A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Márta 7

Uimhreacha 11:1-35
1. Bhí an pobal ag cnáimhseán i dtaobh a gcruatan faoi éisteacht an Tiarna, agus arna gclos don Tiarna d' adhain a fhearg agus las lasair an Tiarna ina measc agus loisc sé imeall den champa.
2. Ansin rinne an pobal achainí ar Mhaois agus ghuigh sé chun an Tiarna agus chuaigh an tine in éag.
3. Tugadh Tabaerá ar an áit mar gur loisc lasair an Tiarna ina measc.
4. An daoscarshlua a bhí i measc an phobail, bhuail miangas iad, agus chrom clann Iosrael chomh maith ar lógóireacht arís: «Cé thabharfaidh feoil le hithe dúinn?» ar siad.
5. «Cad é iasc, mar is cuimhin linn, a d' ithimís in aisce san Éigipt! agus cúcamair, agus mealbhacáin, agus cainninn, agus oinniúin, agus gairleoga.
6. Ach anois níl géarú goile againn agus gan ach manna os comhair ár súl againn.»
7. Anois bhí an manna mar shíol coiriandair, agus dealramh bdellium air.
8. Ghabhadh an pobal timpeall agus chruinnídís é, agus mheilidís i muilte é, nó bhrúidís le tuairgnín é; dhéanaidís é a bhruith ansin i bpotaí, agus dhéanaidís cístí de. Bhí blas air mar a bheadh ar chístí bruite le hola.
9. Nuair a thiteadh an drúcht ar an gcampa san oíche, thiteadh an manna in éineacht leis.
10. Chuala Maois an pobal ag lógóireacht, gach clann i mbéal a botha, agus adhnadh fearg an Tiarna go tréan, agus bhí suaitheadh mór ar Mhaois dá bharrsan.
11. Dúirt Maois leis an Tiarna: «Cén fáth go bhfuil do shearbhónta agat á chrá? Cén fáth nach bhfuil do ghnaoi orm, ach tú ag cur ualach an phobail seo go léir sa mhullach orm?
12. An mise a ghin an mhuintir seo go léir? An mise a thug ar an saol iad a rá is go ndéarfá liom: 'Beir leat i d' ucht iad mar a dhéanfadh buime le leanbh cíche chun na tíre a mhionnaigh tú a thabharfá dá n-aithreacha'?
13. Cá bhfuil feoil le fáil agamsa le tabhairt don mhuintir seo go léir nuair a thagann siad chugam agus na deora leo á rá: 'Tabhair dúinn feoil le hithe!'?
14. Ní féidir domsa an pobal seo go léir a iompar liom féin amháin; tá an t-ualach ró-throm dom.
15. Más mar sin is mian leat plé liom, maraigh mé ar an toirt! Uch gan do ghnaoi a bheith orm agus gan mé a fheiceáil truamhéile mar seo le mo shúile cinn!»
16. Dúirt an Tiarna le Maois: «Cruinnigh dom seachtó de sheanóirí Iosrael, daoine is eol duit is sinsir ar an bpobal agus is scríobhaithe acu. Beir leat iad go Both na Teagmhála agus seasaídís ansiúd farat.
17. Tiocfaidh mé anuas chun labhairt leat ansiúd agus tógfaidh mé cuid den spiorad atá ortsa agus cuirfidh mé orthu siúd é. Iompróidh siad mar sin cuid d' ualach na muintire seo in éineacht leat agus ní bheidh ort é a iompar leat féin amháin a thuilleadh.
18. Abair leis an bpobal: 'Coisricigí sibh féin don lá amárach, agus beidh feoil le hithe agaibh, óir rinne sibh lógóireacht i gcomhchlos don Tiarna á rá: Cé thabharfaidh feoil le hithe dúinn? Nár bhreá an saol a bhí againn san Éigipt! Uime sin tabharfaidh an Tiarna feoil le hithe daoibh.
19. Ní ar feadh lae amháin, nó dhá lá, nó cúig lá, nó deich lá, nó fiche lá, a íosfaidh sibh í,
20. ach ar feadh mí iomlán, go dtí go gcuirfidh sí masmas oraibh agus go mbeidh an ghráin agaibh uirthi, mar gur shéan sibh an Tiarna atá in bhur measc agus go ndearna sibh lógóireacht ina láthair á rá: Cad ab áil linn teacht amach as an Éigipt ar aon chor?'»
21. Dúirt Maois: «Sé líon an phobail i mo thimpeall, sé chéad míle troitheach, agus deir tú: 'Tabharfaidh mé feoil le hithe dóibh ar feadh mí iomlán!'
22. Dá marófaí na tréada agus na táinte go léir dóibh, ar leor sin dóibh? Dá mbaileofaí a bhfuil d' iasc san fharraige dóibh, ar leor sin dóibh?»
23. «Ar giorraíodh lámh an Tiarna?» arsa an Tiarna le Maois, «feicfidh tú anois an gcomhlíonfar mo gheallúint duit nó nach ndéanfar.»
24. Chuaigh Maois amach dá bhrí sin agus d' inis don phobal cad dúirt an Tiarna; agus chruinnigh sé seachtó de sheanóirí an phobail agus thug leis agus chuir timpeall na Botha iad.
25. Ansin tháinig an Tiarna anuas sa néal agus labhair leis agus thóg de cuid den spiorad a bhí air agus chuir ar an seachtó seanóir é. Nuair a luigh an spiorad orthu rinneadar fáidheoireacht. ach ní dhearnadar sin arís.
26. D' fhan beirt fhear sa champa Ealdad a ba ainm do dhuine díobh agus Méadad a ba ainm don duine eile. Luigh an spiorad orthu; cé nach ndeachadar go dtí an Bhoth cláraíodh a n-ainmneacha leis an gcuid eile. Chromadar ar fháidheoireacht sa champa.
27. Rith an fear óg leis an scéala go Maois: «Féach! seo Ealdad agus Méadad ag fáidheoireacht sa champa!»
28. Ansin dúirt Iósua mac Nún, duine tofa dá chuid a bhíodh ag fónamh do Mhaois: «A Mhaois, a thiarna, cuir cosc leo!»
29. Ach dúirt Maois leis: «An amhlaidh atá formad ort ar mo shonsa? Uch nach fáithe iad pobal an Tiarna ar fad, agus nár chuir an Tiarna a spiorad orthu go léir!»
30. Ansin d' fhill Maois, agus seanóirí Iosrael lena chois, ar an gcampa.
31. Ghabh gaoth amach ón Tiarna agus thiomáin sé gearga isteach ón bhfarraige agus thug anuas iad láimh leis an gcampa. Bhíodar ina luí ansiúd aistear lae, abair, ón gcampa, ina thimpeall ón dá thaobh, agus iad dhá bhanláimh ar airde ar an talamh.
32. D' fhan an pobal ar a gcois an lá agus an oíche sin go léir, agus lá arna mhárach chomh maith, ag cruinniú gearg; deich n-ómar an cnuasach is lú a rinne aon duine. Ansin leathadar amach dóibh féin timpeall an champa iad.
33. Bhí an fheoil fós faoina bhfiacla, gan cogaint, nuair a d' adhain fearg an Tiarna in aghaidh an phobail, agus bhuail an Tiarna an pobal le plá rómhór.
34. Uime sin tugadh Ciobrót Hatavá («Uaigheanna an Mhiangais») ar an áit mar is ansiúd a d' adhlacadar an dream a ghéill dá miangas.
35. Chuir an pobal chun siúil ó Chiobrót Hatavá go Hazaerót; agus shuíodar a gcampa i Hazaerót.

Uimhreacha 12:1-16
1. Rinne Miriám, agus Árón chomh maith léi, monabhar in aghaidh Mhaois i dtaobh na mná Cuisíteach a phós sé; óir phós sé Cuisíteach mná.
2. Dúradar: «An trí Mhaois amháin a labhair an Tiarna? Nár labhair sé trínne chomh maith?» Chuala an Tiarna é sin.
3. Anois bhí Maois sárumhal, bhí sé ar an duine ba umhla ar talamh.
4. Labhair an Tiarna de gheit le Maois le hÁrón agus le Miriám: «Tagadh an triúr agaibh amach,» ar sé, «go Both na Teagmhála.» Chuadar a dtriúr,
5. agus thuirling an Tiarna ina cholún néil agus sheas ag doras na Botha. Ghlaoigh sé ar Árón agus ar Mhiriám agus tháinig siad chun tosaigh.
6. Dúirt an Tiarna: «Éistigí anois le mo bhriathra: Más fáidh aon duine in bhur measc, Cuirim mé féin in aithne dó i bhfis; Labhraím leis in aisling.
7. Ach ní amhlaidh le Maois mo shearbhónta; Mo theach is baile dó;
8. Labhraím leis béal ar bhéal, Go soiléir gan tomhaiseanna, Agus feiceann sé cló an Tiarna. «Conas, más ea, go bhfuil sé de dhánaíocht ionaibh, monabhar a dhéanamh in aghaidh mo shearbhónta Maois?»
9. Las bladhm feirge an Tiarna ina gcoinne. D' imigh sé leis.
10. Chomh luath agus a d' imigh an néal ón mBoth, ba shin Miriám ina lobhar, chomh geal le sneachta. Chas Árón agus d' fhéach uirthi; b' shiúd í ina lobhar.
11. Dúirt Árón le Maois: «Fóir orainn, a thiarna! Ná hagair orainn peaca a rinneamar le baois ach ina bhfuilimid ciontach.
12. Ná bíodh sí mar árrachtach ag teacht ó bhroinn a mháthar agus leath a chuid feola lofa.»
13. Ghuigh Maois go hard chun an Tiarna: «A Dhia,» ar sé, «leigheas í le do thoil, impím ort!»
14. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Mura ndéanfadh a hathair ach seile a chaitheamh san aghaidh uirthi, nach mbeadh sí ina ceap náire ar feadh seacht lá? Cuirtear ar leithrigh amach ón gcampa í ar feadh seacht lá, agus ansin ina dhiaidh sin tugtar isteach arís í.»
15. Cuireadh Miriám ar leithrigh dá bhrí sin amach ón gcampa ar feadh seacht lá agus níor chuir an pobal chun bealaigh gur tugadh Miriám isteach arís.
16. Ansin d' imigh na daoine ó Hazaerót agus shuíodar campa i bhfásach Phárán.

Salm 31:15-18
15. 16 Tá m' anam ag brath ort, saor mé ón namhaid is ó chách ar mo thóir.
16. 17 Taispeain do ghnúis ghrianmhar do do ghiolla; tabhair slán mé i do ghrá.
17. 18 Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort; go gcuirtear náire ar na hurchóidigh. Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad;
18. 19 go mbalbhaítear a mbéal bréagach, a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalach le teann uabhair is tarcaisne.

Seanfhocal 11:12-14
12. Amadán an té a dhéanann magadh faoina chomharsa; fanann an duine tuisceanach ina thost.
13. Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheilt ach coimeádann an duine iontaofa rúin.
14. Teipeann pobal cheal treorach; ní baol dóibh nuair is iomadúil iad na comhairleoirí.

Marcas 10:12-14
12. Agus má scaoileann bean a fear uaithi agus fear eile a phósadh, déanann sí adhaltranas.»
13. Agus bhí siad ag tabhairt na leanaí chuige chun go sínfeadh sé a lámh orthu, ach bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu.
14. Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéadfa air agus dúirt leo: «Ligigí do na leanaí teacht chugam; na coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé.