A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Aibreán 21

Breithiúna 7:1-25
1. D' éirigh Iarubál (Gideón is é sin) an-mhoch, agus rinne a lucht leanúna go léir amhlaidh, agus shuíodar a longfort ag Éan Harod; bhí longfort Mhidián lastuaidh díobh, sa chom faoi bhun shliabh Mhóire.
2. Ansin dúirt an Tiarna le Gideón: «Tá an iomad slua farat le go dtabharfainn Midián faoina láimh, le heagla go maífeadh Iosrael astu féin i m' aghaidh, á rá: 'Neart mo láimhe féin a d' fhuascail mé.'
3. Tabhair an fógra seo dá bhrí sin don phobal anois: 'Téadh aon duine a bhfuil scéin nó eagla air, abhaile.'» Chuir Gideón ar a dtriail iad: chuaigh fiche míle abhaile agus d' fhan deich míle.
4. Dúirt an Tiarna le Gideón: «Tá an iomad fear agat fós. Tabhair go himeall an uisce iad agus déanfaidh mé iad a chur ar a dtriail ansiúd duit. Má deirim faoi dhuine: 'Tá sé seo le dul i do theannta,' téadh an té sin i do theannta. Agus má deirim faoi dhuine: 'Níl sé siúd le dul i do theannta,' ná téadh an té sin i do theannta.»
5. Thug Gideón síos go himeall an uisce iad agus dúirt an Tiarna: 'Gach duine a dhéanann an t-uisce a leadhbadh lena theanga, dála an mhadra, cuir i leataobh é; gach duine a théann ar a ghlúine ag ól, cuir ar an taobh eile é.»
6. Ba é líon na ndaoine a leadhb lena dteanga ag cur a lámh lena mbéal, trí chéad fear; chuaigh an chuid eile go léir ar a nglúine ag ól an uisce.
7. Ansin dúirt an Tiarna le Gideón: «Leis an trí chéad fear a rinne an leadhbadh, déanfaidh mé sibh a fhuascailt, agus tabharfaidh mé an lámh in uachtar duit ar Mhidián. Téadh an chuid eile go léir ar ais, gach duine chun a thí féin.»
8. Thóg [Gideón] a raibh de chrúscaí agus d' adharca ag an bpobal, agus chuir sé na hIosraelaigh eile go léir chun siúil, gach duine go dtí a bhoth féin, gan ach an trí chéad a choimeád aige féin. Bhí longfort Mhidián sa chom laistíos de.
9. I gcaitheamh na hoíche céanna dúirt an Tiarna leis: «Bí i do shuí, agus síos leat go dtí an longfort, mar thug mé ar láimh duit é.
10. Ach más eagal leat tabhairt faoi, beir do ghiolla Purá síos leat ar dtús,
11. agus éist lena bhfuil á rá acu; cuirfidh sin misneach ort, agus ansin déanfaidh tú ionsaí ar an longfort.» D' imigh sé síos dá bhrí sin le Purá a ghiolla go dtí urphoist shaighdiúirí an longfoirt.
12. Bhí Midián agus Amáiléic agus muintir an Oirthir go léir leata ar fud an choma mar lócaistí le líonmhaire; bhí líon gan áireamh de chamaill acu, mar ghaineamh na trá le líonmhaire.
13. Nuair a shroich Gideón, bhí fear ag insint dá chomrádaí faoi bhrionglóid: «Taibhríodh taibhreamh dom,» ar sé; «féach! ghabh builín eorna de ruathar trí longfort Mhidián; shroich sé an bhoth, bhuail í, leag í, agus chuir tóin in airde í.»
14. D' fhreagair a chomrádaí: «Ní foláir nó gurb é sin claíomh Ghideón mac Ióáis, an tIosraelach; tá Midián agus an slua go léir tugtha ina láimh ag Dia dó.»
15. Nuair a chuala Gideón an bhrionglóid á hinsint agus á ciallú, chaith sé é féin ar a ghlúine. Ansin d' fhill sé ar longfort Iosrael agus dúirt: «Bígí in bhur suí: mar tá longfort Mhidián curtha faoinár láimh ag an Tiarna.»
16. Ansin roinn Gideón an trí chéad fear ina dtrí díormaí, chuir adharc i láimh gach duine díobh, agus crúsca folamh agus lóchrann i ngach crúsca.
17. Dúirt sé leo: «Fairigí mise agus déanaigí mar a dhéanaimse. Nuair a thiocfaidh mé go himeall an longfoirt, déanaigí díreach mar a dhéanfaidh mise.
18. Nuair a shéidfidh mé ar an adharc, mé féin agus an dream a bheidh faram, ansin séidigí sibhse leis ar an adharc ar gach taobh den longfort agus cuirigí gáir suas: 'Don Tiarna agus do Ghideón.'»
19. Tháinig Gideón agus an céad fear a bhí ina theannta go himeall an longfoirt ag tús faire na meánoíche, nuair a bhí foireann nua faire ceaptha. Shéideadar ar a n-adharca agus bhriseadar na crúscaí a bhí ina lámha.
20. Shéid na trí díormaí ar a n-adharca, agus bhriseadar a gcrúscaí; rugadar greim ar na lóchrainn ina gciotóga agus ar na hadharca le séideadh ina ndeasóga; agus chuireadar gáir suas: «(Claíomh) don Tiarna agus do Ghideón!»
21. Sheas gach duine ina láthair féin timpeall an longfoirt. [Dhúisigh] lucht an longfoirt go léir agus theitheadar agus iad ag liúirigh.
22. Fad a bhí an trí chéad ag séideadh a n-adharc, chuir an Tiarna claíomh gach duine in aghaidh a chéile sa longfort. Theitheadar go léir chomh fada le Béit Siteá i dtreo Záratán, go himeall Ábael Machólá os comhair Thabát.
23. Tionóladh fir Iosrael le chéile ó Naftáilí, ó Áiséar, agus ó Mhanaise go léir, agus chuadar sa tóir ar Mhidián.
24. Chuir Gideón teachtairí trí ardáin Eafráim á rá: «Tagaigí anuas i gcoinne Mhidián, agus gabhaigí na huiscí orthu as seo go Béit Bárá, agus an Iordáin chomh maith.» Tháinig muintir Eafráim go léir dá bhrí sin agus ghabhadar na huiscí as sin go Béit Bárá, agus an Iordáin.
25. Ghabhadar dhá thaoiseach Mhidián, Oraeb agus Zéib; mharaíodar Oraeb ag Carraig Oraeb agus Zéib ag Cantaoir Zéib. Chuadar sa tóir ar Mhidián, agus thugadar cinn Oraeb agus Zéib go Gideón lastall den Iordáin.

Breithiúna 8:1-35
1. Dúirt muintir Eafráim le [Gideón]: «Cad ab ail leat leathchuma mar seo a dhéanamh orainn; agus gan glaoch orainn nuair a chuaigh tú chun cogaidh le Midián?» Rinneadar casaoid ghéar ina aghaidh,
2. ach d' fhreagair sé iad: «Cad tá déanta agamsa seachas agaibhse? Nach fearr ceannóga finiúna Eafráim ná fómhar fíona Aibíeizir?
3. Thug Dia taoisigh Mhidián, Oraeb agus Zeib, ar láimh daoibh. Cad a ba fhéidir domsa a dhéanamh seachas sibhse?» Ansin chuaigh a bhfearg ar ceal ar chlos na bhfocal sin.
4. Tháinig Gideón go dtí an Iordáin agus chuaigh thairsti sall, ach bhí sé féin agus a thrí céad comrádaí sa tóir tuirseach tnáite.
5. Dúirt sé dá bhrí sin le muintir Shucót: «Tugaigí roinnt builíní aráin do mo lucht leanúna, le bhur dtoil, mar tá siad traochta agus táimse sa tóir ar Zeaba agus Zalmuná, ríthe Mhidián.»
6. D' fhreagair taoisigh Shucót: «Arán a thabhairt do d' arm? An ea go bhfuil greim agaibh cheana féin ar Zeaba agus ar Zalmuná?»
7. Agus dúirt Gideón: «Tá go maith mar sin! Nuair a thabharfaidh an Tiarna Zeaba agus Zalmuná ar láimh dom, déanfaidh mé bhur bhfeoil a stolladh le deilgneach fásaigh agus le seacha.»
8. Chuaigh sé as sin go Panúéil agus d' iarr sé an rud céanna orthu; thug muintir Phanúéil freagra air mar a rinne muintir Shucót.
9. Agus d' fhreagair sé muintir Phanúéil: «Nuair a fhillfidh mé faoi bhua, scriosfaidh mé an túr seo.»
10. Bhí Zeaba agus Zalmuná i gCarcor lena n-arm, timpeall cúig mhíle dhéag fear, a raibh fagtha ar fad d' arm mhuintir an Oirthir. Bhí céad agus a fiche míle de lucht iompair airm ar lár.
11. Ghabh Gideón suas ar feadh bealach na gcarbhán lastoir de Noba agus Iogbahá agus d' ionsaigh sé an t-arm gan choinne.
12. Theith Zeaba agus Zalmuná, chuaigh sé sa tóir orthu, ghabh dhá rí Mhidián, Zeaba agus Zalmuná, agus [scrios] sé an t-arm go léir.
13. Ansin d' fhill Gideón mac Ióáis ón gcath trí Mhám Heireas.
14. Ghabh sé fear óg de mhuintir Shucót, agus cheistigh é agus scríobh seisean síos dó ainmneacha taoisigh agus seanóirí Shucót, seachtar seachtód ar fad.
15. Ansin tháinig sé go muintir Shucót agus dúirt leo: «Seo iad Zeaba agus Zalmuná a ndearna sibh achasán a chaitheamh liom ina dtaobh, á rá: 'Arán a thabhairt do d' arm traochta! An ea go bhfuil greim agat cheana féin ar Zeaba agus Zalmuná?'»
16. Ansin ghabh sé seanóirí na cathrach, agus fuair sé deilgneach fásaigh agus sceacha agus [stoll] sé muintir Shucót leo.
17. Scrios sé túr Phanúéil agus chuir sé ár mhuintir na cathrach.
18. Ansin dúirt sé le Zeaba agus Zalmuná: «Cér leis ar chosúil na fir a mharaigh sibh ag Tábór?» «Cosúil leat féin,» ar siad; «ba gheall le mac rí gach duine díobh ar a iompar.»
19. D' fhreagair Gideón: «Ba dheartháireacha dom iad, clann mo mháthar féin; dar an Tiarna beo, dá ndéanfadh sibh anacal anama orthu, ní chuirfinn chun báis sibh.»
20. Ansin d' ordaigh sé do Ieitir an mac ba shine aige: «Éirigh agus cuir chun báis iad!» Ach níor tharraing an mac a chlaíomh; ní raibh sé de mhisneach aige; ní raibh ann ach ógánach.
21. Ansin dúirt Zeaba agus Zalmuná: «Éirigh féin agus maraigh sinn; óir tá neart fir de réir mar atá an fear sin.» Ansin d' éirigh Gideón féin agus mharaigh Zeaba agus Zalmuná, agus ghearr anuas na stuanna a bhí ar mhuiníl a gcamall.
22. Dúirt muintir Iosrael le Gideón ansin: «Bí i gceannas orainn thú féin agus do chlann mhac, agus mac do mhic chomh maith, mar d' fhuascail tú sinn as láimh Mhidián.»
23. Dúirt Gideón leo: «Ní bheidh mise i gceannas oraibh, ná ní bheidh mo mhac i gceannas oraibh; beidh an Tiarna i gceannas oraibh.»
24. Dúirt Gideón leo: «Tá achainí agam oraibh; tugadh gach duine agaibh na fáinní as a chreach dom» bhí fáinní óir á gcaitheamh ag an dream a cloíodh mar ba Ísméiligh iad.
25. D' fhreagair siad: «Tabharfaimid agus fáilte.» Leath sé brat ansin agus chaith gach duine díobh na fáinní as a chreach ar an mbrat.
26. Ba é meáchan na bhfainní óir a d' éiligh sé ná míle seacht gcéad seicil óir, seachas na toirc, agus na siogairlíní agus na héidí corcra a chaitheadh ríthe Mhidián, agus na stuanna a bhíodh timpeall ar mhuiníl a gcuid camall.
27. Rinne Gideón éafód de seo go léir agus chuir é ina chathair féin, in Ofrá. Ina dhiaidh rinne Iosrael go léir striapachas ina leith agus ba ghaiste do Ghideón agus dá mhuintir é.
28. Fuair Iosrael an lámh in uachtar ar Mhidián ar an gcuma sin, agus níor ardaíodar a gceann arís, agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain, fad a mhair Gideón.
29. Chuaigh Iarubál mac Ióáis i leataobh chun cónaithe ina theach féin.
30. Bhí deichniúr mac agus trí fichid ag Gideón, dá shíolrach féin, mar bhí mórán ban aige.
31. Bhí bean luí aige i Seicim agus rug sí sin mac dó chomh maith, ar ar thug sé Aibímeilic.
32. Bhí seanaois faoi shéan ag Gideón mac Ióáis; d' éag sé agus adhlacadh é i dtuama a athar, Ióáis, in Ofrá na nAibíeizreach.
33. Tar éis bháis do Ghideón chrom clann Iosrael ar striapachas a dhéanamh i ndiaidh na mBál, agus ghlacadar le Bál Beirít mar dhia.
34. Níor chuimhin le hIosrael a thuilleadh an Tiarna a nDia a d' fhuascail iad óna naimhde go léir ina dtimpeall.
35. Ba bheag é a mbuíochas do theaghlach Iarubál (.i. Gideón) ar son a ndearnadar de mhaith d' Iosrael.

Salm 49:10-20
10. 11 Feiceann sé an saoi agus an daoi ar lár agus a maoin ag daoine eile ina ndiaidh.
11. 12 Tuamaí is dídean dóibh go brách, a n-árais chónaithe ó ghlúin go chéile cé go mbíodh a n-ainm in airde sa tír.
12. 13 Óir ní buan é séan an duine; is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.
13. 14 Slí na baothmhuiníne a slí siúd, críoch na droinge lenarb áil a maoin. Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe
14. 15 mar a ndéanfaidh an bás a n-aoireacht agus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad. Imeoidh a dtaibhse ar maidin; san uaigh a bheidh a n-áras acu feasta.
15. 16 Ach saorfaidh Dia m' anamsa ar ifreann an uair a ghlacfaidh sé chuige féin mé.
16. 17 Ná bíodh eagla ort má éiríonn duine saibhir; má mhéadaíonn ar mhaoin a theaghlaigh.
17. 18 Nuair a éagfaidh sé ní bhéarfaidh sé dada leis, ná ní rachaidh a rachmas chun na huaighe leis.
18. 19 Cé gur bhreá leis a shaol fad a mhair sé «maífidh gach aon neach mo shéanmhaireacht»
19. 20 rachaidh sé i bhfochair a shinsear nach bhfeicfidh an solas go brách.
20. 21 Óir ní buan é séan an duine; is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.

Seanfhocal 14:22-24
22. Nach bhfuil breall ar lucht na claonbheartaíochta? Bíonn cneastacht agus dílse i ndán do lucht na scéimeanna córa.
23. Bíonn toradh ar gach saothar; níl de bharr cainte gan éifeacht ach an ghannchúis.
24. Coróin na ngaoismhear a ngaois, an bhaois a bhíonn mar chraobh ag na baotha.

Lúcás 15:11-32
11. Dúirt sé freisin: «Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige.
12. Agus dúirt an duine ab óige acu lena athair: 'A athair, tabhair dom an chuid den sealúchas atá ag titim chugam.' Agus roinn sé a mhaoin shaolta eatarthu.
13. Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d' imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach.
14. Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin bheith in uireasa.
15. D' imigh sé agus rinne fostú le duine de mhuintir na tíre sin, agus chuir seisean faoina chuid talún é ag aoireacht mhuc.
16. Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a d' itheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad.
17. Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: 'Cá liacht de lucht tuarastail ag m' athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta!
18. Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun m' athar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse;
19. ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm; déan díom mar a bheadh duine de do lucht tuarastail.'
20. Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, á chaitheamh féin ar a bhráid agus á mhúchadh le póga.
21. Dúirt an mac leis: 'A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.'
22. Ach dúirt an t-athair lena sheirbhísigh: 'Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa,
23. agus tugaigí libh an lao biata agus maraígí é, agus bímis ag ithe agus ag aoibhneas;
24. óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.' Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.
25. «Bhí an mac ba shine aige ar fud na talún, agus nuair a tháinig sé i ngar don teach, chuala an ceol agus an rince.
26. Ghlaoigh sé chuige duine de na giollaí agus d' fhiafraigh de cad é an rud é seo a bhí ar bun.
27. Dúirt seisean leis: 'Do dheartháir a bheith tagtha, agus mharaigh d' athair an lao biata de chionn go bhfuair sé ar ais slán é.'
28. Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach. Tháinig a athair amach ag achainí air.
29. Ach dúirt sé lena athair á fhreagairt: 'Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde.
30. Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.'
31. Ach dúirt sé leis: 'A mhic, bíonn tusa liom i gcónaí, agus gach a bhfuil agam is leat;
32. ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.'»