A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 16

Iósua 21:1-45
1. Ansin tháinig ceannairí finí na Léivíteach go hEileázár sagart agus go Iósua mac Nún, agus go ceannairí finí threibheanna Iosrael
2. Bhíodarsan ag Sileo i dtír Chanán. Dúirt siad leo: «D' ordaigh an Tiarna trí Mhaois cathracha a thabhairt dúinn le cónaí iontu, agus an talamh timpeall orthu mar fhéarach dár n-eallach.»
3. Dá réir sin de bharr ordú an Tiarna, thug clann Iosrael na cathracha seo inár ndiaidh agus an talamh féaraigh a ghabh leo do na Léivítigh as a n-oidhreacht.
4. Caitheadh cranna ar son chuid finí na gCohátach. Thit trí chathair déag de chuid treibheanna Iúdá, Shimeon, agus Bhiniáimin leis na Léivítigh a chin ó chlann Árón an sagart.
5. An chuid eile de chlann Chohát, fuair siad ar cranna, fine ar fhine, deich gcathair ó threibheanna Eafráim, Dhán agus leath-threibh Mhanaise.
6. Fuair clann Ghéirseon ar cranna, fine ar fhine, trí chathair déag ó threibheanna Íosácár, Áiséar, Naftáilí agus an leath de threibh Mhanaise a chuir faoi i mBáiseán.
7. Fuair clann Mharáraí ar cranna, fine ar fhine, dhá chathair déag de threibh Reúbaen, Ghád agus Zabúlun.
8. Thug clann Iosrael na cathracha seo agus an talamh féaraigh a ghabh leo do na Léivítigh faoi mar a d' ordaigh an Tiarna trí bhéal Mhaois.
9. De threibh Iúdá agus de threibh Shimeon thugadar na cathracha seo a luafaimid ó ainm inár ndiaidh;
10. sliocht Árón a fuair iad seo, fine de chuid na gCohátach a bhain le treibh Léiví mar gur orthu a thit an chéad chrann.
11. Thugadar dóibh Ciriat Arba (Arba athair Anac), Heabrón is é sin, in ardáin Iúdá, agus an talamh féaraigh ina thimpeall.
12. Ach thugadar garraithe agus sráidbhailte na cathrach seo ina sheilbh do Chálaeb mac Iafuna.
13. Thugadar do chlann Árón, an sagart, Heabrón, cathair thearmainn do mharfóirí, agus an talamh féaraigh ina thimpeall; thugadar freisin Libneá lena thalamh féaraigh,
14. agus Iaitír lena thalamh féaraigh, Eistimeo lena thalamh féaraigh,
15. Holon lena thalamh fearaigh, Deibír lena thalamh féaraigh,
16. Aín lena thalamh féaraigh, Iutá lena thalamh féaraigh, Béit Seimis lena thalamh féaraigh naoi gcathracha de chuid an dá threibh sin.
17. Ansin de threibh Bhiniáimin, Gibeón lena thalamh féaraigh, Geaba lena thalamh féaraigh,
18. Anatót lena thalamh féaraigh, Almón lena thalamh féaraigh ceithre cathracha.
19. Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag sliocht Árón, na sagairt, trí cathracha déag lena dtalamh féaraigh.
20. Maidir le finí chlann Chohát, na Léivítigh eile de chlann Chohát, thit cathracha leo do threibh Eafráim.
21. Tugadh dóibh Seicim, an chathair thearmainn don mharfóir, lena thalamh féaraigh in ardáin Eafráim, agus Geizir lena thalamh féaraigh,
22. agus Ciobzaím lena thalamh féaraigh, Béit Horon lena thalamh féaraigh ceithre cathracha;
23. de threibh Dhán, Eilticé, lena thalamh féaraigh, Gibiteon lena thalamh féaraigh,
24. Aiálón lena thalamh féaraigh, Gat Rimeon lena thalamh féaraigh ceithre cathracha.
25. De leath-threibh Mhanaise, Tánác lena thalamh féaraigh, agus Ibleám lena thalamh féaraigh dhá chathair.
26. Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag an chuid eile d' fhiní chlann Chohát, deich gcathracha ar fad lena dtalamh féaraigh.
27. Tugadh do shliocht Ghéirseon, d' fhiní Léivíteach, de leath-threibh Mhanaise, an chathair thearmainn don mharfóir Golán i mBáiseán, lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh dhá chathair.
28. De threibh Íosácár Diseon lena thalamh féaraigh, Dábarat lena thalamh féaraigh,
29. Iarmút lena thalamh féaraigh, Éan Gainím lena thalamh féaraigh ceithre cathracha.
30. De threibh Áiséar Miseal lena thalamh féaraigh, Abdón lena thalamh féaraigh,
31. Healcat lena thalamh féaraigh, Rachob lena thalamh féaraigh ceithre cathracha.
32. De threibh Naftáilí, Ceidis, an chathair thearmainn don mharfóir sa Gailíl, lena thalamh féaraigh, Hamat Dór lena thalamh féaraigh, agus Cartán lena thalamh féaraigh trí cathracha.
33. Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag na Géirseonaigh, de réir a bhfiní, trí chathair déag lena dtalamh féaraigh.
34. Tugadh do shliocht Mharáraí, an chuid eile de na Léivítigh, ceithre cathracha lena dtalamh féaraigh, de threibh Zabúlun, Iocnám, lena thalamh féaraigh, Cartá lena thalamh féaraigh,
35. Rimeon lena thalamh féaraigh, Nahalál lena thalamh féaraigh ceithre cathracha.
36. De threibh Reúbaen, lastall den Iordáin, Beizir lena thalamh féaraigh, Iaház lena thalamh féaraigh,
37. Cidéamót lena thalamh féaraigh, Maefát lena thalamh féaraigh ceithre cathracha.
38. De threibh Ghád, Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, an chathair thearmainn don mharfóir, Machanaím lena thalamh féaraigh,
39. Heisbeon lena thalamh féaraigh, Iazaer lena thalamh féaraigh ceithre cathracha ar fad.
40. Ba é an líon cathracha a tugadh, fine ar fhine, do shliocht Mharáraí, a raibh fágtha d' fhiní na Léivíteach is é sin, dhá chathair déag.
41. Ba é an líon cathracha i gcríocha chlann Iosrael a bronnadh ar na Léivítigh, ocht gcathair agus daichead lena dtalamh féaraigh.
42. Ghabh a talamh féaraigh máguaird le gach cathair díobhsan; mar sin a bhí ag gach cathair díobh.
43. Ar an gcaoi sin bhronn an Tiarna ar Iosrael an talamh go léir a mhionnaigh sé dá n-aithreacha a thabharfadh sé dóibh; ghabhadar seilbh air agus chuireadar fúthu ann.
44. Thug an Tiarna síocháin dóibh ar gach teorainn faoi mar a mhionnaigh sé dá n-aithreacha; níor éirigh le hoiread agus namhaid dá gcuid an fód a sheasamh ina n-aghaidh, mar gur chuir an Tiarna a naimhde go léir faoina mbois.
45. Oiread agus gealltanas de na gealltanais fhónta go léir a thug an Tiarna do theaghlach Iosrael, níor theip; comhlíonadh gach ceann.

Iósua 22:1-34
1. Chuir Iósua fios ar na Reúbaenaigh, ar na Gádaigh agus ar leath-threibh Mhanaise.
2. Dúirt sé leo: «Tá gach ní a d' ordaigh Maois, óglach an Tiarna, daoibh curtha i gcrích agaibh; agus gach aon ordú a thug mise daoibh, thug sibh cluas do mo ghlór maidir leo.
3. Níor thréig sibh bhur mbráithre le linn an fheachtais fhada seo, go dtí an lá seo féin, ach chomhlíon sibh go beacht orduithe an Tiarna, bhur nDia.
4. Tá suaimhneas tugtha ag an Tiarna, bhur nDia, do bhur mbráithre mar a gheall sé dóibh. Filligí dá bhrí sin agus ar ais abhaile libh mar a bhfuil bhur dtailte, na tailte a thug Maois, óglach an Tiarna, mar shealúchas daoibh lastall den Iordáin.
5. Féachaigí chuige le barr cúraim go gcomhlíonfaidh sibh na haitheanta agus an dlí a thug Maois, óglach an Tiarna, daoibh; bíodh grá agaibh don Tiarna, bhur nDia, leanaigí ar a chosáin i gcónaí, comhlíonaigí a aitheanta, bígí dílis dó agus déanaigí seirbhís dó ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán.»
6. Chuir Iósua a bheannacht orthu agus sheol uaidh iad agus d' imíodar leo abhaile.
7. Bhí tailte i mBáiseán tugtha ag Maois do leath-threibh Mhanaise; don leath eile thug Iósua tailte eile i measc a mbráithre ar bhruach thiar na Iordáine. Nuair a bhí Iósua á seoladh abhaile, chuir sé a bheannacht orthu
8. agus dúirt leo: «Tá sibh ag filleadh abhaile lena lán maoine, le mórchuid eallaigh, le hairgead agus ór, le cré-umha agus iarann agus le flúirse éidí. Déanaigí creach seo bhur naimhde a roinnt ar bhur mbráithre chomh maith.»
9. D' imigh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leaththreibh Mhanaise abhaile arís. D' fhág siad clann Iosrael i Sileo i dtír Chanán, agus d' fhill ar ais ar dhúiche Ghileád, na tailte a bhain leo, mar ar chuir siad fúthu de réir mar a d' ordaigh an Tiarna dóibh ó bhéal Mhaois.
10. Nuair a shroich siad na ciorcail chloch ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, altóir mhór thaibhseach.
11. Fuair na hIosraelaigh gaoth an fhocail faoi seo: «Féach,» a deirtí, «thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ar theorainn thír Chanán, in aice na gciorcal cloch ag an Iordáin, ar thaobh thailte na nIosraelach.»
12. Arna chlos sin dóibh, thionól pobal Iosrael go léir ag Sileo le fonn cogadh a chur orthu.
13. Sheol clann Iosrael chun na Reúbaenach, na nGádach, agus leath-threibh Mhanaise i dtír Ghileád, Píneachás sagart, mac Eileázár,
14. agus, mar aon leis, deichniúr ceannairí, ceannaire agus ceann fine as gach treibh in Iosrael; ba cheann fine ar chlanna Iosrael gach duine díobh.
15. Nuair a tháinig siad chun na Reúbaenach, na nGádach, agus leaththreibh Mhanaise i dtír Ghileád, is é a dúirt siad seo leo:
16. «Mar seo a deir comhthionól uile an Tiarna libh: 'Cén chealg í seo a rinne sibh in aghaidh Dia Iosrael? Cad ab áil libh ag casadh i leataobh ón Tiarna inniu, ag tógáil altóra agus ag déanamh ceannairce inniu in aghaidh an Tiarna?
17. Nár leor an peaca ag Peór, peaca nach bhfuil glanta ar fad dínn fós d' ainneoin na plá a tháinig dá bharr ar chomhthionól an Tiarna go léir?
18. De bhrí gur chas sibh i leataobh ón Tiarna a leanúint inniu, agus ceannairc a dhéanamh inniu in aghaidh an Tiarna, beidh seisean i bhfearg le comhthionól Iosrael go léir amárach.
19. An amhlaidh go bhfuil bhur bhfearann truaillithe? Tagaigí anall, más ea, go fearann an Tiarna mar a bhfuil Both an Tiarna ina seasamh anois, agus faighigí oidhreacht daoibh féin inár measc; ach ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna, agus ná déanaigí lucht ceannairce dínne chomh maith, le haltóir a thógáil daoibh féin seachas altóir an Tiarna ár nDia.
20. Nuair a rinne Ácán mac Zearach feall ar iontaoibh maidir leis an mbang, nár tháinig fearg an Tiarna ar chomhthionól Iosrael go léir? Ní hé féin amháin a scriosadh de bharr a pheaca.'»
21. Ansin mar fhreagra ar chinn finí Iosrael dúirt na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise:
22. «Dia na ndéithe, an Tiarna, Dia na ndéithe, is maith atá a fhios ag an Tiarna, agus bíodh a fhios ag Iosrael chomh maith: má rinneamar ceannairc nó feall in aghaidh an Tiarna, ná déanadh sé anacal orainn inniu;
23. nó má thógamar altóir chun casadh i leataobh agus gan an Tiarna a leanúint, agus íobairtí uileloiscthe agus abhlanna agus íobairtí comaoineach a ofráil uirthi, go ndéana an Tiarna féin é a agairt orainn!
24. Ach le fírinne, rinneamar é le heagla go ndéarfadh bhur gclannsa lá éigin lenár gclannna: 'Cén bhaint atá agaibhse leis an Tiarna, Dia Iosrael?
25. Nach ndearna an Tiarna teorainn den Iordáin idir sinne agus sibhse, a chlann Reúbaen agus a chlann Ghád? Níl cuid agaibh sa Tiarna.' Ar an gcaoi sin d' fhéadfadh bhur gclannsa a chosc ar ár gclann-na seirbhís a thabhairt don Tiarna.
26. Dúramar dá bhrí sin: 'Tógaimís altóir anois, ní le haghaidh ofrálacha uileloiscthe ná íobairtí,
27. ach le bheith ina finné, idir sinne agus sibhse agus idir ár sliocht inár ndiaidh, go dtugaimid seirbhís don Tiarna lenár n-íobairtí uileloiscthe agus ár n-abhlanna agus ár n-íobairtí comaoineach ina láthair, le heagla go mba fhéidir le bhur gclannsa a rá lenár gclann-na: «Níl cuid agaibh sa Tiarna.» '
28. Mheasamar dá ndéarfaí a leithéid sin linn féin nó lenár sliocht lá éigin le teacht, go ndéarfaimís: 'Féach, an macasamhail seo d' altóir an Tiarna a rinne ár n-aithreacha, ní le haghaidh ofrálacha uileloiscthe ná íobairtí, ach le bheith ina finné idir sibhse agus sinne.'
29. I bhfad uainne ceannairc a dhéanamh in aghaidh an Tiarna, nó casadh i leataobh agus gan an Tiarna a leanúint trí altóir a thógáil d' íobairt uileloiscthe nó d' abhlanna, nó d' íobairt chomaoineach, seachas altóir an Tiarna, ár nDia, a sheasann os comhair a bhotha!»
30. Nuair a chuala Píneachás sagart agus ceannairí an chomhthionóil, cinn finí Iosrael, a bhí in éineacht leis, na focail a dúirt clann Reúbaen, clann Ghád, agus clann Mhanaise, d' aontaíodar leo le fonn.
31. Ansin dúirt Píneachás mac Eileázár sagart le clann Reúbaen, clann Ghád, agus clann Mhanaise: «Tá a fhios againn go dianmhaith anois go bhfuil an Tiarna inár measc, mar ní dhearna sibh an feall seo ar an Tiarna; tá clann Iosrael, más ea, fuascailte agaibh ó láimh an Tiarna.»
32. Ansín d' fhág Píneachás sagart, mac Eileázár, agus na ceannairí slán ag clann Reúbaen agus ag clann Ghád agus d' fhill ó thír Ghileád ar thír Chanán agus ar chlann Iosrael agus thug tuairisc dóibh.
33. Thaitin an tuairisc seo le clann Iosrael, agus ghabh siad buíochas leis an Tiarna, agus bhí deireadh acu le caint ar chogadh a chur orthu, agus ar an tír inar chuir clann Reúbaen agus clann Ghád fúthu a chreachadh.
34. Thug clann Reúbaen agus clann Ghád [Finné] mar ainm ar an altóir, «Mar,» ar siad, «beidh sí ina finné eadrainn gurb é an Tiarna is Dia.»

Salm 46:7-11
7. 8 Tá Tiarna na Slua inár bhfochair, is daingean dúinn Dia Iacóib.
8. 9 Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna, na héachtaí móra a rinne sé ar talamh.
9. 10 Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne: briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna, loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.
10. 11 «Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann, in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.»
11. 12 Tá Tiarna na Slua inár bhfochair, is daingean dúinn Dia Iacóib. Selah

Seanfhocal 14:12-13
12. Tá cosán ann a shamhlaíonn díreach do dhuine ach níl de chríoch air ach slí an bháis.
13. Sa gháire féin bíonn cumha chroí, agus sé an dobrón is críoch don lúcháir.

Lúcás 13:1-22
1. San am sin féin tháinig daoine i láthair á insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Pioláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n-íobairtí a mheascadh ar a chéile.
2. Dúirt sé leo á bhfreagairt: «An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir?
3. Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna.
4. Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d' áitritheoirí Iarúsailéim?
5. Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.»
6. Dúirt sé an parabal seo: «Bhí fear ann a raibh crann fígí curtha ina fhíonghort aige, agus tháinig sé ag lorg toraidh air agus ní bhfuair.
7. Dúirt sé le curadóir na fíniúna: 'Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann fígí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?'
8. Ach dúirt seisean leis á fhreagairt: 'A mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis,
9. agus b' fhéidir go dtabharfadh sé toradh uaidh; ach mura dtugann, gearrfaidh tú anuas é feasta.'»
10. Bhí sé ag teagasc i sionagóg lá sabóide.
11. Agus bhí an bhean seo ann a raibh anspiorad inti á déanamh tinnlag le hocht mbliana déag; bhí sí cromtha ar a chéile agus gan ar chumas di seasamh díreach ar chor ar bith.
12. Nuair a chonaic Íosa í, ghair sé chuige í agus dúirt léi: «A bhean, tá tú fuascailte ó d' éagruas,»
13. agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia.
14. Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá saboide, agus dúirt leis an bpobal: «Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.»
15. D' fhreagair an Tiarna é: «A bhréagchráifeacha,» ar sé, «nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é?
16. Agus an bhean seo, is iníon d' Abrahám, a bhí ar ceangal ag Sátan, féach, ar feadh ocht mbliana déag nár cheart í scaoileadh ón ngéibheann seo lá na sabóide?»
17. Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d' áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce.
18. Agus dúirt sé: «Cad leis a bhfuil ríocht Dé cosúil? Cad leis a gcuirfidh mé i gcomparáid í?
19. Tá sí cosúil le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chaith sé uaidh ina gharraí, agus d' fhás sé agus rinne crann mór de agus chuaigh éanlaith an aeir ar foscadh ina chraobhacha.»
20. Agus dúirt sé arís: «Cad leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid?
21. Tá sí cosúil le gabháil a thóg bean agus a d' fholaigh sí i dtrí peice plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.»
22. Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go Iarúsailéim.