A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Márta 2

Uimhreacha 1:1-54
1. Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái, i mBoth na Teagmhála, ar an gcéad lá den dara mí sa dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:
2. «Déanaigí daonáireamh ar chomhthionól uile chlann Iosrael de réir chlann agus fine athartha, ag cur ainm gach fireannaigh, ceann ar cheann, san áireamh.
3. Gach fear in Iosrael os cionn fiche bliain agus é ar a chumas airm a iompar, déansa agus Árón iad a áireamh agus a ainmniú do láthair chatha.
4. Agus bíodh duine as gach treibh, ceann a fhine athartha, ag cabhrú libh sa ghnó seo.
5. «Seo iad ainmneacha bhur lucht cúnta: Do Reúbaen, Eilíozúr mac Shidéúr.
6. Do Shímeon, Sealuimíéil mac Zúiríseadái.
7. Do Iúdá, Nachson mac Amaíneádáb.
8. Do Íosácár, Natanael mac Zúár.
9. Do Zabúlun, Eilíáb mac Haelon.
10. Do mhic Iósaef: do Eafráim, Eilíseámá mac Aimíohúd; agus do Mhanaise, Gamailíéil mac Phadázúr.
11. Do Bhiniáimin, Aibíodan mac Ghideoiní.
12. Do Dhán, Aichíeizir mac Aimíseadái.
13. Do Áiséar, Paigíéil mac Ocrán.
14. Do Ghád, Eiliásáf mac Dheúael.
15. Do Naftáilí, Aichíora mac Aenán.»
16. Oirearca an chomhthionóil iadsan, ceannairí a dtreibheanna dúchais, treoraithe shluaite Iosrael.
17. Rug Maois agus Árón na daoine seo, ar luadh a n-ainmneacha, leo
18. agus ar an gcéad lá den dara mí thionóladar an comhthionól go léir. Rinne clann Iosrael go léir a nginealach a chur isteach de réir fine agus clainne, agus áiríodh ainm gach fir fiche bliain nó breis, ceann ar cheann.
19. Rinne Maois daonáireamh orthu i bhfásach Shíonái mar a d' ordaigh an Tiarna dó.
20. Nuair a bhí ginealach mhuintir Reúbaen, céadghin Iosrael, curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis, ceann ar cheann, a raibh ar a gcumas airm a iompar.
21. Ba é a líon siúd ar threibh Reúbaen daichead sé mhíle cúig céad.
22. Nuair a bhí ginealach mhuintir Shímeon curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.
23. Ba é a líon siúd ar threibh Shímeon caoga naoi míle trí chéad.
24. Nuair a bhí ginealach mhuintir Ghád curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.
25. Ba é a líon siúd ar threibh Ghád daichead cúig mhíle sé chéad agus a caoga.
26. Nuair a bhí ginealach mhuintir Iúdá curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
27. Ba é a líon siúd ar threibh Iúdá, seachtó ceathair míle sé chéad.
28. Nuair a bhí ginealach mhuintir Íosácár curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
29. Ba é a líon siúd ar threibh Íosácár, caoga ceathair míle ceithre chéad.
30. Nuair a bhí ginealach mhuintir Zabúlun curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
31. Ba é a líon siúd ar threibh Zabúlun caoga seacht míle ceithre chéad.
32. Maidir le clann Iósaef: Nuair a bhí ginealach mhuintir Eafráim curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
33. Ba é a líon siúd ar threibh Eafráim daichead míle cúig céad.
34. Nuair a bhí ginealach mhuintir Mhanaise curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
35. Ba é a líon siúd ar threibh Mhanaise tríocha dó míle dhá chéad.
36. Nuair a bhí ginealach mhuintir Bhiniáimin curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
37. Ba é a líon siúd ar threibh Bhiniáimin tríocha cúig mhíle ceithre chéad.
38. Nuair a bhí ginealach mhuintir Dhán curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
39. Ba é a líon siúd ar threibh Dhán, seasca dó míle seacht gcéad.
40. Nuair a bhí ginealach mhuintir Áiséar curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
41. Ba é a líon siúd ar threibh Áiséar daichead a haon mhíle cúig céad.
42. Nuair a bhí ginealach mhuintir Naftáilí curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
43. Ba é a líon siúd ar threibh Naftáilí caoga trí mhíle ceithre chéad.
44. Sin iad na fir a áiríodh ag Maois agus ag Árón agus ag ceannairí Iosrael, dáréag díobh, gach duine díobh ag seasamh do theaghlach a shinsear.
45. Áiríodh de réir fine agus clainne gach fear de chlann Iosrael a bhí fiche bliain nó breis agus é ar a chumas airm a iompar.
46. Ba é an líon iomlán sé chead agus a trí mhíle cúig céad agus caoga.
47. Ach níor cuireadh na Léivítigh agus a dtreibh shinsearachta san áireamh.
48. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
49. «Ná háirimh treibh Léiví ámh, agus ná déan daonáireamh orthu i measc phobal Iosrael.
50. Cuir na Léivítigh i mbun taibearnacal na Fianaise chun aire a thabhairt dá ghréithe agus do gach a mbaineann leis. Déanaidís an taibearnacal agus a ghréithe go léir a iompar, agus fónamh dó, agus a gcampa a chur suas ina thimpeall.
51. Nuair a bhíonn an taibearnacal le gluaiseacht, is iad na Léivítigh a chaithfidh é a bhaint óna chéile agus nuair a bhíonn sé le cur suas arís, is iad na Léivítigh a chaithfidh é chur suas. Aon duine eile a thagann ina ghaire, cuirtear chun báis é.
52. Déanadh clann Iosrael a mbothanna a chur suas de réir eagair, gach duine ina champa féin, agus gach duine faoina bhratach féin.
53. Ach déanadh na Léivítigh a mbothanna a chur suas timpeall taibearnacal na Fianaise, i dtreo nach dtitfidh fraoch na feirge ar chomhthionól uile chlann Iosrael. Bíodh na Léivítigh i bhfeighil thaibearnacal na Fianaise.»
54. Rinne clann Iosrael díreach mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Rinneadar rud air.

Uimhreacha 2:1-34
1. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:
2. «Déanadh clann Iosrael a mbothanna a chur suas de réir eagair, gach duine ag a bhrat féin, faoi bhratach theaghlach a shinsearachta. Cuiridís suas a mbothanna mórthimpeall thaibearnacal na Fianaise fad áirithe uaidh amach.
3. Maidir leo siúd atá lena mbothanna a chur lastoir: i dtreo éirí gréine, bratach champa Iúdá, faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Iúdá: Nachsón mac Amaíneádáb,
4. agus seachtó ceathair míle sé chéad fear ar a ríomh, faoina cheannas.
5. Le campáil taobh leis: treibh Íosácár. Mar cheann ar chlann Íosácár: Natanael mac Zúár,
6. agus caoga ceathair míle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
7. Treibh Zabúlun. Mar cheann ar chlann Zabúlun: Eilíáb mac Haelon,
8. agus caoga seacht míle ceithre chéad ar a ríomh faoina cheannas.
9. Is é líon tionóil iomlán champa Iúdá ar a ríomh, céad ochtó sé mhíle ceithre chéad. Siad atá le bheith ar tosach ag scor campa.
10. «Ar an taobh theas: bratach champa Reúbaen faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Reúbaen: Eilíozúr mac Shidéúr,
11. agus daichead sé mhíle cúig céad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
12. Le campáil taobh leis: treibh Shímeon. Mar cheann ar chlann Shímeon, Sealuimíéil mac Zúiriseadái,
13. agus caoga naoi míle trí chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
14. Treibh Ghád. Mar cheann ar chlann Ghád: Eiliásáf mac Dheúael,
15. agus daichead cúig mhíle sé chéad agus caoga fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
16. Is é líon tionóil iomlán champa Reúbaen ar a ríomh, céad agus caoga haon mhíle ceithre chéad agus a caoga. Siad atá le bheith sa dara háit ag scor campa.
17. «Ansin gluaiseadh Both na Teagmhála agus campa na Léivíteach i lár na gcampaí eile. Bíodh eagar a ngluaiste ar aon dul le heagar a gcampála, gach duine in ord faoina bhrat féin.
18. «Ar an taobh thiar: Bratach champa Eafráim faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Eafráim: Eilíseámá mac Aimíohud,
19. agus daichead míle cúig céad fear ar a ríomh, faoina cheannas.
20. Le campáil taobh leis: treibh Mhanaise. Mar cheann ar chlann Mhanaise: Gamailíéil mac Phadázúr,
21. agus tríocha dó míle dhá chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
22. Treibh Bhiniáimin. Mar cheann ar chlann Bhiniáimin: Aibíodan mac Ghideoiní,
23. agus tríocha cúig mhíle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
24. Is é líon tionóil iomlán Eafráim, ar a ríomh, céad agus a hocht míle agus céad. Siad atá le bheith sa tríú háit ag scor campa.
25. «Ar an taobh thuaidh: bratach champa Dhán faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Dhán: Aichíeizir mac Aimíseadái,
26. agus seasca dó míle seacht gcéad fear ar a ríomh, faoina cheannas.
27. Lé campáil taobh leis: treibh Áiséar. Mar cheann ar threibh Áiséar: Paigiéil mac Ocrán,
28. agus daichead a haon mhíle fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
29. Ansin treibh Naftáilí: mar cheann ar chlann Naftáilí: Aichíora mac Aenán,
30. agus caoga trí mhíle ceithre chéad fear faoina cheannas.
31. Is é líon tionóil iomlán champa Dhán, ar a ríomh, céad caoga seacht míle sé chéad. Siad a bheidh ar deireadh ag scor campa, brat ar bhrat.»
32. Ba é sin líon chlann Iosrael nuair a rinneadh an daonáireamh de réir teaghlach sinsearachta. Ba é líon iomlán an champa uile, cóirithe ina gceannasaíochtaí faoi leith, sé chéad agus a trí mhíle cúig céad agus a caoga fear.
33. Ach níor áiríodh na Léivítigh i measc chlann Iosrael de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
34. Rinne clann Iosrael de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois; sin mar a shuíodar a gcampa, faoi eagar a mbrat. Sin mar scoireadar campa, gach duine lena mhuintir féin de réir fine.

Salm 29:7-11
7. Adhnann glór an Tiarna splancacha tine:
8. croitheann glór an Tiarna an fásach, cuireann an Tiarna fásach Cháidéis ar crith.
9. Cuireann a ghlór na crainn darach ag luascadh, agus fágann sé an choill gan duilliúr, agus cluintear «Glóir!» ó gach aon neach ina theampall.
10. Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann. Tá an Tiarna ina rí go brách.
11. Tabharfaidh an Tiarna neart dá phobal; beannóidh sé a phobal le síocháin.

Seanfhocal 10:26-29
26. Dála an fhínéagra leis na fiacla, nó an deataigh leis na súile, sin mar bhíonn ag an leadránaí leis an té a sheol é.
27. Tugann eagla an Tiarna fad saoil, ach déanfar blianta an urchóidigh a chiorrú.
28. Suáilceas ar fad é dóchas na bhfíréan, ach rachaidh meath ar dhóchas an urchóidigh.
29. Dún daingean é an Tiarna d' fhear na beatha fíréanta, níl ann ach scrios do lucht an oilc a dhéanamh.

Marcas 7:14-37
14. Ghlaoigh sé an slua chuige arís agus dúirt sé leo: «Éistigí sibh uile liom agus bainigí meabhair as an méid seo.
15. Níl aon ní lasmuigh den duine a d' fhéadfadh, trí dhul isteach ann, é dhéanamh neamhghlan, ach is iad na nithe a thagann amach as an duine a dhéanann an duine neamhghlan.
16. Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine, éisteadh!»
17. Agus ar dhul isteach sa teach dó, i leataobh ón slua, d' fhiafraigh a dheisceabail de faoin bparabal.
18. Dúirt sé leo: «Nach bhfuil tuiscint agaibhse ach oiread? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a rachadh isteach sa duine ón taobh amuigh, nach bhféadfadh sé é dhéanamh neamhghlan,
19. de bhrí nach ina chroí a théann sé ach ina ghoile agus go ngabhann sa leithreas?» (Sin mar a d' fhógair sé gach bia a bheith glan.)
20. Dúirt sé: «An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.
21. Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe,
22. bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht.
23. Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamhghlan an duine.»
24. Chuir sé chun siúil as sin agus d' imigh go críocha na Tuíre agus na Síodóine. Agus ar dhul isteach i dteach dó, níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine faoi, ach níorbh fhéidir leis fanacht as aithne.
25. Óir bean a raibh a hiníon bheag agus spiorad míghlan inti, chuala sí scéala air láithreach agus tháinig sí á caitheamh féin ag a chosa.
26. Bean Ghréagach í, Suíriféinicach ó dhúchas. Rinne sí achainí air an deamhan a chaitheamh amach as a hiníon.
27. Dúirt sé léi: «Fan go dtugtar a sáith do na leanaí ar dtús, mar níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.»
28. Ach dúirt sí leis á fhreagairt: «Cinnte, a Thiarna, agus na coileáin féin a bhíonn faoin mbord, itheann siad grabhróga na leanaí.»
29. Agus dúirt sé léi: «Mar gheall ar an bhfocal sin, imigh leat: tá an deamhan tar éis imeacht as d' iníon.»
30. Chuaigh sí abhaile agus fuair sí an leanbh ina luí sa leaba agus an deamhan imithe.
31. Ar dhul amach dó arís as críocha na Tuíre, chuaigh sé tríd an tSíodón go farraige na Gailíle trí lár chríocha Dheacapoil.
32. Agus thug siad chuige duine bodhar a raibh bascadh ar a chaint agus d' iarr siad air a lámh a chur air.
33. Thug sé i leataobh ón slua é ar leithligh agus chuir a mhéara ina chluasa, le seile as a bhéal bhain sé lena theanga,
34. agus, ag breathnú suas ar neamh dó, rinne sé osna agus dúirt leis: «Eafatá!» focal a chiallaíonn: «Osclaítear thú.»
35. Agus osclaíodh a chluasa láithreach, agus scaoileadh an sreangán dá theanga agus labhair sé i gceart.
36. Agus d' ordaigh sé dóibh gan a insint do dhuine ar bith, ach dá ghéire a d' ordaigh sé dóibh is ea ba mhó a bhí siad á fhógairt,
37. agus bhí ionadh saoil orthu ag rá: «Rinne sé gach aon ní go maith: thug sé éisteacht do bhodhráin agus caint do bhalbháin.»