Giolo; aon chathair déag lena mbailte.
52. Aráb, Dúmá, Eiseán,
53. Iánúm, Béit Tapúach, Afaecá,
54. Humtá, Ciriat Arba (.i. Heabrón), Zíór; naoi gcathracha lena mbailte.
55. Máón, Cairmeil, Zíf, Iútá,
56. Iazrael, Iocdám, Zanóach,
57. Caín, Gibeá, Timneá; deich gcathracha lena mbailte.
58. Halhúl, Béit, Zúr, Gadór,
59. Márát, Béit Anót, Eilteacon; sé chathair lena mbailte.
60. Ciriat Bál (.i. Ciriat Iáraím), agus Rabá; dhá chathair lena mbailte.
61. San fhásach: Béit Arabá, Midín, Sacácá,
62. Nibseán, Cathair an tSalainn, Éan Geidí; sé chathair lena mbailte.
63. Ach níor fhéad muintir Iúdá na Iabúsaigh, lucht áitribh Iarúsailéim, a thiomáint amach; maireann na Iabúsaigh, dá réir sin, le muintir Iúdá in Iarúsailéim go dtí an lá inniu féin.

Iósua 16:1-10
1. An chuid oidhreachta a fuair clann Iósaef ar cranna ghabh sí soir ón Iordáin, os comhair Ireachó sall; ghabh an teorainn ar aghaidh ó Ireachó, agus an t-ardchlár suas go fásach Bhéitéil,
2. chuaigh sí ó Bhéitéil go Lúz agus ar aghaidh i dtreo theorainn na nAircíoch ag Atárót.
3. Síos léi ansin agus siar go teorainn na nIaflaetach chomh fada le críocha Bhéit Horon íochtaraigh, ansin go Geizir agus go ceann scríbe ag an bhfarraige.
4. Sin í an oidhreacht a fuair muintir Iósaef, Manaise agus Eafráim.
5. Maidir le fearann chlann Eafráim de réir a bhfiní: ba é Atárót Adár go Béit Horon uachtarach teorainn a n-oidhreachta lastoir.
6. Shroich sí ceann scríbe ag an bhfarraige? Micmeatát lastuaidh; chas an teorainn soir go Tanát Sileo, agus ar aghaidh thairis lastoir go Iánóchá.
7. Ghabh sí síos ansin ó Iánóchá go hAtárót agus go Nárá, theagmhaigh le Ireachó agus shroich ceann scríbe ag an Iordáin.
8. Ghabh an teorainn siar ó Thapúach go sileán Cháná agus shroich ceann scríbe ag an bhfarraige. Ba é sin oidhreacht chlann Eafráim de réir a bhfiní,
9. chomh maith leis na bailte a coinníodh do chlann Eafráim laistigh d' oidhreacht chlann Mhanaise na bailte sin go léir lena sráidbhailte máguaird.
10. Níor díbríodh na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir; tá cónaí orthu in Eafráim go dtí an lá inniu, ach tá cuing na daoirse orthu.

Salm 45:1-5
1. 1 Do stiúrthóir an chóir. Le fonn an cheadail «Na lilí?». Mascil chlann Chorach. Amhrán grá. 2 Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal. Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí; ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga. Salm 44
2. 3 Is tú an té is áille den Ádhamhchlann go huile agus doirteadh an grásta amach ar do bheola toisc gur bheannaigh do Dhia go brách is go deo thú.
3. 4 Déan do chlaíomh a chrochadh ar do cheathrú, a churaidh: faoi mhaise agus gradam gabh amach go caithréimeach ar son focal na fírinne, an chreidimh is an chirt.
4. 5 [Teann do bhogha] le do dheasláimh chumasach.
5. 6 Is géar iad do shaigheada; tá na ciníocha faoi chois agat. Tá naimhde an rí ar díth a meanman.

Seanfhocal 14:4-5
4. Gan damh gan farae; le neart daimh tagann fómhar fial.
5. Ní insíonn finné fírinneach bréag; ach tagann éitheach ón bhfinné bréagach le gach anáil.

Lúcás 11:29-54
29. Nuair a bhí na sluaite ag tiomsú chuige, thosaigh sé ag rá: «Is drochghlúin an ghlúin seo: tá sí ag lorg comhartha, agus comhartha ní thabharfar di ach comhartha Ióna.
30. Óir, amhail mar bhí Ióna ina chomhartha do na Nínivéigh, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine don ghlúin seo.
31. Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais le muintir na glúine seo agus daorfaidh sí iad, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.
32. Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d' fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.
33. «Ní lasann aon duine lampa agus é chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an tsoilse.
34. Is í do shúil lampa do choirp. Nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do chorp ar fad solasmhar freisin. Ach nuair a bhíonn sí tinn, bíonn do chorp ar fad sa dorchadas.
35. Féach chuige, mar sin, nach mbíonn an solas atá ionat ina dhorchadas.
36. Má bhíonn do chorp ar fad solasmhar dá bhrí sin, gan aon chuid den dorchadas ann, beidh sé solasmhar ar fad nuair a shoilsíonn an lampa lena ghile thú.»
37. Le linn na cainte, thug Fairisíneach cuireadh dó chun a mheán lae ina theach. Chuaigh sé isteach agus lig faoi ag bord.
38. Ar a fheiceáil sin don Fhairisíneach, b' ionadh leis nach ndearna sé an t-ionladh ar dtús roimh an bproinn.
39. Ach dúirt an Tiarna leis: «Sea, is Fairisínigh sibh féin: glanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias, ach tá an taobh istigh díbh lán de shlad agus de mhallaitheacht.
40. A dhaoine gan chiall, nach é an Té a rinne an taobh amuigh a rinne an taobh istigh freisin?
41. Ach tugaigí uaibh ina dhéirc an ní atá agaibh, agus tá gach aon ní glan daoibh feasta.
42. «Ach is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar go n-íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár.
43. «Is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar gur mór agaibh suí sa chéad áit sna sionagóga, agus cách a bheith ag beannú daoibh sna háiteanna poiblí.
44. «Is mairg daoibh, mar go bhfuil sibh ar nós na dtuamaí nach bhfeictear, go mbíonn daoine ag siúl os a gcionn gan fhios dóibh féin.»
45. Ach labhair duine de na dlíodoirí: «Ag caint mar sin duit, a Mháistir,» ar sé, «tugann tú easmailt dúinne freisin.»
46. Ach dúirt seisean: «Agus daoibhse freisin is mairg, dlíodoirí, mar go mbuaileann sibh ualaí do-iompair ar na daoine, ach barr aon mhéire ní chuirfidh sibh féin leis na hualaí céanna.
47. Is mairg daoibh, mar go dtógann sibh tuamaí na bhfáithe agus gurbh iad bhur n-aithreacha a mharaigh iad!
48. Sin mar is finnéithe sibh agus mar a thugann sibh toil do bhearta bhur n-aithreacha, óir rinne siad siúd iad a mharú, agus déanann sibhse an tógáil.
49. Agus sin é an fáth a ndúirt Eagna Dé: 'Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus déanfaidh siad cuid acu a mharú agus a ghéarleanúint,'
50. ionas go n-éileofar ar an nglúin seo fuil na bhfáithe uile a doirteadh ó thúsú an domhain,
51. ó fhuil Áibil go dtí fuil Zachairias a cuireadh chun báis idir an altóir agus an sanctóir: sea, deirim libh, éileofar ar an nglúin seo í.
52. Is mairg daoibh, dlíodoirí, óir rug sibh libh eochair an eolais; ní dheachaigh sibh féin isteach, agus iad seo a bhí ag dul isteach, chuir sibh cosc leo.
53. Agus ar dhul amach as sin dó, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag cothú na mioscaise chuige thar fóir agus á shaighdeadh chun cainte faoi iomad nithe,
54. iad in oirchill air chun greim a fháil ar fhocal éigin as a bhéal.