A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Márta 6

Uimhreacha 9:1-23
1. Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái an chéad mhí den dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:
2. «Coimeádadh clann Iosrael an Cháisc san am atá ceaptha di.
3. An ceathrú lá déag den mhí seo, idir dhá sholas tráthnona, an t-am atá ceaptha daoibh í a choimeád. Ní foláir daoibh í a cheiliúradh de réir gach dlí agus gnás a bhaineann léi.»
4. D' ordaigh Maois do chlann Iosrael dá bhrí sin an Cháisc a choimeád.
5. Cheiliúradar an Cháisc i bhfásach Shíonái, ar an gcéad mhí, ar an gceathrú lá déag den mhí sin, idir dhá sholas tráthnóna. Rinne clann Iosrael go cruinn beacht mar a d' ordaigh an Tiarna dóibh.
6. Bhí fir áirithe a bhí neamhghlan mar gur bhaineadar le corpán agus nárbh fhéidir dóibh an Cháisc a cheiliúradh an lá sin. Thángadar go Maois agus go hÁrón an lá sin féin,
7. agus dúirt siad leis: «Táimid fágtha neamhghlan mar gur bhaineamar le corpán; cén fáth a bhfuiltear a chosc orainne ofráil a dhéanamh don Tiarna ag an am cuí in éineacht leis an gcuid eile de chlann Iosrael?»
8. D' fhreagair Maois iad: «Fanaigí mar a bhfuil sibh go gcluine mé cad é an t-ordú a thabharfaidh an Tiarna fúibh.»
9. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
10. «Abair le clann Iosrael: 'Má bhíonn aon duine agaibhse nó de bhur sliocht neamhghlan mar gur bhain sé le corpán, nó má bhíonn sé ar aistear i gcéin, is féidir dó Cáisc a choimeád don Tiarna mar sin féin.
11. Coimeádaidís í ar an dara mí, ar an gceathrú lá déag, idir dhá sholas tráthnóna; caithidís an t-uan le harán slim agus le luibheanna searbha;
12. ná fágtar aon chuid de go maidin, agus ná bristear aon chnámh ann; coimeádaidís an Cháisc seo ar aon dul díreach le gnás na Cásca.
13. Ach an té atá glan agus nach bhfuil ar aistear, ach nach gcoimeádann an Cháisc san am céanna, gearrtar an duine sin amach óna phobal, mar nár ofráil sé ofráil an Tiarna ag an am a bhí ceaptha; bíodh ualach a pheaca ar an té sin.
14. Má bhíonn coimhthíoch ag cur faoi in bhur measc agus go gcoimeádann an Cháisc don Tiarna, ní foláir dó í a choimeád de réir reacht agus gnás na Cásca. Bíodh an t-aon reacht amháin in bhur measc do dheoraí agus do dhúchasach mar an gcéanna.'»
15. An lá a cuireadh suas an taibearnacal, chlúdaigh an néal an taibearnacal agus both na Fianaise. Ó thráthnona go maidin luigh sé ar an taibearnacal faoi chló tine.
16. D' fholaigh an néal é gan stad dá réir sin, agus é faoi chló tine san oíche.
17. Nuair a d' ardaíodh an néal ón mboth, chuireadh clann Iosrael chun siúil; cibé áit ina luíodh an néal, ansiúd a shuíodh clann Iosrael a gcampa.
18. Faoi ordú an Tiarna a chuireadh clann Iosrael chun bóthair agus faoi ordú uaidh a shuídís campa. Fad a luigh an néal ar an taibearnacal, d' fhanadar sa champa.
19. Má luíodh an néal tamall fada de laethanta ar an taibearnacal, ghéilleadh clann Iosrael do threoir an Tiarna agus ní scoiridís campa.
20. Ach sa chás nach luíodh an néal ach beagán laethanta os cionn an taibearnacail, shuídís campa faoi ordú an Tiarna agus scoiridís campa faoi ordú an Tiarna.
21. Nuair nach luíodh an néal ach thar oíche go maidin, chuiridís chun siúil nuair a d' ardaíodh sé lá arna mhárach. Nó, nuair a d' fhanadh sé lá agus oíche iomlán, ní bhogaidís go dtí go n-ardaíodh sé.
22. Ar uaire luíodh sé ar feadh dhá lá, nó mí, nó níos faide; dá fhad a d' fhanadh an néal os cionn an taibearnacail, d' fhanadh clann Iosrael sa champa san áit chéanna agus nuair a d' ardaíodh sé chuiridís chun siúil.
23. Faoi ordú an Tiarna shuídís campa, faoi ordú an Tiarna a scoiridís campa. Choinnídís aithne an Tiarna de réir ordú an Tiarna trí Mhaois.

Uimhreacha 10:1-36
1. Labhair an Tiarna le Maois:
2. «Déan dhá thrumpa, déan d' airgead buailte iad. Bain feidhm astu ag gairm an chomhthionóil agus ag scor an champa.
3. Nuair a shéidfear iad araon cruinníodh an comhthionól chugat ag doras Bhoth na Teagmhála.
4. Nuair nach séidfear ach ceann, ansin ná cruinníodh i do thimpeall ach an lucht ceannais, ceannairí threibheanna Iosrael.
5. Nuair a ghabhann gáir chatha leis an séideadh, cuireadh na campaí lastoir chun siúil.
6. Nuair a dhéanfar an dara séideadh agus go mbíonn gáir chatha leis, cuireadh na campaí laisteas chun siúil. Chun an campa a scor, ní foláir gáir chatha a dhul leis an séideadh;
7. ach chun an comhthionól a chruinniú, déantar an trumpa a shéideadh gan gháir chatha.
8. Siad na sagairt, clann Árón, a shéidfidh na trumpaí; dlí síoraí é seo daoibh féin agus do bhur sliocht.
9. «Nuair a rachaidh sibh chun cogaidh in bhur dtír féin in aghaidh namhad a bhíonn ag déanamh leatroim oraibh, ní foláir daoibh an trumpa a shéideadh leis an ngáir chatha: 'Cuimhneofar oraibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus déanfar sibh a fhuascailt ó bhur naimhde!'
10. In bhur bhféilte chomh maith, in bhur sollúna cinnte agus in bhur bhféilte ré nua, déanfaidh sibh bhur dtrumpaí a shéideadh le linn bhur n-íobairtí loiscthe agus bhur n-íobairtí comaoineach; beidh siadsan mar shás cuimhnithe oraibh i láthair bhur nDé. Mise an Tiarna bhur nDia.»
11. Sa dara bliain, sa dara mí, ar an bhfichiú lá den mhí sin, d' ardaigh an néal ó thaibearnacal na Fianaise.
12. Chuir clann Iosrael chun siúil faoi eagar aistir, ó fhásach Shíonái. Luigh an néal i bhfásach Phárán.
13. Seo iad an mhuintir a chuir chun bealaigh ar dtús faoi ordú an Tiarna trí bhéal Mhaois:
14. ar tosach bhí bratach champa chlann Iúdá faoi chóiriú catha. I gceannas ar a slua bhí Nachsón mac Amaíneádáb;
15. i gceannas ar threibh chlann Íosácár faoi chóiriú catha bhí Natanael mac Zúár;
16. i gceannas ar threibh chlann Zabúlun faoi chóiriú catha bhí Eilíáb mac Haelon.
17. Nuair a tógadh anuas an taibearnacal, chuir clann Ghéirseon agus clann Mharáraí chun bealaigh ag iompar an taibearnacail.
18. Ansin chuir bratach champa chlann Reúbaen chun bealaigh faoi chóiriú catha; i gceannas ar shlua Reúbaen bhí Eilíozúr mac Shidéúr;
19. i gceannas threibh chlann Shímeon faoi chóiriú catha bhí Sealuimíéil mac Zúiríseadái;
20. i gceannas threibh chlann Ghád faoi chóiriú catha bhí Eiliásáf mac Dheúael.
21. Ansin chuir clann Chohát chun bealaigh agus na nithe naofa ar iompar acu (bhí an taibearnacal curtha suas roimh iad a theacht).
22. Ansin tháinig bratach champa chlann Eafráim faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Eilíseámá mac Aimíohúd;
23. i gceannas ar shlua threibh chlann Mhanaise bhí Gamailíéil mac Phadázúr;
24. i gceannas ar shlua threibh chlann Bhiniáimin bhí Aibíodan mac Ghideoiní.
25. Ar deireadh, thiar, mar chúlgharda ar an gcampa uile, chuir bratach champa chlann Dhán chun bealaigh, faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Aichíeizir mac Aimíseadái;
26. i gceannas ar threibh chlann Áiséar faoi chóiriú catha bhí Paigíéil mac Ocrán;
27. i gceannas ar threibh chlann Naftáilí faoi chóiriú catha, bhí Aichíora mac Aenán.
28. Ba é sin eagar máirseála chlann Iosrael faoi chóiriú catha. Chuireadar chun bóthair dá bhrí sin.
29. Dúirt Maois le Hobáb mac Reúael, an Midiánach, athair a chéile: «Táimid ag cur chun bóthair go dtí an tír a ndúirt an Tiarna faoi: 'tabharfaidh mé daoibh é'. Tar linn agus déanfaimid do leas, óir gheall an Tiarna sonas do chlann Iosrael.»
30. «Ní rachaidh mé faraibh,» ar sé, «imeoidh mé chun mo thíre agus mo mhuintire féin.»
31. «Ná himigh uainn,» arsa Maois, «mar tá a fhios agat cár féidir dúinn ár gcampa a shuíomh san fhásach; agus beidh tú mar shúile againn.
32. Má thagann tú inár gcoimhdeacht, beidh tú páirteach i ngach beannacht sonais lena mbeannóidh an Tiarna sinn.»
33. Chuir siad chun siúil ó shliabh an Tiarna agus rinne siad taisteal trí lá. Ghabh áirc chonradh an Tiarna ar an aistear trí lá seo ag lorg áit lonnaithe dóibh.
34. Agus bhí néal an Tiarna os a gcionn sa lá cibé uair a d' fhágadar an campa.
35. Nuair a chuireadh an áirc chun bóthair deireadh Mhaois: «Éirigh, a Thiarna, agus go raibh scaipeadh ar do naimhde! Agus an dream a bhfuil fuath acu duit, Go dteithidís lena n-anam romhat.»
36. Agus nuair a stopadh sí, deireadh sé: «Fill, a Thiarna, Ar na mílte ar mhílte d' Iosraelaigh.»

Salm 31:6-14
6. 7 A Dhia na fírinne, is fuath leat lucht adhartha íol gan éifeacht, ach cuirimse mo dhóchas sa Tiarna.
7. 8 Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghrá óir chuir tú spéis i m' anacair agus chuidigh tú le m' anam ina chúngaigh.
8. 9 Níor thug tú suas do mo namhaid mé, ach thug tú cead mo chos dom go fada fairsing.
9. 10 Bíodh trócaire agat orm, a Thiarna, óir tá mé i gcúngach. Tá mo shúil arna dubhadh le tuirse: agus m' anam is mo chroí.
10. 11 Tá mo bheatha á snoí le brón agus mo bhlianta le hosnaíl. Táim ar díth mo nirt le buaireamh; tá mo chnámha á gcnaí.
11. 12 Rinne ábhar aithise díom do mo naimhde go léir. Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé: is cúis uamhain mé do mo chairde. An dream a chastar sa tsráid orm, teitheann siad uaim.
12. 13 Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de, nó le soitheach a briseadh.
13. 14 Cluinim cogarnach á déanamh ag a lán, agus imeagla i mo thimpeall. Cograíonn siad lena chéile i m' aghaidh: beartaíonn siad mo bhás.
14. 15 Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna, deirim: «Is tú mo Dhia.»

Seanfhocal 11:7-11
7. Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin, ach téann muinín lucht na haindiagachta amú.
8. Saortar an fíréan ón tubaiste, ach titeann sí ar an urchóideach ina ionad.
9. Scriosann an t-aindiaga a chomharsa lena theanga, ach saortar na fíréin le barr eolais.
10. Nuair a ritheann leis na fíréin, bíonn lúcháir ar an gcathair; nuair a scriostar na hurchóidigh, cuirtear na gártha áthais suas.
11. Tógtar cathair trí bheannachtaí na bhfíréan, ach scartáiltear í trí bhéal na n-urchóideach.

Marcas 9:30-50
30. Ag imeacht as an áit sin dóibh, ghabh siad tríd an nGailíl agus níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine, mar bhí sé ag teagasc a dheisceabal, a rá leo:
31. «Tabharfar Mac an Duine ar lámh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é, agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.»
32. Ach níor thuig siad an focal, agus bhí eagla orthu ceist a chur air.
33. Tháinig siad go dtí Cafarnáum, agus sa teach do d' fhiafraigh sé díobh: «Cad a bhí á chur trí chéile agaibh sa tslí?»
34. Ach ní raibh focal astu, óir bhí siad ag díospóireacht le chéile, ar an tslí, féachaint cé acu ba mhó.
35. Shuigh sé agus ghlaoigh chuige an dáréag agus dúirt leo: «Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ní foláir dó bheith ar deireadh cách agus ina sheirbhíseach ag cách.»
36. Agus ag breith ar leanbh dó, chuir sé é ina sheasamh i lár baill eatarthu, agus, ag tabhairt barróige dó, dúirt sé leo:
37. «Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m' ainm, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise, ach an té a chuir uaidh mé, a ghlacann sé.»
38. Dúirt Eoin leis: «A mháistir, chonaiceamar duine nach leanann sinn ag caitheamh deamhan amach i d' ainmse, agus chuireamar cosc leis mar níor lean sé inár mbuíon.»
39. Dúirt Íosa: «Ná cuirigí aon chosc leis; níl aon duine a dhéanfaidh míorúilt i m' ainmse agus a fhéadfaidh, go luath, an drochfhocal a bheith aige orm;
40. óir an té nach bhfuil inár n-aghaidh, tá sé ar ár son.
41. «Má thugann duine ar bith cupán d' fhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh, deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil.
42. Scannail
43. Más siocair pheaca duit do lámh, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach ná an dá láimh a bheith agat agus tú a dhul go hifreann, an tine nach féidir a mhúchadh
44. (an áit nach n-éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine).
45. Agus más siocair pheaca duit do chos, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha bacach ná an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann
46. (an áit nach n-éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine).
47. Agus más siocair pheaca duit do shúil, caith uait í; is fearr duit a bheith ar leathshúil ag dul isteach i ríocht Dé ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann,
48. an áit nach n-éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine.
49. Saillfear cách le tine.
50. Is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann leamh cad a chuirfidh sibh mar anlann leis? Bíodh salann agaibh ionaibh agus bíodh síocháin eadraibh.»