Instagram
English
A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 11

Iósua 11:1-23
1. Nuair a chuala Iáibín rí Házór na nithe sin chuir sé scéala fúthu go Ióbab rí Mhádón agus go rí Shimreon agus go rí Aicseáf,
2. agus go dtí na ríthe sna hardáin thuaidh agus sa ghleann laisteas de Chinearót agus sna hísleáin agus sna leitreacha siar ó Dhór;
3. go dtí na Canánaigh thoir agus thiar, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh sna sléibhte, agus na Hivigh faoi scáth Hearmón i Mizpeá.
4. Chuireadar chun bealaigh lena sluaite go léir, iad líonmhar mar ghaineamh na trá, le capaill agus carbaid gan áireamh.
5. Tháinig na ríthe seo go láthair choinne agus chomhdhála agus shuíodar a gcampaí le hais a chéile ag uiscí Mhaeróm chun troid in aghaidh Iosrael.
6. Dúirt an Tiarna le Iósua: «Ná bíodh aon eagla ort rompu siúd, mar an taca seo amárach fágfaidh mé iad go léir treascartha os comhair a súl ag Iosrael; déan speireacha a n-each a ghearradh agus tine a chur lena gcarbaid.»
7. Tháinig Iósua agus a ghaiscígh go léir gan choinne orthu ag uiscí Mhaeróm, agus thugadar fúthu.
8. Thug an Tiarna ar láimh d' Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.
9. Rinne Iósua leo mar a d' ordaigh an Tiarna; ghearr sé speireacha a n-each agus dhóigh sé a gcarbaid.
10. D' fhill Iósua ansin agus ghabh sé Házór agus d' imir faobhar claímh ar a rí. Bhí ceannas ag Házór ar na ríochtaí sin go léir tráth.
11. Chuireadar chun báis de rinn claímh gach dúil bheo inti, agus iad faoin mbang. Níor fágadh duine inti le hanáil na beatha ann agus ansin loisc sé Házór.
12. Ghabh Iósua cathracha na ríthe sin go léir agus a ríthe go léir; d' imir sé faobhar claímh orthu agus iad curtha faoin mbang, faoi mar a d' ordaigh Maois óglach an Tiarna.
13. Níor loisc Iosrael aon chathair díobh siúd go léir ar a dtulaigh, seachas Házór amháin a chuir Iósua trí thine.
14. Thug muintir Iosrael leo mar chreach éadáil agus eallach na gcathracha sin; d' imríodar faobhar claímh ar gach daonnaí, agus scriosadar iad go léir; níor fhágadar fiú duine agus anáil na beatha ann.
15. Gach ar ordaigh an Tiarna do Mhaois a óglach, thug seisean mar ordú do Iósua, agus chuir Iósua i gcrích é, gan faillí a dhéanamh ar aon ní dár ordaigh an Tiarna do Mhaois.
16. Fuair Iósua seilbh ar an tír sin go léir, na hardáin, an Neigib go léir, agus fearann uile Ghoisin, na hísleáin, an tArabá, ardáin agus ísleáin Iosrael.
17. Ó Shliabh Hálác a éiríonn i dtreo Shaeír chomh fada le Bál Gád in nGleann na Liobáine faoi scáth Hearmón, ghabh sé na ríthe go léir, threascair iad agus bhásaigh iad.
18. Chuir Iósua cogadh ar na ríthe sin go léir ar feadh i bhfad.
19. Ní dhearna cathair síocháin le clann Iosrael ach na Hivigh a mhair i nGibeón; i gcath a fuaireadar an lámh uachtair ar an gcuid eile go léir.
20. Ba é deonú an Tiarna a gcroíthe a chruadh chun go rachaidís chun catha in aghaidh Iosrael d' fhonn go gcuirfí gan taise faoin mbang iad agus go scriosfaí iad mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
21. Ansin tháinig Iósua agus scrios sé na hAnácaím ó na hardáin, ó Heabrón, ó Dheibír, ó Anáb, ó ardáin Iúdá go léir agus ó ardáin Iosrael go léir; chuir sé iad féin agus a gcathracha faoin mbang.
22. Níor fágadh aon Anácaím i bhfearainn chlann Iosrael ach ag Gazá, Gat, agus Aisdeod.
23. Fuair Iósua seilbh ar an tír ar fad, faoi mar a dúirt an Tiarna le Maois, agus thug sé é d' Iosrael mar oidhreacht de réir mar a bhíodar roinnte ina dtreibheanna. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.

Iósua 12:1-24
1. Siad seo ríthe na tíre a chloígh clann Iosrael agus ar ghabhadar seilbh ar a gcríocha lastall den Iordáin agus i dtreo an oirthir, ó shileán Arnón go Sliabh Hearmón, agus an tArabá ar fad lastoir:
2. Síochon rí na nAmórach a bhí ag cur faoi i Heisbeón, agus ag rialú ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón agus com an ghleanna san áireamh thar leath Ghileád chomh fada le habhainn an Iaboc, teorainn na nAmónach;
3. agus soir thar an Arabá go Muir Chinearót ar thaobh, agus go Muir an Arabá, Muir an tSalainn, i dtreo Bhéit Isimiot chomh fada le spoir shliabh Phisceá ar an taobh theas;
4. Óg rí Bháiseán, duine d' iarmhar na Rafáím, a bhí ag cur faoi in Aisteárót agus in Eidreí;
5. bhí sé i gceannas ar Shliabh Hearmón agus ar Shalacá agus ar Bháiseán go léir go teorainn na nGeasúrach agus na Mácátach, agus ar leath Ghileád go teorainn Shíochon rí Heisbeón.
6. Chloígh Maois óglach an Tiarna agus clann Iosrael iadsan; agus thug Maois óglach an Tiarna a dtailte ina seilbh do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh, agus do leath-threibh Mhanaise.
7. Seo iad ríthe na dúiche a chloígh Iósua agus clann Iosrael laistiar den Iordáin ó Bhál Gád i nGleann na Liobáine go Sliabh Hálác, in airde i dtreo Shaeír; agus bhronn Iósua a bhfearainn ar threibheanna Iosrael mar chuid roinne:
8. sna hardáin agus na hísleáin; san Arabá agus ar na sleasa; san fhásach agus sa Neigib, i gcríocha na Hiteach, na nAmórach, na gCanánach, na bPirizeach, agus na Iabúsach:
9. rí Ireachó, duine; rí Háí le hais Bhéitéil, duine;
10. rí Iarúsailéim, duine; rí Heabrón, duine;
11. rí Iarmút, duine; rí Láicís, duine;
12. rí Eaglón, duine; rí Gheizir, duine;
13. rí Dheibír, duine; rí Gheidir, duine;
14. rí Hormá, duine; rí Arád, duine;
15. rí Libneá, duine; rí Adulám, duine;
16. rí Mhacaedá, duine; rí Bhéitéil, duine;
17. rí Thapúach, duine; rí Héifir, duine;
18. rí Afaec, duine; rí Laiseárón, duine;
19. rí Mhádón, duine; rí Házór, duine;
20. rí Shimearón, duine; rí Aicseáf, duine;
21. rí Thánac, duine; rí Mhigideo, duine;
22. rí Cheidis, duine; rí Iocnán i gCairmeil, duine;
23. rí Dhór ar shleasa sléibhte Dhór, duine; rí Ghóím sa Ghailíl, duine;
24. rí Thirzeá, duine. Líon iomlán na ríthe sin: triúr déag ar fhichid.

Salm 44:4-19
4. 5 Is tú mo rí agus mo Dhia a thug barr agus bua do Iacób.
5. 6 Is tríotsa a chloíomar ár naimhde gur ghabhamar de chosa i lucht ceannairce i d' ainm.
6. 7 Óir ní i mo bhogha a chuir mé mo dhóchas, ná níorbh é mo chlaíomh a thug saor mé,
7. 8 ach is tusa a shábháil ónár naimhde sinn agus a chuir náire ar an drong a thug fuath dúinn.
8. 9 Bhímis ag maíomh as Dia i dtólamh agus ag tabhairt moladh do d' ainm de shíor. Selah
9. 10 Ach anois tugann tú droim láimhe dúinn go dímheasúil agus ní ghabhann tú amach lenár sluaite.
10. 11 Tugann tú orainn cúlú roimh ár naimhde agus déanann lucht ár bhfuatha slad orainn.
11. 12 Thug tú suas sinn mar chaoirigh chun ár maraithe. Chuir tú scaipeadh orainn ar fud na gciníocha.
12. 13 Dhíol tú do phobal in aisce, agus ní bhfuair tú dada de bharr a ndíolta.
13. 14 Rinne tú ábhar achasáin dínn dár gcomharsana, cúis gháire dá mbíonn inár dtimpeall,
14. 15 ceap aithise i mbéal na gciníocha agus ceap magaidh i measc na náisiún.
15. 16 Bíonn mo tharcaisne os mo chomhair de shíor agus luisne na náire i mo leiceann
16. 17 de bharr ghlór an scigire agus an sciolladóra de dheasca an namhad agus an díoltasaí.
17. 18 Tháinig na nithe seo uile orainn anuas siúd is nach ndearnamar dearmad ort, is nach rabhamar mídhílis do do chonradh
18. 19 ná ní dheachaigh ár gcroí ar gcúl, ná ní dheachaigh ár gcosa ar seachrán uait,
19. 20 bíodh gur bhrúigh tú in áit na hainnise sinn agus gur fholaigh tú le scáil an bháis sinn.

Seanfhocal 14:1-2
1. Tógann an [eagna] teach di féin, ach déanann an bhaois é scartáil lena lámha féin.
2. An té a shiúlann ar chosán na fíréantachta, bíonn eagla an Tiarna air; ach an té ar claon iad a bhealaí, is beag é a mheas air.

Lúcás 10:25-42
25. D' éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: «A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?»
26. Dúirt sé leis: «Cad tá scríofa sa dlí? Cad a léann tú ann?»
27. D' fhreagair sé agus dúirt: «' Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d' anam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó d' aigne go hiomlán'; agus ' do chomharsa mar thú féin.'»
28. Dúirt sé leis: «Thug tú an freagra ceart: déan an méid sin agus beidh an bheatha agat.»
29. Ach ó b' áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa: «Agus cé hé mo chomharsa?»
30. Thug Íosa freagra air á rá: «Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é lomadh agus é leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh.
31. Ach le halt na haon uaire, bhí sagart ag dul síos an bóthar sin, agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis.
32. Mar an gcéanna do Léivíteach: ar theacht chun na háite agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis.
33. Ach, Samárach a bhí ag gabháil an bóthar, tháinig sé mar a raibh sé, agus ar a fheiceáil dó, ghabh trua é,
34. agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachta, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de.
35. Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: 'Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.'
36. Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?»
37. Dúirt sé: «An té a rinne an trócaire air.» Dúirt Íosa leis: «Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.»
38. Sa tslí dóibh, tháinig sé isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí.
39. Bhí deirfiúr aici darbh ainm Máire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar.
40. Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt: «A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i m' aonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.»
41. Dúirt an Tiarna léi á freagairt: «A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe.
42. Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.»