A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Márta 1

Léivític 26:1-46
1. Ná déanaigí aon íola daoibh féin agus ná cuirigí aon dealbh shnoite ina seasamh, ná aon ghallán; ná cuirigí aon chloch ghreanta ina seasamh in bhur gcríocha le sléachtadh roimpi: óir is mise an Tiarna do Dhia.
2. Coimeádaigí mo shabóidí agus tugaigí onóir do mo shanctóir. Mise an Tiarna.
3. Má mhaireann tú de réir mo dhlíthe, agus má choimeádann tú m' aitheanta agus iad a chomhlíonadh,
4. tabharfaidh mé an fhearthainn is gá daoibh in am agus i dtráth; tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh agus crainn an mhachaire a gcnuas.
5. Mairfidh bualadh bhur n-arbhair go fómhar an fhíona; mairfidh fómhar an fhíona go cur an tsíl. Íosfaidh sibh bhur sáith aráin, agus mairfidh sibh in bhur dtír beag beann ar chách.
6. Tabharfaidh mé síocháin in bhur dtír, agus beidh codladh agaibh gan baol ó aon duine. Cuirfidh mé an ruaig ar ainmhithe allta as an tír; ní ghabhfaidh an claíomh thar bhur dtír.
7. Rachaidh sibh sa tóir ar bhur naimhde agus titfidh siad de rinn bhur gclaímh.
8. Rachaidh cúigear agaibh sa tóir ar chéad agus céad agaibh sa tóir ar dheich míle; agus titfidh bhur naimhde de rinn bhur gclaímh.
9. Cuirfidh mé spéis ionaibh agus déanfaidh mé rathúil líonmhar sibh agus daingneoidh mé mo chonradh libh.
10. Íosfaidh sibh bhur sáith d' fhómhar na bliana caite agus caithfidh sibh an sean amach chun slí a dhéanamh don nua.
11. Cuirfidh mé suas mo bhoth in bhur measc, agus ní bheidh an ghráin agam oraibh.
12. Mairfidh mé in bhur measc; beidh mé i mo Dhia agaibh, agus beidh sibh mar phobal agam.
13. Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as talamh na hÉigipte d' fhonn nach mbeadh sibh in bhur ndaoir acu a thuilleadh. Bhris mé an chuing lenar ceanglaíodh sibh, agus d' fhág mé ag siúl ceannard sibh.
14. Mura n-éisteann sibh liom, agus gach ceann de na haitheanta seo a chomhlíonadh,
15. má dhiúltaíonn sibh do mo dhlíthe agus más beag oraibh mo reachtanna, agus má bhriseann sibh mo chonradh trí fhaillí a dheanamh i m' aitheanta,
16. ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.
17. Iompóidh mé oraibh agus buafaidh bhur naimhde oraibh. Beidh ceannas ag bhur n-eascairde oraibh, agus teithfidh sibh gan aon duine sa tóir oraibh.
18. Mura n-éisteann sibh liom dá ainneoin sin, déanfaidh mé sibh a phionósú arís faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí.
19. Brisfidh mé bhur neart uabhair; fágfaidh mé bhur spéir ina iarann agaibh agus bhur dtalamh ina phrás.
20. Meilfidh sibh bhur neart in aisce; ní thabharfaidh bhur dtalamh a thoradh uaidh, ná bhur gcrainn a gcnuas.
21. Má chuireann sibh i m' aghaidh agus gan éisteacht liom, leagfaidh mé na plánna sin oraibh mar phionós faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí.
22. Scaoilfidh mé ainmhithe allta fúibh, agus déanfaidh siad slad ar bhur leanaí agus creach ar bhur n-eallach agus díothú ar bhur líon nó go mbeidh bhur mbóithre tréigthe.
23. Mura ndéanann an méid sin sibh a iompú ar ais chugam, ach go mbíonn sibh fós ag cur i m' aghaidh,
24. cuirfidh mise chomh maith mé féin in bhur n-aghaidhne, agus buailfidh mé le pionós faoi sheacht sibh de bharr bhur bpeacaí.
25. Seolfaidh mé an claíomh in bhur n-aghaidh ag díolt an chonartha; má chruinníonn sibh ar scáth a chéile in bhur gcathracha, seolfaidh mé plá in bhur measc agus tabharfar ar láimh do bhur naimhde sibh.
26. Brisfidh mé bhur dteannta aráin agus beidh deichniúr ban chun arán a bhruith san aon oigheann; dáilfidh siad an t-arán sin ina thomhaisíní, agus íosfaidh sibh é ach beidh ocras tar éis altaithe oraibh.
27. Agus mura n-éisteann sibh liom dá ainneoin sin, ach cur i m' aghaidh,
28. cuirfidh mé in bhur n-aghaidh le fraoch feirge, agus leagfaidh mé pionós faoi sheacht oraibh de bharr bhur bpeacaí.
29. Íosfaidh sibh feoil bhur mac féin agus íosfaidh sibh feoil bhur n-iníonacha féin.
30. Scriosfaidh mé bhur n-áiteanna arda agus smiotfaidh mé bhur n-altóirí túise. Déanfaidh mé carnáil bhur marbh a chaitheamh ar charnáil bhur n-íol marbh; beidh an ghráin ag m' anam oraibh.
31. Fágfaidh mé bhur gcathracha ina bhfothracha; scartálfaidh mé bhur sanctóirí; ní bholóidh mé cumhracht libh a thaitneoidh liom.
32. Scriosfaidh mise, sea mise féin, an talamh i dtreo go gcuirfidh sé alltacht ar bhur naimhde a chuirfidh fúthu ann.
33. Scaipfidh mé sibh i measc na gciníocha agus nochtfaidh mé an claíomh ar bhur sála; millfear bhur gcríocha agus déanfar fásach de bhur gcathracha.
34. Beidh a shabóidí ag bhur bhfearann ansin gan amhras agus é bánaithe agus sibhse i gcríocha bhur naimhde. Beidh suaimhneas agus sabóidí ansin gan amhras ag an bhfearann.
35. Fad a fhágfar bánaithe é, beidh suaimhneas aige, rud nach raibh aige le linn bhur sabóidíse nuair a bhí cónaí oraibh ann.
36. Maidir leo siúd a fhágfar, seolfaidh mé lagar isteach ina gcroí i gcríocha a naimhde; cuirfidh siosarnach duilleoige le gaoth an teitheadh orthu agus teithfidh siad mar a theithfeadh duine ón gclaíomh; titfidh siad gan fear ar a dtóir.
37. Titfidh siad muin mairc a chéile faoi mar bheidís ag teitheadh ó chlaíomh, ach gan aon tóir orthu. Ní bheidh sé de chumas ionaibh seasamh in aghaidh bhur naimhde.
38. Scriosfar sibh i measc na gciníocha agus slogfaidh críocha bhur naimhde sibh.
39. A mbeidh fágtha díbh, seargfaidh siad i gcríocha a naimhde de bharr a bpeacaí; de bharr peacaí a n-aithreacha chomh maith, seargfaidh siad ar aon dul leo.
40. Ach má admhaíonn siad a bpeacaí agus peacaí a n-aithreacha trína ndearnadar feall i m' aghaidh, sea agus trínar chuireadar i mo choinne,
41. i dtreo gur chuir mise ina gcoinnesean agus gur sheol mé iad i dtír a naimhde, agus má umhlaítear a gcroí gan timpeallghearradh, agus go ndéanann siad leorghníomh ar son a bpeacaí,
42. ansin cuimhneoidh mé ar mo chonradh le Iacób, agus ar mo chonradh le hÍosác, agus ar mo chonradh le hAbrahám; agus cuimhneoidh mé ar an tír.
43. Arna thréigean acusan, coimeádfaidh an talamh a shabóidí agus é bánaithe gan iad. Ach ní foláir dóibh leorghníomh a dhéanamh ina bpeaca, ó ba bheag orthu mo reachtanna agus ba fhuath leo mo dhlíthe.
44. Ní bheidh deireadh déanta, áfach. Nuair a bheidh siad i dtír a naimhde, ní thabharfaidh mé cúl leo ná ní bheidh an ghráin agam orthu i slí is go scriosfainn ar fad iad agus go mbrisfinn mo chonradh leo; óir is mise an Tiarna a nDia.
45. Cuimhneoidh mé, ar a son, ar an gconradh a rinne mé lena sinsir a thug mé amach ó thír na hÉigipte os comhair na gciníocha d' fhonn go mbeinn i mo Dhia acu, mise, an Tiarna.»
46. Seo iad na reachtanna, na gnásanna, na dlíthe a bhunaigh an Tiarna idir é féin agus clann Iosrael ar Shliabh Shíonái trí láimh Mhaois.

Léivític 27:1-34
1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Nuair a mhóidíonn duine luach pearsan don Tiarna agus gur mian leis a mhóid a chomhlíonadh,
3. ansin bíodh leathchéad seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin mar luach agat ar fhear idir fiche agus trí fichid bliain;
4. bíodh deich seicil fichead mar luach agat ar bhean;
5. bíodh fiche seicil mar luach agat ar bhuachaill idir cúig agus fiche bliain, agus deich seicil ar chailín.
6. Bíodh cúig sheicil airgid mar luach agat ar bhuachaill idir mí agus cúig bliana, agus trí sheicil ar chailín.
7. Bíodh cúig sheicil déag mar luach agat ar fhear ó thrí fichid amach, agus deich seicil ar bhean.
8. Má bhíonn an duine róbhocht chun do luacháil a íoc, tugadh sé an té a bhíonn i gceist i láthair an tsagairt, agus déanadh an sagart luach a leagan de réir acmhainne an té a thug an mhóid.
9. Más ainmhí a bhíonn i gceist a d' oirfeadh mar ofráil don Tiarna, aon ainmhí den sórt sin a thugann duine don Tiarna, beidh sé coisricthe.
10. Ná déanadh sé é a mhalartú, ná a mhalairt a chur ina áit ceann maith in ait droch-chinn, droch-cheann in áit an chinn mhaith. Má mhalartaíonn sé ainmhí ar ainmhí eile, bídís araon coisricthe.
11. Más ainmhí neamhghlan a bhíonn i gceist, nach n-oirfeadh a ofráil don Tiarna, ní foláir dó é a chur i láthair an tsagairt, cibé rud é.
12. Cuireadh seisean luach air, á mheas a bheith go maith nó go holc. Mar a mheasann tusa an sagart é, sin mar a bheidh sé.
13. Más mian leis an duine é a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú lena luach.
14. Nuair a dhéanann duine a theach a choisreacan don Tiarna, déanadh an sagart a luach a shocrú, á mheas go hard nó go híseal. Seastar le breith an tsagairt ar a luach.
15. Ach más mian leis an té a choisric a theach é a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú lena luach agus bíodh sé ar ais aige.
16. Má dhéanann duine gort dá oidhreacht athartha a choisreacan don Tiarna, déan a luach a mheas de réir a thorthúlachta, leathchéad seicil airgid an t-ómar eorna.
17. Má dhéanann sé an gort a choisreacan bliain na hiubhaile, seasadh sé leis an lánluach seo agat.
18. Má dhéanann sé é a choisreacan tar éis bhliain na hiubhaile, déanadh an sagart an luach in airgead a mheas de réir an líon blianta fós go dtí an chéad iubhaile eile, agus déantar do luacháil a laghdú dá réir.
19. Más mian leis an té a choisric, an gort a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú leis an luach, agus fanadh an gort aige féin.
20. Mura ndéanann sé é a fhuascailt ach é a dhíol leis an bhfear thall, tá deireadh leis an gceart fuascailte;
21. agus nuair a shaortar an gort bliain na hiubhaile, déanann ní coisricthe don Tiarna arís de, ar aon dul le talamh faoi bhang; faigheann an sagart seilbh air.
22. Má choisriceann duine gort a cheannaigh sé, gort nach aon chuid dá sheilbh oidhreachta, don Tiarna,
23. ansin déanadh an sagart a luach a mheas as sin go bliain na hiubhaile, agus díoladh an duine suim a luacha an lá sin mar dhéanfadh ar rud coisricthe don Tiarna.
24. I mbliain na hiubhaile fillfidh an gort ar an díoltóir, an duine ar leis é de sheilbh oidhreachta.
25. Déantar gach luacháil de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará an seicil.
26. Níl sé de chead ag aon duine céadghin a n-ainmhithe a choisreacan, óir mar chéadghin is leis an Tiarna é ó cheart; cibé acu damh nó caora é is leis an Tiarna é.
27. Más ainmhí neamhghlan é, ní miste é a cheannach ar ais, ar an luach ar ar mheas tú é ach cúigiú leis; mura ndéantar é a fhuascailt, díoltar é ar an luach ar ar mheas tú é.
28. Aon ní a leagann duine faoi bhang don Tiarna, ní féidir é a dhíol ná é a fhuascailt aon chuid dá shealúchas, duine nó ainmhí, nó gort dá oidhreacht. Aon rud a chuirtear faoi bhang, is rud sárnaofa é agus baineann sé leis an Tiarna.
29. Aon duine daonna a chuirtear faoi bhang, atá le scrios ó láthair daoine, ní féidir é a fhuascailt, ní foláir é a chur chun báis.
30. Deachúna uile na talún, más de thoradh na talún más de chnuas na gcrann, is leis an Tiarna iad; tá siad naofa don Tiarna.
31. Más mian le duine cuid dá dheachú a fhuascailt, cuireadh sé a cúigiú léi.
32. Gach deachú tréada agus tána, gach deichiú ainmhí dá ngabhann faoi bhachall an aoire, bíodh sé naofa don Tiarna.
33. Ná bíodh aon togha ná díogha na malartú. Má dhéantar malartú, déantar idir mhalairt ainmhí agus mhalartach a choisreacan don Tiarna, gan cead fuascailte.»
34. Sin iad na haitheanta a d' aithin an Tiarna do Mhaois thar ceann chlann Iosrael ar Shliabh Shíonái.

Salm 29:1-6
1. Salm le Dáiví Tugaigí don Tiarna, a chlann mhac Dé, tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht! Salm 28
2. Tugaigí don Tiarna an ghlóir is díol dá ainm; tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa.
3. Tá glór an Tiarna ar an uisce, tá Dia na glóire ag toirneach, tá an Tiarna os cionn na n-uiscí móra.
4. Tá glór an Tiarna go cumasach, tá glór an Tiarna go maorga.
5. Briseann glór an Tiarna na céadrais, briseann sé céadrais na Liobáine.
6. Cuireann sé an Liobáin ag léim ar nós gamhna agus Sirión ar nós ógdhaimh allta.

Seanfhocal 10:22-25
22. Beannacht an Tiarna a bhronnann saibhreas, agus ní chuireann seisean dólás léi.
23. Is geal leis an amadán an t-olc a dhéanamh; ach teacht ar an eagna is gean le fear na gaoise.
24. An rud is eagal leis an urchóideach, tiocfaidh sé sa mhullach air; ach faigheann an fíréan mian a chroí mar fháltas.
25. Tar éis na stoirme, bíonn deireadh leis an urchóideach; ach bíonn bonn faoin bhfíréan go brách.

Marcas 7:1-13
1. Na Fairisínigh agus cuid de na scríobhaithe a bhí tar éis teacht ó Iarúsailéim, chruinnigh siad le chéile chuige,
2. agus nuair a chonaic siad go raibh cuid dá dheisceabail ag caitheamh a gcoda le lámha neamhghlana, is é sin, le lámha nach raibh nite
3. óir, na Fairisínigh agus na Giúdaigh uile, ní chaitheann siad a gcuid gan a lámha a ní, ag coinneáil traidisiún na sinsear;
4. agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis
5. d' fhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de: «Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamhghlana?»
6. Dúirt sé leo: «Is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibhse, bréagchráifigh, mar atá scríofa: 'Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí;
7. is díomhaoin dóibh bheith do m' adhradh óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.'
8. «Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine, níochán corcán agus cupaí, agus déanann sibh mórán nithe eile den sórt sin.»
9. Agus dúirt sé leo: «Is breá mar a chuireann sibh aithne Dé ar gcúl chun go gcoimeádfadh sibh bhur dtraidisiún.
10. Óir dúirt Maois: 'Tabhair onóir do d' athair agus do do mháthair'; agus: 'An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air.'
11. Ach is é a deir sibhse: Má deir duine lena athair nó lena mháthair: 'Ní ar bith de mo chuidse a d' fhéadfadh dul chun sochair duitse, is Corbán, is é sin, is tabhartas don Tiarna é',
12. ní ligeann sibh dó feasta rud ar bith a dhéanamh dá athair nó dá mháthair,
13. ag cur briathar Dé ar neamhní tríd an traidisiún seo agaibh a fhágann sibh ag bhur sliocht. Agus déanann sibh mórán nithe den sórt sin.»