A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Feabhra 26

Léivític 21:1-24
1. Dúirt an Tiarna le Maois: «Labhair leis na sagairt, clann Árón, agus abair leo gan aon duine díobh á thruailliú féin trí dhul i ngar marbháin dá theaghlach,
2. seachas na gaolta is gaire dhó a mháthair nó a athair nó a mhac nó a iníon, nó a dheartháir.
3. Ní miste dó dul faoi neamhghlaine ar son a dheirféar más ógh í; is gairid é a gaol leis mar go bhfuil sí fós gan céile fir.
4. Ná déanadh sé é féin a thruailliú ar son [deirféar] pósta; d' fhágfadh sin neamhghlan é.
5. Ná cleachtaidís bearradh baithise agus ná gearraidís imill a bhféasóige agus ná ciorraidís a gcorp.
6. Bídís naofa dá nDia agus ná truaillídís ainm a nDé. Is iadsan a thugann chun an Tiarna na híobairtí loiscthe, bia a nDé. Ní foláir iad a bheith naofa dá bhrí sin.
7. Ná gabhaidís chucu mar cheile bean a thruailligh an striapachas, ná bean ar scar a fear léi; óir tá an sagart naofa dá Dhia.
8. Bíodh sé coisricthe agat mar go n-ofrálann sé bia do Dhé. Bíodh sé naofa agat, óir táimse, an Tiarna, a naomhaíonn thú, naofa.
9. Má thruaillíonn iníon sagairt ar bith í féin le striapachas, truaillíonn sí a hathair agus ní foláir í a loscadh le tine.
10. «An sagart a chinneann ar a bhráithre, ar doirteadh an criosma ar a cheann agus a insealbhaíodh, ná mothallaíodh sé a fholt agus ná stolladh sé a chuid éadaigh.
11. Ná téadh sé i ngar corpáin; ná déanadh sé é féin neamhghlan fiú ar son a athar ná a mháthar.
12. Ná gabhadh sé amach ón áit bheannaithe agus ná truaillíodh sé sanctóir a Dhé; óir iompraíonn sé coisreacan a Dhé air féin, an coisreacan a rinneadh air le hola. Mise an Tiarna.
13. «Bean atá fós ina maighdean ní foláir dó a ghabháil chuige mar chéile.
14. Bean atá ina baintreach, nó scartha óna céile, nó truaillithe ag striapachas, ná pósadh sé, ach maighdean dá mhuintir féin bíodh aige mar bhean.
15. Ná truaillíodh sé a shliocht i measc a mhuintire, óir is mise an Tiarna a naomhaíonn é.»
16. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
17. «Abair le hÁrón: Aon duine ar do shliocht, in aon ghlúin má bhíonn iomard air, ná tagadh sé agus bia a Dhé a ofráil.
18. Ná tagadh aon duine i ngar ar a bhfuil iomard mar dhaille nó coiscéim bhacaí, nó atá ciorraithe nó míchumtha,
19. nó leonta ó chois nó ó láimh,
20. nó atá ina chruiteachán nó ina fhíothal, ná aon duine ar a bhfuil máchail radhairc nó craicinn, nó cneá shilidh, ná atá coillte.
21. Aon duine de shliocht Árón an sagart, ná tagadh sé agus íobairtí loiscthe an Tiarna a ofráil má bhíonn aon iomard air; ná tagadh sé i láthair chun bia a Dhé a ofráil má bhíonn iomard air.
22. Is ceadmhach dó bia a Dhé a ithe, idir shárnaofa agus naofa,
23. ach ná tagadh sé i ngar don fhial agus ná druideadh sé leis an altóir mar go bhfuil iomard air; ná truaillíodh sé na nithe naofa agam; óir is mise an Tiarna a naomhaigh iad.»
24. D' inis Maois an méid sin d' Árón agus dá mhic, agus do chlann Iosrael go léir.

Léivític 22:1-33
1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. «Abair le hÁrón agus lena chlann iad féin a naomhú trí íobairtí naofa chlann Iosrael, agus gan iad a thruailliú m' ainm; ar mo shonsa déanaidís é a naomhú; mise an Tiarna.
3. Abair é seo leo: Aon duine ar do shliocht, in aon ghlúin, má thagann sé i ngar na n-íobairtí naofa a choisric clann Iosrael don Tiarna agus neamhghlaine air, déantar an duine sin a dhíbirt ó mo láthair. Mise an Tiarna.
4. Aon duine de shliocht Árón ar a mbíonn lobhra nó sileadh cneá, ná hitheadh sé na nithe naofa go nglantar é. Aon duine a bhaineann le rud a fágadh neamhghlan ag corpán, nó duine a chailleann síol,
5. nó a dhéantar neamhghlan trí bhaint le snáfach éigin, nó le duine eile a d' fhág air a neamhghlaine féin, cibé sórt í
6. sea, aon duine a raibh caidreamh den sórt sin aige, bíodh sé neamhghlan go nóin, agus ná hitheadh sé na nithe naofa gan a chorp a ní le huisce.
7. Tar éis don ghrian dul faoi, bíodh sé glan agus ní miste dó na nithe naofa a ithe ós iad is beatha dó.
8. Ainmhí a fuair bás uaidh féin, nó a stoll ainmhithe allta, ná hitheadh sé é; d' fhágfadh sin neamhghlan é. Mise an Tiarna.
9. Coimeádaidís mo rialacha, agus ná gabhadh aon chiontacht iad; má bhriseann siad iad, gheobhaidh siad bás; is mise an Tiarna a naomhaíonn iad.
10. Na hitheadh coimhthíoch na nithe naofa; agus ná hitheadh aoi sagairt iad ná fostúch leis.
11. Ach má bhíonn daor a cheannaigh sé ag sagart, ní miste don daor sin iad a ithe, dála an té a rugadh ina theach; óir caitheann siadsan a bhia féin.
12. Má phósann iníon sagairt coimhthíoch, ná hitheadh sí an roinn naofa a cuireadh i leataobh.
13. Ach má chailleann sí a fear nó má scarann sé uaithi, agus í gan leanbh, agus go bhfilleann sí ar theach a hathar mar a bhí aici ina hóige, ní miste di bia a hathar a chaitheamh. Ná hitheadh aon choimhthíoch é.
14. Má itheann duine rud naofa gan fhios, déanadh sé é a aisíoc leis an sagart agus cúigiú dá luach de bhreis leis.
15. Ná truaillídís na híobairtí naofa a chuir clann Iosrael i leataobh don Tiarna;
16. d' fhágfadh sé coir orthu iad sin a ithe, rud a d' éileodh íobairt leorghnímh; óir is mise an Tiarna a naomhaigh na híobairtí seo.»
17. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
18. «Abair é seo le hÁrón, lena chlann mhac, agus le clann Iosrael: Nuair a dhéanann aon duine de theaghlach Iosrael nó aon duine de na deoraithe in Iosrael, ofráil a thabhairt ar son móide nó mar íobairt dheonach le hofráil don Tiarna mar íobairt uileloiscthe,
19. ní mór dó, má tháthar le glacadh leis, fireannach gan mháchail a ofráil, damh nó caora nó gabhar.
20. Ná híobraígí aon ní ar a bhfuil máchail óir ní ghlacfaí leis ar bhur son.
21. Nuair a ofrálann duine íobairt chomaoineach don Tiarna, mar chomhlíonadh móide nó mar íobairt dheonach, bíodh an t-ainmhí más den tréad nó den táin é foirfe má tháthar chun glacadh leis; bíodh sé gan mháchail.
22. Ainmhí dall, bacach, nó ciorraithe, ainmhí le neascóidí le tochas nó le gearba, ná hofrálaigí don Tiarna é. Ná leagaigí aon ruainne d' ainmhí den sórt sin ar an altóir mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
23. Damh nó uan a bheadh ina fhíothal nó míchumtha, ní cás duit é a ofráil mar íobairt dheonach, ach ní ghlacfar lena leithéid mar fhuascailt mhóide.
24. Ná hofrálaigí don Tiarna aon ainmhí le margairlí brúite, briste, gearrtha anuas nó gonta; ná déanaigí amhlaidh in bhur dtír féin
25. agus ná glacaigí lena leithéid ó lámha deoranta le hofráil mar bhia do bhur nDia. Ainimh í a máchail a d' fhágfadh nach nglacfaí leo ar bhur son.»
26. Labhair an Tiarna le Maois, agus dúirt:
27. «Lao, uan, nó meannán, fanadh sé seacht lá lena mháthair tar éis a bhreithe. Ón ochtú lá amach, beidh sé inghlactha mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
28. Ach ná maraigh an mháthair, más bó más caora, ar an aon lá lena hóg.
29. Má ofrálann sibh íobairt bhuíochais don Tiarna, ofrálaigí í ar mhodh inghlactha.
30. Ní foláir í a ithe an lá céanna gan aon chuid di a choimeád go maidin. Mise an Tiarna.
31. «Coimeádaigí m' aitheanta agus déanaigí dá réir. Mise an Tiarna.
32. Ná truailligí m' ainm naofa d' fhonn go naomhófaí mé i measc chlann Iosrael; mise an Tiarna a naomhaíonn sibh.
33. Mise a thug amach sibh ó thalamh na hÉigipte le bheith mar Dhia agaibh. Mise an Tiarna.»

Salm 27:11-14
11. Tabhair eolas do shlí dom, a Thiarna, cuir sa bhóthar réidh mé, d' ainneoin mo naimhde;
12. agus ná tabhair suas mé a Dhia, do thoil m' eascairde. D' éirigh finnéithe falsa i m' éadan, agus lucht an fhoréigin.
13. Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna i dtír na mbeo.
14. Fan leis an Tiarna go meanmnach; bíodh misneach i do chroí. Cuir do dhóchas sa Tiarna.

Seanfhocal 10:13-16
13. Bíonn an eagna le fáil i mbéal an tuisceanaigh; ach an bata ar dhroim an duine éaganta.
14. Cuireann lucht na heagna an t-eolas i dtaisce; ach leanann an tubaiste go dlúth ar an mbéal baoth.
15. A mhaoin is cathair dhaingean ag an duine saibhir; ach milleann a mbochtaine na bochtáin.
16. Tuilleann a thuarastal beatha don fhíréan; ní bhíonn ach [an bás] mar luach saothair ag an urchóideach.

Marcas 5:21-43
21. Ar theacht trasna do Íosa sa bhád go dtí an taobh eile, bhailigh slua mór ina thimpeall, agus bhí sé le hais na farraige.
22. Tháinig duine de chinn urra na sionagóige, arbh ainm dó Iáras, agus ar a fheiceáil dó, chaith sé é féin ag a chosa
23. agus rinne achainí go crua air ag rá: «Tá m' iníon bheag ar phointe an bháis. Tar agus cuir do lámha uirthi chun go mbeadh sí slán agus go mairfeadh.»
24. D' imigh sé lena chois agus bhí slua mór á leanúint agus bhí siad ag plódú air.
25. Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag,
26. agus a bhí tar éis mórán a fhulaingt óna lán lianna agus a raibh aici a chaitheamh, agus nárbh fhearrde í é, ach gur mhó a bhí sí ag dul in olcas,
27. nuair a chuala sí scéala mar gheall ar Íosa, tháinig sí taobh thiar de sa slua agus bhain sí lena bhrat;
28. mar dúirt sí: «Má bhainim lena chuid éadaigh fiú amháin, beidh mé slán.»
29. Agus stad an doirteadh fola aici láithreach, agus mhothaigh sí ina corp go raibh sí leigheasta óna gearán.
30. Ach d' airigh Íosa ann féin go ndeachaigh brí amach uaidh, chas sé timpeall láithreach sa slua agus dúirt: «Cé bhain le mo chuid eádaigh?»
31. Dúirt a dheisceabail leis: «Feiceann tú an slua ag plódú ort, agus deir tú 'Cé bhain liom?'»
32. Agus dhearc sé ina thimpeall féachaint cé rinne é.
33. Ach ó thuig an bhean cad a bhí déanta inti, tháinig sí go critheaglach agus chaith í féin síos roimhe agus d' inis an fhírinne go léir dó.
34. Dúirt sé léi: «A iníon, do chreideamh a shlánaigh thú. Imigh leat faoi shíocháin, agus bí slán ó do ghearán.»
35. Le linn dó bheith ag caint tháinig daoine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: «Tá d' iníon tar éis bháis; cén fáth a mbeifeá ag cur as don Mháistir níos mó?»
36. Ba chlos d' Íosa an comhrá agus dúirt le ceann urra na sionagóige: «Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid.»
37. Agus ní ligfeadh sé do dhuine ar bith dul leis ach Peadar agus Séamas agus Eoin deartháir Shéamais.
38. Ar theacht dóibh go dtí teach cheann urra na sionagóige, chonaic sé an callán agus na daoine ag gol agus ag olagón go hard.
39. Agus ar dhul isteach dó dúirt sé leo: «Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh calláin agus ag gol? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.»
40. Agus bhí siad ag fonóid faoi. Ach chuir sé amach iad uile, agus rug sé leis athair agus máthair an linbh agus iad seo a bhí leis, agus chuaigh isteach mar a raibh an leanbh ina luí.
41. Agus rug sé greim láimhe uirthi agus dúirt léi: «Talitá cúm» focal a chiallaíonn: «A chailín bhig, deirim leat, éirigh!»
42. D' éirigh an cailín agus shiúil sí thart, mar bhí sí dhá bhliain déag. Agus bhí ionadh agus alltacht orthu.
43. Ach chuir sé mar acht orthu go crua gan a fhios seo a bheith ag aon duine, agus dúirt rud le hithe a thabhairt di.