A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Márta 4

Uimhreacha 5:1-31
1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. «Ordaigh do chlann Iosrael gach lobhar agus gach duine óna bhfuil sileadh, nó atá truaillithe trí bhaint le corpán, a chur as an gcampa amach.
3. Cuirigí as an gcampa amach iad idir fhir agus mhná, agus coinnigí ón gcampa iad, i dtreo nach dtruailleodh clann Iosrael ar an gcaoi sin an campa ina mairim ina measc.»
4. Rinne clann Iosrael amhlaidh; chuireadar as an gcampa amach iad. Rinne clann Iosrael mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
5. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
6. «Abair le clann Iosrael: Má dhéanann fear nó bean aon cheann de na peacaí trína bhfeallann duine ar an Tiarna, tá an duine sin ciontach.
7. Déanadh sé an peaca a rinne sé a admháil agus an tsuim iomlán dá bhfuil sé freagrach a aisíoc, agus cúigiú de bhreis léi; déanadh sé an t-aisíoc leis an té ar a ndearna sé an éagóir.
8. Ach mura mbíonn gaol ag an duine lena bhféadfaí an t-aisíoc san éagoir seo a dhéanamh, filleann an t-aisíoc atá ag dul don Tiarna ar an sagart, de bhreis ar an reithe leorghnímh lena ndéanann an sagart leorghníomh ar son an chiontaigh.
9. Óir de gach rud a choisriceann clann Iosrael agus a thugtar chun an tsagairt, tá ceart aige chun na coda a chuirtear ar leithrigh.
10. Cibé rud a choisriceann duine is leis féin é; cibé rud a thugann duine don sagart, is leis an sagart é.»
11. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
12. «Labhair le clann Iosrael agus abair: «Má théann bean duine ar fán agus go mbíonn sí mídhílis dó,
13. má luíonn fear eile léi gan fhios dá céile, agus má thruaillíonn sí í féin gan fhios ar an gcuma seo, gan aon fhinné ina coinne, agus nach mbeirtear uirthi sa ghníomh,
14. agus ansin taom éada a theacht ar an gcéile agus go dtagann éad air faoina bhean a thruailligh í féin: nó arís má bhuaileann taom éada é agus go dtagann éad air faoina bhean fiú amháin agus gan í tar éis a truaillithe,
15. ní foláir don fhear a bhean a thabhairt os comhair an tsagairt, agus ofráil deachú éafá min eorna a dhéanamh. Ná doirteadh sé ola uirthi, agus ná cuireadh sé túis chumhra uirthi, óir is ' abhlann éada' í seo, abhlann chuimhneacháin i gcuimhne ar locht.
16. Tugadh an sagart an bhean i láthair ansin, agus cuireadh sé i láthair an Tiarna í.
17. Tógadh sé uisce coisricthe ansin i soitheach cré agus cuireadh sé san uisce roinnt smúite a thógfaidh sé d' urlár an taibearnacail.
18. Tar éis don sagart an bhean a chur i láthair an Tiarna, scaoileadh sé le folt a cinn agus cuireadh sé an abhlann chuimhneacháin (an abhlann éada is é sin) ina lámha. Bíodh uisce an tseirfin, an sás mallachta, ina láimh féin.
19. Cuireadh sé an bhean ansin faoi bhrí na mionn. Abradh sé léi: 'Mura fíor gur luigh fear leat agus go ndeachaigh tú ar fán agus gur thruailligh tú thú féin agus tú faoi údarás d' fhear céile, ansin ná déanadh uisce seo an tseirfin, sás na mallachta, aon dochar duit.
20. Ach más fíor go ndeachaigh tú ar fán agus tú faoi údarás d' fhear céile, agus gur thruailligh tú thú féin ag roinnt do leapa le fear seachas do chéile'
21. ag an bpointe seo cuireadh an sagart faoi deara don bhean mionn na mallachta a thabhairt agus abradh sé léi ' go ndéana an Tiarna mallú agus mionn díot i measc an phobail ag seargadh do shliasta agus ag at do bhoilg.
22. Go dté uisce seo na mallachta isteach i do chliabhlach, go n-ata sé do bholg agus go searga sé do shliasaid!' Freagraíodh an bhean: 'Amen, Amen!'
23. Breacadh an sagart na mallachtaí seo i leabhar agus níodh sé glan iad in uisce an tseirfin.
24. Cuireadh sé faoi deara don bhean ansin uisce an tseirfin agus na mallachta a ól agus rachaidh an t-uisce mallachta isteach inti agus beidh sé searbh istigh inti.
25. Tógadh an sagart abhlann an éada as láimh na mná agus cuireadh sé i láthair an Tiarna í le comharthaí sóirt ofrála, agus tugadh sé chun na haltóra í.
26. Tógadh sé dorn den abhlann mar chuid chuimhneachán agus dódh sé ar an altóir é. Ansin cuireadh sé faoi deara don bhean an t-uisce a ól.
27. Tar éis dó é a chur d' iallach uirthi é a ól, más fíor gur thruailligh sí í féin agus gur fheall sí ar a fear, ansin beidh an t-uisce mallachta a théann inti searbh go cinnte; atfaidh a bolg agus seargfaidh a sliasaid agus beidh sí ina hábhar gránach i measc a muintire.
28. Ach murar thruailligh sí í féin agus go bhfuil sí glan, ansin rachaidh sí slán agus beidh clann uirthi.
29. Sin é an gnás i gcásanna éada, nuair a théann bean ar fán agus í féin a thruailliú agus í faoi údarás a fir,
30. nó nuair a bhuaileann taom éada fear agus go dtagann éad air faoina bhean. Nuair a thugann fear bean mar sin i láthair an Tiarna, cuireadh an sagart an gnás seo i bhfeidhm uirthi go hiomlán.
31. Beidh an fear gan chiontacht, ach, ní foláir don bhean pionós a peaca a iompar.»

Uimhreacha 6:1-27
1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. «Abair le clann Iosrael: Más mian le fear nó le bean móid a thabhairt, móid an naizírigh, is é sin, trína gcuirtear duine ar leith don Tiarna,
3. diúltaíodh sé d' fhíon agus do dheoch chrua, ná hóladh sé fínéagar fíona ná dí crua, ná hóladh sé súlach fíniúna, agus ná hitheadh sé caora fíniúna, úr ná triomaithe.
4. Fad a mhaireann a mhóid ná caitheadh sé aon ní a thagann ón bhfíniúin, fiú an glas-súlach nó an deascadh.
5. Fad a bhíonn sé faoi cheangal na móide ná baineadh rásúr lena cheann; nó go mbíonn ré a choisricthe don Tiarna slánaithe, bíodh sé naofa agus ligeadh sé dá chuid gruaige bheith ag fás léi ar a cheann.
6. Fad a bhíonn sé coisricthe don Tiarna ná téadh sé i ngar do chorpán.
7. Ná déanadh sé é féin neamhghlan ar son athar ná máthar, ar son dearthár na deirféar, má chailltear iad; tá a choisreacan dá Dhia ar a cheann aige.
8. Ó thús deireadh a naizíreachta is duine é atá coisricthe don Tiarna.
9. Má thiteann an t-anam as duine go tobann ina láthair agus go bhfágtar neamhghlan a cheann coisricthe ní foláir dó a cheann a bhearradh lá a ghlanta; bearradh sé a cheann ar an seachtú lá.
10. Ar an ochtú lá tugadh sé dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála.
11. Ofráladh an sagart ceann díobh mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt loiscthe, agus comhlíonadh sé ansin gnás an leorghnímh ar son na truaillitheachta a luigh air de bharr an chorpáin. Déanadh sé a cheann a choisreacan an lá céanna;
12. agus déanadh sé é féin a choisreacan don Tiarna i gcaitheamh a naizíreachta ar fad, agus tugadh sé uan fireann bliana mar íobairt leorghnímh. Ní chuirfear an t-am caite cheana san áireamh, mar gur truaillíodh a naizíreacht.
13. Seo é an gnás atá le leanúint ag naizíreach nuair a bheidh tréimhse a naizíreachta comhlíonta. Tugtar é go doras Bhoth na Teagmhála
14. agus déanadh sé a ofráil don Tiarna: mar íobairt loiscthe uan fireann bliana gan mháchail; mar íobairt chomaoineach, reithe gan mháchail,
15. agus cliabh de bhuilíní slimaráin de phlúr mín fuinte le hola agus de chácaí gan ghabháile le hola leata orthu, mar aon leis na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo.
16. Cuireadh an sagart na nithe sin i láthair an Tiarna agus ofráladh sé an íobairt pheaca agus an íobairt loiscthe dó.
17. Ofráladh an naizíreach an íobairt chomaoineach leis an reithe agus leis an slimarán sa chliabh, agus ofráladh an sagart an abhlann agus an íobairt dhoirte mar an gcéanna.
18. Ansin bearradh an naizíreach a cheann coisricthe ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tógadh sé gruaig a chinn choisricthe agus leagadh í ar an tine atá faoin íobairt chomaoineach.
19. Ansin tógadh an sagart slinneán an reithe, nuair a bhíonn sé bruite, agus builín slimaráin ón gcliabh, agus cáca gan ghabháile, agus leagadh sé ar lámha an naizírigh iad tar éis dó a ghruaig choisricthe a bhearradh.
20. Déanadh sé an chuid sin a ofráil don Tiarna mar dhleacht ar leith; is cuid naofa don sagart í, mar aon leis an mbrollach a ofráladh agus leis an gceathrú a cuireadh i leataobh. Ní miste don naizíreach fíon a ól ina dhiaidh sin.
21. Sin é an gnás don naizíreach a thug móid. Má mhóidigh sé, seachas [a cheann gruaige], ofráil phearsanta don Tiarna seachas cibé rud eile a bheadh ar a acmhainn ní foláir dó an mhóid a thug sé a chomhlíonadh de bhreis ar cibé rud a éilíonn an gnás ar son a ghruaige.»
22. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
23. «Abair le hÁrón agus lena chlann mhac: 'Seo mar a bheannóidh sibh clann Iosrael. Abraigí leo:
24. Go mbeannaí an Tiarna thú agus go gcumhdaí sé thú.
25. Go dtaitní gnúis an Tiarna ort agus go raibh sé caoin leat.
26. Go nochta an Tiarna a ghnúis duit agus go dtuga sé síocháin duit.'
27. Sin mar atá m' ainm le gairm ar chlann Iosrael acu, agus cuirfidh mé mo bheannacht orthu.»

Salm 30:8-12
8. 9 Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé, chun Dé a chuir mé m' achainí. «Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl?
9. 10 An molfaidh an deannach thú: an bhfoilseoidh sé do dhílse?»
10. 11 Éist, a Thiarna, go trócaireach; tar, a Thiarna, i gcabhair orm.
11. 12 Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna; bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé,
12. 13 i dtreo go seinnfidh m' anam do mholtaí gan staonadh. A Thiarna, a Dhia liom, molfaidh mé go brách thú.

Seanfhocal 11:1-3
1. Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach, ach is gean leis an meáchan cóir.
2. Tagann an t-uabhar ar dtús, ansin an náire; tá an eagna ar fáil i measc na n-uiríseal.
3. Déanann a n-ionracas na hionraice a stiúradh, ach scriosann a bhfeall na feallairí.

Marcas 8:22-38
22. Tháinig siad go dtí Béatsáide, agus bhí daoine a thug fear dall chuige agus rinne siad achainí air baint leis.
23. Rug sé ar láimh ar an dall agus sheol as an mbaile é, chaith sé seile ar a shúile agus ar leagan a lámh air d' fhiafraigh de: «An bhfeiceann tú aon ní?»
24. D' ardaigh seisean a shúile agus dúirt: «Feicim daoine, ach samhlaím gur crainn iad ag siúl.»
25. Ansin leag sé a lámha ar a shúile arís agus bhreathnaigh an dall go géar agus rinneadh slán arís é agus bhí radharc glan aige ar gach uile ní.
26. Agus chuir sé chun a thí féin é ag rá: «Ná téigh isteach sa bhaile, fiú amháin.»
27. D' imigh Íosa agus a chuid deisceabal go dtí na bailte i gCéasaráia Philib, agus sa tslí dóibh d' fhiafraigh sé dá dheisceabail: «Cé hé a deir na daoine mise?»
28. Dúirt siad leis: «Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.»
29. D' fhiafraigh sé díobh: «Ach cé hé a deir sibhse mé?» Dúirt Peadar leis á fhreagairt: «Is tú an Críost.»
30. Agus d' ordaigh sé dóibh go géar gan labhairt mar gheall air le haon duine.
31. Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá.
32. Agus labhair sé an méid sin go hoscailte. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó.
33. Ach d' iompaigh seisean thairis, agus ar fheiceáil a dheisceabal dó, thug sé casaoid do Pheadar agus dúirt: «Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain, mar ní hiad smaointe Dé atá i d' aigne ach smaointe daoine.»
34. Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: «Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.
35. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa agus ar an soiscéal, saorfaidh sé é.
36. Óir cá fearrde duine an domhan go léir a ghnóthú agus a anam féin a ligean ar ceal?
37. Óir cad a d' fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
38. Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is nár le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.»