A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Feabhra 27

Léivític 23:1-44
1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: (Sollúna an Tiarna dá nglaonn tú iad, is tionóil naofa iad.) Seo iad m' fhéilte sollúnta!
3. Déanaigí saothar ar feadh sé lá, ach bíodh an seachtú lá ina lánsaoire, ina lá comhthionóil naofa nach ndéanfar saothar ar bith. Cibé ait ina mbíonn cónaí oraibh, sabóid don Tiarna é seo.
4. Seo iad féilte sollúnta an Tiarna, na tionóil naofa dá ngairfidh sibh clann Iosrael ar an lá ceaptha.
5. An ceathrú lá déag den chéad mhí, idir dhá nóin, sin é Cáisc an Tiarna.
6. An cúigiú lá déag den mhí chéanna féile an tSlimaráin ag an Tiarna; ithigí arán slim ar feadh seacht lá.
7. An chéad lá bíodh tionól naofa agaibh, gan aon saothar trom a dhéanamh.
8. Ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna ar feadh seacht lá; bíodh comhthionól naofa agaibh an seachtú lá, gan aon obair a dhéanamh.»
9. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
10. «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Nuair a théann sibh isteach sa tír atá á thabhairt agam daoibh, agus a fhómhar a bhaint, tugaigí céadphunann bhur bhfómhair go dtí an sagart.
11. Cuireadh sé i láthair an Tiarna í mar dhleacht ar leith, d' fhonn go nglacfaí libh. Amárach na sabóide a dhéanfaidh an sagart an ofráil seo.
12. An lá céanna a dhéanfaidh sibh an dleacht ar leith seo a ofráil, ofrálfaidh sibh uan bliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
13. Sé a bheidh in abhlann an lae sin, dhá dheachú de phlúr mín fuinte le hola, íobairt uileloiscthe a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna. An ofráil dí, bíodh sí d' fhíon, ceathrú hín.
14. Ná hithigí aon arán, aon arbhar tíortha ná aon arán bruite, roimh an lá seo, roimh an ofráil a dhéanamh do bhur nDia. Sin reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.
15. Ón lá tar éis na sabóide, ón lá a thug sibh libh punann na hofrála dleachta, comhairigí seacht lánseachtainí.
16. Comhairigí leathchéad lá go dtí an lá tar éis an seachtú sabóid, ansin ofrálaigí abhlann de ghrán úr don Tiarna.
17. Tugaigí libh ó bhur dtithe, le cur i láthair mar dhleacht ar leith, dhá bhuilín fuinte as dhá dheachú dephlúr mín bruite le gabháile; céadtorthaí don Tiarna iadsan.
18. Fara an arán, ofrálaigí seacht n-uan bliana gan mháchail, tarbh óg agus dhá reithe, mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar aon le habhlann agus íobairt dí, agus íobairt dhóite a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna.
19. Ofrálaigí pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca, agus dhá uan bhliana fhireanna mar íobairt chomaoineach.
20. Cuireadh an sagart i láthair an Tiarna iad mar dhleacht ar leith, mar aon le harán na gcéadtorthaí. Is nithe naofa don Tiarna iadsan agus an dá uan agus fillidís ar an sagart.
21. Bíodh comhthionól agaibh an lá céanna sin, comhthionól naofa; ní dhéanfaidh sibh aon saothar trom. Reacht síoraí é seo do bhur sliocht, cibé áit ina mbeidh cónaí oraibh.
22. Nuair a bhainfidh sibh fómhar bhur bfearainn, ná bainigí go ceann fearainn ar fad é, agus ná cnuasaigí na diasa tar éis an fhómhair. Fágaigí ag an mbochtán agus ag an deoraí iad. Mise an Tiarna bhur nDia.»
23. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair:
24. An chéad lá den seachtú mí, bíodh sé ina shaoire shollúnta agaibh, cuimhneachán fógartha ag séideadh an trumpa, comhthionól naofa.
25. Ná déanaigí obair throm, ach ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.»
26. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
27. «An deichiú lá den seachtú mí Lá an Leorghnímh agaibh. Bíodh comhthionól naofa agaibh. Déanaigí troscadh agus ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.
28. Ná déanaigí aon obair an lá sin, óir is é Lá an Leorghnímh é, ina bhfuil gnás an leorghnímh le comhlíonadh ar bhur son i láthair an Tiarna bhur nDia.
29. Aon duine nach ndéanann troscadh an lá sin, déantar é a ionnarbadh óna phobal;
30. aon duine a dhéanann obair an lá sin scriosfaidh mé ó lár a phobail é.
31. Ná déanaigí aon sórt oibre; is reacht síoraí é sin do bhur sliocht, cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.
32. Bíodh sé seo ina shabóid saoire shollúnta agaibh, agus déanaigí troscadh. Tráthnóna an naoú lá den mhí, uaidh sin go dtí an tráthnóna dár gcionn, bíodh sé ina shabóid agaibh.»
33. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
34. «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: An cúigiú lá déag den seachtú mí seo féile na dTaibearnacal don Tiarna, agus maireadh sé seacht lá.
35. Lá comhthionóil naofa an chéad lá; ná déanaigí aon obair throm an lá sin.
36. Ar feadh seacht lá ofrálaigí íobairtí dóite don Tiarna; ar an ochtú lá bíodh comhthionól naofa agaibh agus déanaigí íobairt dhóite don Tiarna. Ceiliúradh clabhsúir é. Ná déanaigí aon obair throm an lá sin.
37. Sin iad féilte cinnte an Tiarna atá le fógairt agaibh mar thráthanna tionóil naofa chun íobairtí dóite a ofráil don Tiarna, agus uileloiscthigh agus abhlanna, íobairtí agus ofrálacha dí, de réir ghnás gach lae,
38. seachas sabóidí an Tiarna, agus bhur dtabhartais, agus seachas na nofrálacha móide agus deona go léir a dhéanann sibh don Tiarna.
39. Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí, nuair a bheidh torthaí na talún cnuasaithe agaibh, déanaigí féile an Tiarna a cheiliúradh ar feadh seacht lá. Bíodh an chéad lá agus an t-ochtú lá ina lánsaoire.
40. An chéad lá, togaigí torthaí de thogha na gcrann, géaga pailme, craobha crann duilleach, saileoga an tsrutháin, agus déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia ar feadh seacht lá.
41. Déanaigí feile a cheiliúradh don Tiarna ar an gcuma sin ar feadh seacht lá gach bliain. Reacht síoraí é seo do bhur sliocht. Ceiliúraigí í sa seachtú mí.
42. Mairigí faoi scáthláin ar feadh seacht lá; maireadh gach Iosraelach dúchais faoi scáthláin,
43. i dtreo go mba eol do bhur sliocht gur chuir mé d' iallach ar chlann Iosrael maireachtáil faoi scáthláin nua a thug mé amach iad as tír na hÉigipte. Mise an Tiarna, bhur nDia.»
44. Thug Maois tuairisc ar fhéilte sollúnta an Tiarna do chlann Iosrael ar an gcuma sin.

Léivític 24:1-23
1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. «Ordaigh do chlann Iosrael ola ghlan ológ a thabhairt chugat don lóchrann chun go mbeadh solas ar lasadh ann i gconaí.
3. Lasmuigh de fhial na Fianaise, i mBoth na Teagmhála, bíodh Árón i bhfeighil an tsolais seo. Bíodh sé ar lasadh ansiúd i láthair an Tiarna ó nóin go maidin gan teip. Reacht síoraí é sin do bhur sliocht.
4. Coimeádadh Árón na soilse i gcóir ar an gcoinnleoir d' ór glan i láthair an Tiarna i gcónaí.
5. «Gabh chugat roinnt plúir mhín agus bruith dhá bhairín déag de, dhá dheachú d' éafá i ngach ceann.
6. Ansin leag iad ina dhá rang, sé cinn an rang, ar an mbord glan atá i láthair an Tiarna.
7. Cuir túis ghlan le gach rang. Sin é an bia a ofrálfar mar chuimhneachán don Tiarna ina ofráil dhóite.
8. Cuirtear in ord i láthair an Tiarna iad gach sabóid gan teip; cuireadh clann Iosrael ar fáil iad trí chonradh síoraí.
9. Bainidís le hÁrón agus lena chlann mhac agus ithidís iad in áit naofa, óir is roinn shárnaofa aige iad d' íobairtí dóite an Tiarna, dleacht síoraí.»
10. Bhí fear ann arbh Iosraelach mná a mháthair agus arbh Éigipteach a athair. Tháinig sé óna theach amach agus chuaigh faoin gcampa i measc chlann Iosrael agus chrom sé mac na hIosraelaí ar aighneas le hIosraelach sa champa.
11. Ansin thug mac na hIosraelaí diamhasladh don Ainm agus mhallaigh é. Thugadar go Maois é (Sealomaít iníon Dibrí de threibh Dán ainm a mháthar).
12. Chuireadar i gcarcair é go nochtfaí toil an Tiarna dóibh.
13. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
14. «Tabhair an té a rinne an mallú lasmuigh den champa; leagadh gach duine a chuala é a lámh ar a cheann, agus gabhadh an comhthionól go léir de chlocha ann.
15. Ansin abair le clann Iosrael: Aon duine a mhallaíonn a Dhia, iompraíodh sé ualach a pheaca.
16. An té a dhiamhaslaíonn ainm an Tiarna ní foláir dó bás a fháil; caithfidh an comhthionól uile gabháil de chlocha ann. Cibé acu dúchasach nó deoraí é, má mhaslaíonn sé an tAinm, cuirtear chun báis é.
17. An té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é.
18. An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; anam ar anam.
19. Má dhéanann duine a chomharsa a leonadh, déantar leis a ndearna sé,
20. briseadh ar bhriseadh, súil ar shúil, fiacail ar fhiacail. Déantar ciorrú air dála an chiorraithe a rinne sé.
21. An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; agus an té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é.
22. Bíodh an t-aon bhreith agaibh ar dhúchasach agus ar dheoraí; óir is mise an Tiarna bhur nDia.»
23. Nuair a bhí an méid sin ráite ag Maois le clann Iosrael, thugadar an té a rinne an mallú as an gcampa amach agus ghabhadar de chlocha ann. Rinne clann Iosrael mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois ar an gcuma sin.

Salm 28:1-5
1. Le Dáiví. Ortsa, a Thiarna, a screadaim, éist liom, a charraig. Mura n-éisteann tú beidh mé mar dhuine a ghabhann síos san uaigh. Salm 27
2. Éist le glór mo ghuí is mé ag éamh ort a iarraidh do chúnaimh, ' s mé ag tógáil mo lámh chugat, a Thiarna, i dtreo do shanctóra naofa.
3. Ná sciob mé i bhfochair na bpeacach i bhfarradh na n-urchóideach a labhraíonn go cneasta lena gcomharsana agus an t-olc ina gcroí.
4. Tabhair díolaíocht dóibh de réir a ngníomhartha agus mioscais a n-ainbheart. Tabhair luach saothair dóibh de réir obair a lámh: déan an comhar a dhíol leo.
5. Óir is beag acu gníomhartha an Tiarna agus saothar a lámh. Go mille sé iad, is nár thóga sé arís iad.

Seanfhocal 10:17-18
17. An té a ghéilleann don smacht, tá sé ar chosán na beatha; ach an té a dhiúltaíonn don cheartú téann sé amú.
18. Cuireann béal [lucht na córa] gobán ar an bhfuath; is amadán é fear na tromaíochta.

Marcas 6:1-29
1. D' imigh sé as an áit sin agus tháinig sé ina dhúiche féin, agus lean a chuid deisceabal é.
2. Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: «Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha?
3. Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?» Agus ghlac siad scannal ann.
4. Ach dúirt Íosa leo: «Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin.»
5. Agus ní fhéadfadh sé míorúilt ar bith a dhéanamh ansiúd ach amháin a lámha a chur ar bheagán othar agus iad a leigheas,
6. agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh. Agus ghabh Íosa timpeall ar fud na mbailte ag teagasc.
7. Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana.
8. D' ordaigh sé dóibh gan aon ní a bhreith leo i gcomhair an bhóthair ach amháin bata arán ná tiachóg ná airgead sa chrios;
9. ach cuaráin a chur orthu, «agus ná cuirigí dhá ionar oraibh».
10. Agus dúirt sé leo: «Cibé áit a dtéann sibh isteach i dteach, cuirigí fúibh ann nó go mbeidh sibh ag fágáil na háite.
11. Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n-aghaidh.»
12. Agus ar dhul amach dóibh d' fhógair siad aithrí a dhéanamh
13. agus chaith siad amach mórán deamhan agus rinne siad mórán othar a ungadh le hola agus leigheas siad iad.
14. Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: «Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n-oibriú tríd.»
15. Dúirt daoine eile: «Éilias atá ann.» Dúirt daoine eile: «Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.»
16. Ach nuair a chuala Héaród mar gheall air, dúirt: «Eoin úd, ar bhain mé an ceann de, is é atá éirithe.»
17. Óir is amhlaidh a chuir Héaród ordú amach Eoin a ghabháil agus a chur i ngéibheann i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir, mar bhí sé tar éis í a phosadh.
18. Óir dúirt Eoin le Héaród: «Ní ceadmhach duit bean do dhearthár a bheith agat.»
19. Bhí olc ag Héaróidias chuige agus b' áil léi é mharú ach ní fhéadfadh,
20. óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.
21. Agus tháinig uair na faille nuair a thug Héaród fleá, i gcuimhne lae a bhreithe, do lucht a chúirte agus d' oifigigh agus do chinn phobail na Gailíle;
22. agus tháinig iníon Héaróidias isteach agus rinne sí rince, agus thaitin sé le Héaród agus leo seo a bhí ag bord leis. Dúirt an rí leis an gcailín: «Iarr orm cibé ní is mian leat agus tabharfaidh mé duit é.»
23. Agus thug sé a mhionn di: «Cibé ní a iarrfaidh tú orm tabharfaidh mé duit é, go dtí leath mo ríochta.»
24. Ghabh sise amach agus dúirt sí lena máthair: «Cad a iarrfaidh mé?» Dúirt sí siúd: «Ceann Eoin Baiste.»
25. Tháinig sí isteach faoi dheifir láithreach go dtí an rí agus d' iarr air ag rá: «Is mian liom go dtabharfá dom ar mhias gan mhoill ceann Eoin Baiste.»
26. Tháinig buaireamh mór ar an rí, ach mar gheall ar a chuid mionn agus ar na daoine a bhí ag bord, níorbh áil leis dul siar ar a fhocal léi,
27. agus chuir an rí duine den gharda amach láithreach agus d' ordaigh a cheann a thabhairt isteach. D' imigh seisean agus dhícheannaigh sé sa phríosún é,
28. agus thug sé a cheann isteach ar mhias agus thug don chailín é agus thug an cailín dá máthair é.
29. Ar a chloisteáil sin dá dheisceabail, tháinig siad agus thóg a chorp agus chuir i dtuama é.