A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 22

Breithiúna 9:1-57
1. Chuaigh Aibímeilic mac Iarubál go Seicim, go bráithre a mháthar, agus dúirt leosan agus le fine uile theaghlach a mháthar:
2. «Cuirigí an cheist seo, le bhur dtoil, chun ceannairí Sheicim: 'Cé acu is fearr daoibh, deichniúr agus trí fichid, clann Iarubál ar fad, a bheith i gceannas oraibh nó aon duine amháin?' Cuimhnigí leis gur cnámh de bhur gcnámh agus feoil de bhur bhfeoil mise.»
3. Labhair bráithre a mháthar mar sin faoi le ceannairí uile Sheicim, agus tháinig lé acu le hAibímeilic, «Mar,» a dúradar leo féin, «is bráthair dúinn é.»
4. Thugadar seachtó seicil airgid dó as teampall Bhál Bheirít, agus bhain Aibímeilic feidhm as sin mar thuarastal do scraistí gan mhaith a lean é.
5. D' imigh sé leis ansin go teach a athar in Ofrá, agus mharaigh a bhráithre, clann mhac Iarubál, deichniúr agus trí fichid díobh ar an aon leac. Ach d' éalaigh Iótám an mac a ba óige le Iarubál, mar bhí sé imithe i bhfolach.
6. Chruinnigh ceannairí uile Sheicim agus Bhéit Mileo i gceann a chéile agus cheapadar Aibímeilic ina rí taobh le dair an cholúin i Seicim.
7. Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá: «Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim, i dtreo go n-éistfidh Dia libhse.
8. Chuaigh na crainn amach tráth Chun rí a ungadh dóibh féin Agus dúradar leis an gcrann olóige: ' Bíse i do rí orainn!'
9. Dúirt an crann olóige leo, ámh: ' An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhéathras, Lena dtugtar onóir do Dhia agus do dhaoine Chun a bheith i réim ar na crainn?'
10. Agus dúirt na crainn leis an gcrann figí: ' Tar thusa, agus bí i do rí orainn.'
11. Dúirt an crann figí leo, ámh: ' An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhilseacht Agus mo dhea-thoradh Chun a bheith i réim ar na crainn?'
12. Agus dúirt na crainn leis an bhfiniúin: ' Tar thusa agus bí i do rí orainn.'
13. Ach d' fhreagair an fhiniúin iad: ' An amhlaidh a thréigfidh mise m' fhíon A chuireann áthas croí ar Dhia agus ar dhaoine D' fhonn bheith i réim ar na crainn?'
14. Ansin dúirt na crainn go léir leis an dris: ' Tar thusa agus bí i do rí orainn.'
15. Ach dúirt an dris leis na crainn: ' Más mian libh dáiríre mise a ungadh i mo rí oraibh féin, Tagaigí ar scáth mo ghéag; É sin nó tagadh tine as an dris Agus loisceadh sí céadrais na Liobáine.'
16. «Dá réir sin, más le dea-intinn agus le hionracas a rinne sibh rí d' Aibímeilic, agus má bhí sibh go cóir cothrom le Iarubál agus lena theaghlach, agus má chúitigh sibh leis de réir mar a thuill a bheartasan
17. throid m' athair ar bhur son, chuir sé a anam i bhfiontar, agus d' fhuascail sé sibh ó láimh Mhidián;
18. ach seo sibhse inniu agus ceannairc déanta agaibh in aghaidh theaghlach m' athar, a sheachtó mac básaithe agaibh ar an aon leac, agus Aibímeilic, mac a dhaoirsí, ceaptha mar rí agaibh ar cheannairí Sheicim mar gur gaol daoibh féin é
19. más le dea-intinn agus le hionracas a phléigh sibh inniu le Iarubál, agus lena chlann, a deirim, gur chúis lúcháire agaibh é Aibímeilic, agus sibhse aigesean.
20. Ach mura ndearna sibh, go dtaga tine as Aibímeilic amach, agus go n-ídí sí muintir Sheicim agus Bhéit Mileo; agus go dtaga tine as ceannairí Sheicim agus Bhéit Mileo agus go n-ídí sí Aibímeilic.»
21. Theith Iótám leis ansin, agus d' éalaigh go Béar agus chuir faoi ansiúd le heagla roimh Aibímeilic a bhráthair.
22. Bhí Aibímeilic i réim in Iosrael ar feadh trí bliana.
23. Ansin sheol Dia drochspiorad aighnis idir Aibímeilic agus ceannairí Sheicim, agus rinne ceannairí Sheicim ceannairc in aghaidh Aibímeilic.
24. Is mar sin a bhí d' fhonn go ndéanfaí an choir a rinneadh in aghaidh Iarubál agus a sheachtó mac a agairt, agus go bhfillfeadh a bhfuil sa mhullach ar a mbráthair Aibímeilic a chuir chun báis iad, agus ar cheannairí Sheicim a chabhraigh leis a bhráithre a mharú.
25. Mar olc air, chuir ceannairí Sheicim dream in eadarnaí ar mhullach na sléibhte agus chreachaidís aon duine a ghabh an treo. Insíodh é sin d' Aibímeilic.
26. Tháinig Gál mac Eibid agus a ghaolta isteach i Seicim agus thug ceannairí Sheicim a n-iontaobh leis.
27. Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d' itheadar, d' óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic.
28. Dúirt Gál mac Eibid: «Cé he Aibímeilic, seachas sinne, muintir Sheicim, a rá is go ndéanfaimis fónamh dó? Nár chirte do mhac Iarubál agus Zabul, a leagáid, fónamh do mhuintir Hamór, athair Sheicim? Cén fáth go mbeimis inar ndaoir aige?
29. Cé chuirfidh an pobal seo faoi mo cheannas? Ansin thiomáinfinn amach Aibímeilic agus déarfainn le hAibímeilic: 'Méadaigh d' arm agus tar amach.'»
30. Nuair a chuala Zabul rialtóir na cathrach focail Ghál mac Eibid d' adhain a fhearg.
31. Chuir sé teachtairí go hAibímeilic in Arúmá á rá: «Féach, tá Gál mac Eibid agus a ghaolta tagtha go Seicim agus tá an chathair a griogadh acu i d' aghaidh.
32. Tar féin agus do lucht leanúna dá bhrí sin i gcoim na hoíche agus téigh in eadarnaí orthu sna bánta.
33. Ansin le héirí gréine ar maidin, éirigh amach go tapa agus tabhair faoin gcathair. Nuair a thiocfaidh Gál agus a chuid fear i d' aghaidh cuir an cluiche air de réir mar a oirfidh.»
34. Chuir Aibímeilic agus a lucht leanúna go léir chun bealaigh dá bhrí sin i gcoim na hoíche, agus chuadar in eadarnaí ar Sheicim ina gceithre díormaí.
35. Ghabh Gál mac Eibid amach agus mhoilligh ag béal gheata na cathrach; agus d' éirigh Aibímeilic agus a lucht leanúna as láithreacha eadarnaí.
36. Nuair a chonaic Gál na fir dúirt sé le Zabul: «Féach, seo fir anuas ó mhullach na sléibhte.» «Is ann is dóigh leat,» arsa Zabul leis, «gur fir iad scáthanna na sléibhte.»
37. «Seo fir,» arsa Gál arís, «ag teacht anuas ó Imleacán na Tíre, agus díorma eile ag teacht ó Dhair na nAsarlaithe.»
38. «Cá bhfuil an béal mór sin agat anois?» arsa Zabul leis, «tusa, a dúirt, ' Cé hé Aibímeilic a rá is go ndéanfaimis fónamh dó?' Nach iad seo an mhuintir dá ndearna tú beagsea? Amach leat anois dá bhrí sin agus cuir cath orthu!»
39. Ghabh Gál amach, dá bhrí sin, ar cheann slua cheannairí Sheicim agus chuir cath ar Aibímeilic.
40. Chuir Aibímeilic an ruaig air, agus theith sé roimhe, agus maraíodh a lán a treascraíodh sular bhféidir dóibh geataí na cathrach a shroicheadh.
41. D' fhill Aibímeilic ansin ar Arúmá agus dhíbir Zabul Gál agus a ghaolta agus choisc orthu maireachtáil i Seicim.
42. Lá arna mhárach chuaigh na fir amach sna goirt, agus chuala Aibímeilic ina thaobhsan.
43. Thug sé leis a chuid fear, roinn iad ina dtrí díormaí agus chuaigh in eadarnaí sna goirt. Nuair a chonaic sé na fir ag teacht as an gcathair, d' ionsaigh sé iad agus dhíothaigh iad.
44. Ghabh Aibímeilic agus an díorma a bhí in éineacht leis ar aghaidh go láithreacha ag béal gheata na cathrach, ach d' ionsaigh an dá dhíorma eile na fir go léir sna goirt agus chuireadar a n-ár.
45. Chaith Aibímeilic an lá sin go léir ag ionsaí na cathrach; ghabh sé í de ruathar, mharaigh a raibh inti, scartáil an chathair ó bhonn agus chuir salann mar shíol inti.
46. Nuair a chuala ceannairí Thúr Sheicim é sin, chuadar chun tearmainn i lusca theampall Éil Beirít.
47. Nuair a chuala Aibímeilic go raibh ceannairí Thúr Sheicim go léir cruinnithe ansiúd,
48. ghabh sé Sliabh Zalmón suas lena chuid fear go léir. Ansin rug sé greim ar thua, ghearr anuas gabháil bhrosna, d' ardaigh agus chuir ar a ghualainn é. Agus dúirt sé leis an muintir a bhí in éineacht leis: «Déanaigí aithris ar a bhfuil déanta agamsa, agus déanaigí sin go tapa.»
49. Ghearr gach duine díobh a ghabháil bhrosna dá bhrí sin, agus lean Aibímeilic agus leag ar an lusca é, agus chuireadar an lusca trí thine ar a mullach. Díscíodh muintir Thúr Sheicim uile chomh maith, timpeall míle fear agus bean.
50. Ansin chuaigh Aibímeilic in aghaidh Théibéiz agus chuir léigear air agus ghabh é de ruathar.
51. Ach bhí túr daingean sa chathair agus theith muintir na cathrach go léir, idir fhir agus mhná, chun dídine ann; d' iadar an doras agus chuadar in airde ar dhíon an túir.
52. Tháinig Aibímeilic chun an túir, agus d' ionsaigh é. Nuair a bhí sé ag déanamh ar dhoras an túir chun é a chur trí thine,
53. chaith bean éigin bró uachtair mhuillinn anuas sa mhullach air agus bhris a bhlaosc.
54. Ghlaoigh sé ar an toirt ar a ghiolla airm agus dúirt leis: «Tarraing do chlaíomh gan mhoill agus cuir chun báis mé, d' fhonn nach ndéarfaí fúm: 'Mharaigh bean é!'» Rop a ghiolla claíomh tríd dá bhrí sin agus fuair sé bás.
55. Nuair a chonaic saighdiúirí Iosrael go raibh Aibímeilic ar lár, d' imíodar leo, gach duine chun a thí féin.
56. Rinne Dia ar an gcuma sin an choir a rinne Aibímeilic in aghaidh a athar, nuair a mharaigh sé a sheachtó deartháir, a agairt air.
57. Agus thug Dia coirpeacht uile mhuintir Sheicim ar ais sa mhullach orthu féin agus tháinig mallacht Iótám mac Iarubál orthu chomh maith.

Breithiúna 10:1-18
1. Tar éis Aibímeilic, d' éirigh Tólá mac Phúá mac Dhódó, chun Iosrael a fhuascailt. Ba de threibh Íosácár é agus bhí cónaí air i Seámaír i sléibhte Eafráim.
2. Ba bhreitheamh in Iosrael é ar feadh trí bliana fichead; d' éag sé ansin agus cuireadh é i Seámaír.
3. Ina dhiaidhsean, d' eirigh Iáír ó Ghileád, agus ba bhreitheamh in Iosrael é ar feadh dhá bhliain fhichead.
4. Bhí deich mac fichead aige a dhéanadh marcaíocht ar dheich n-asal fichead; bhí deich gcathair fichead acu ar a dtugtar Longfoirt Iáír go dtí an lá inniu; tá siad i dtír Ghileád.
5. D' eag Iáír agus cuireadh é i gCámón.
6. Rinne pobal Iosrael an t-olc arís i bhfianaise an Tiarna. D' fhónadar do na Bálaím agus do na hAisteárót, do dhéithe Arám agus do dhéithe Shíodón, do dhéithe Mhóáb agus do dhéithe na nAmónach agus do dhéithe na bhFilistíneach; thréigeadar an Tiarna agus níor fhónadar dó a thuilleadh.
7. Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé ar láimh iad do na Filistínigh agus do na hAmónaigh,
8. agus ón mbliain sin ar aghaidh rinneadarsan cos ar bolg agus géarleanúint ar feadh ocht mbliana déag ar chlann Iosrael ar chlann Iosrael go léir a bhí ag cur fúthu lastall den Iordáin i gcríocha na nAmórach atá i nGileád.
9. Tháinig na hAmónaigh freisin thar Iordáin anall chun troid in aghaidh Iúdá agus Bhiniáimin agus teaghlach Eafráim, agus bhí Iosrael i gcruachás agus in éigean.
10. Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna agus dúradar: «Pheacaíomar i d' aghaidh, mar gur thréigeamar ár nDia agus gur fhónamar do na Bálaím.»
11. D' fhreagair an Tiarna clann Iosrael: «Nár fhuascail mé sibh ó na hÉigiptigh, na hAmóraigh, na hAmónaigh, na Filistínigh,
12. na Síodónaigh, Amáiléic agus Midián, nuair a rinne siadsan cos ar bolg oraibh agus gur ghlaoigh sibh orm?
13. Dá ainneoin sin, thréig sibh mise agus rinne sibh fónamh do dhéithe eile; uime sin ní dhéanfaidh mé fuascailt oraibh arís.
14. Imígí agus glaoigí ar na déithe is rogha libh! Déanaidís-sean sibh a fhuascailt in am an ghátair!»
15. D' fhreagair clann Iosrael an Tiarna: «Pheacaíomar! Déan do rogha rud linn, ach fuascail sinn, impímid ort, inniu féin!»
16. Chaitheadar uathu na déithe deoranta a bhí acu agus rinneadar fónamh don Tiarna, agus níorbh fhéidir dósan cur suas leis an ngéarleanúint ar Iosrael a thuilleadh.
17. Thionóil na hAmónaigh agus shuíodar a longfort i nGileád. Chruinnigh clann Iosrael agus shuíodar a longfort i Mizpeá.
18. Ansin dúirt na daoine, ceannairí Ghileád, le chéile: «Cé chuirfidh ceann ar an gcath in aghaidh na nAmónach? Bíodh seisean i gceannas ar an muintir go léir atá ag cur fúthu i nGileád.»

Salm 50:1-6
1. Salm Ásáf. Labhair an Tiarna is é Dia na ndéithe é agus ghair sé chuige an chruinne. Salm 49
2. As Síón a shoilsigh Dia le barr scéimhe;
3. Tháinig ár nDia amach, ní fhanfaidh sé ina thost. Gluaisfidh tine chraosach roimhe amach agus anfa gaoithe ina thimpeall.
4. Fágfaidh sé a fhianaise ar neamh agus ar talamh go dtabharfaidh sé breithiúnas ar a phobal:
5. «Cruinnigí mo phobal naofa i mo láthair a cheangail mo chonradh le híobairt.»
6. Foilsíonn na flaithis a fhíréantacht óir is é Dia é féin is breitheamh.

Seanfhocal 14:25-27
25. Sábhálann finné fírinneach daoine ón mbás; is fealltóir an bréagaire.
26. Ábhar teann muiníne ag duine is ea eagla an Tiarna; beidh sé mar thearmann ag a chlann.
27. Foinse beatha is ea eagla an Tiarna, lena seachnaíonn duine gaistí an bháis.

Lúcás 16:1-31
1. Dúirt sé lena dheisceabail freisin: «Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine.
2. Chuir sé fios air agus dúirt leis: 'Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.'
3. Ansin dúirt an maor ina aigne: 'Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba nár liom dul le déirc.
4. Tá a fhios agam cad a dhéanfaidh mé, ionas, nuair a bheidh mé briste as an maoirseacht, go nglacfaidh siad isteach ina dtithe mé.'
5. Ghlaoigh sé chuige gach aon duine dá raibh i bhfiacha ag a mháistir, agus dúirt leis an gcéad duine: 'Cé mhéad atá ag mo mháistir ort?'
6. Dúirt seisean: 'Tá céad bairille ola.' Dúirt sé leis: 'Tóg do bhille, suigh síos, agus scríobh go tapa caoga.'
7. Ansin dúirt sé le duine eile: 'Cé mhéad atá amuigh ortsa?' Dúirt seisean: 'Tá céad ceathrú arbhair.' Dúirt sé leis: 'Tóg do bhille agus scríobh ochtó.'
8. Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.
9. Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.
10. An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin.
11. Dá bhrí sin, mura raibh sibh iontaofa faoin airgead mímhacánta, cé a thaobhóidh libh an saibhreas fírinneach?
12. Agus mura raibh sibh iontaofa faoin rud a bhí ar iasacht agaibh, cé thabharfaidh daoibh an rud is libh de sheilbh dhílis?
13. Ní féidir do sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.»
14. Bhí na Fairisi.nigh, a thug grá don airgead, ag éisteacht leis an méid sin uile agus bhí siad ag dranngháire faoi.
15. Agus dúirt sé leo: «Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.
16. «Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean.
17. Ach is fusa neamh agus talamh a imeacht ná aon ghiota amháin den dlí a dhul ar lár.
18. «Gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas, agus an té a phósann bean a scaoileadh óna fear, déanann sé adhaltranas.
19. «Bhí fear saibhir ann a mbíodh corcra agus sról rómhín mar éadach air, agus é go taibhseach gach lá ag bord aoibhinn.
20. Agus bhíodh duine bocht darbh ainm Lazaras ina luí le hais a gheata agus screamh othras air
21. agus arbh é ba mhian leis a shá a fháil den sprúilleach a thiteadh ó bhord an fhir shaibhir; agus fós, bhíodh na gadhair féin ag teacht ag lí na n-othras aige.
22. Ach ansin fuair an duine bocht bás, agus iompraíodh ag na haingil é go hucht Abrahám. Fuair an fear saibhir bás freisin agus adhlacadh é.
23. Agus in ifreann dó, d' ardaigh sé a shúile agus é i bpiolóidí, agus chonaic Abrahám i bhfad uaidh agus Lazaras ina ucht.
24. Agus ghlaoigh sé amach: 'A athair Abrahám,' ar sé, ' bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfadh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaródh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.'
25. Ach dúirt Abrahám: 'Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá.
26. Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.'
27. Dúirt seisean: 'Iarraim ort más ea, a athair, é chur go dtí teach m' athar
28. óir tá cúigear dearthár agam chun go dtabharfadh sé fios an scéil dóibh d' eagla go dtiocfaidís sin freisin san áit seo na bpiolóidí.'
29. Dúirt Abrahám: 'Tá Maois acu agus na fáithe; éistidís leo sin.'
30. Dúirt sé: 'Ní hea, a athair Abrahám, ach má théann duine ó na mairbh chucu déanfaidh siad aithrí.'
31. Ach dúirt sé leis: 'Mura n-éisteann siad le Maois agus leis na fáithe, ní mó a ghéillfidh siad má éiríonn duine ó mhairbh.'»